Ba é seo an sagart a dheonaigh a chuid airgid chun go mbeadh clólann Ghaeilge i Lováin. Scríobh an tAthair Felim Ó Briain cuntas air (’Robert Chamberlain, O.F.M.’) in Irish Ecclesiastical Record XL, Meán Fómhair, 1932 agus tá cuntas air in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 in eagar ag Cuthbert Mhág Craith. Sean-Ghaill a d’fhan ina gCaitlicigh ba ea muintir Chamberlain. I Ráth Nístin, paróiste Bhaile Philib, i gContae Lú a rugadh é. Tuairimítear gurbh Arthur ainm a athar agus gurbh in é an fáth ar ghlac sé le Mac Artúir mar shloinne. Bhain sé dochtúireacht sa diagacht amach in Salamanca tar éis a oiliúna ann 1594–98 agus oirníodh ansin é do dheoise Ard Mhacha. Tháinig sé ar ais go hÉirinn i 1599 agus bhí ina a anamchara ag Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain. Ba é a scríobhadh litreacha Uí Néill chuig Rí na Spáinne. De réir tuairiscí Iarla Essex ba é a thioncharsan a d’fhág nach raibh Ó Néill sásta teacht chun réitigh leis an mBanríon Eilís. Ba iad Mac Artúir agus Matthew de Ovieda, Froinsiasach Spáinneach a bhí ina easpag ar Bhaile Átha Cliath, a cuireadh chun na Spáinne in Eanáir 1601, ar dá thoradh a tháinig fórsa ón Spáinn faoi Áquila go Cionn tSáile.

Bhí sé ina oide le diagacht in ollscoil Salamanca i 1604–5. De réir na teistíochta a rinne Niall Garbh Ó Domhnaill ar 7 Lúnasa 1606 bhí Mac Artúir gníomhach i Sasana (’That one Robert McArthur, a Jesuit, is now in England, in the habit of a captain, and doth from thence advertise the Earls of all occurences’). Bhí Énrí Ó Néill, mac an Iarla, i gceannas ar reisimint Éireannach in Ísiltír na Spáinne agus bhí dlúthchairdeas eatarthu. I nDeireadh Fómhair na bliana 1607 bhí Roibeard agus Flaithrí Ó Maoil Chonaire in Douai chun fáilte a chur roimh larlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill agus b’fhéidir go ndeachaigh sé leo go dtí an Róimh. In The Louvain papers 1606–1827, 1968 in eagar ag Brendan Jennings luaitear ’Dominus Robertus Chamberlain’ mar dhuine de na chéad nóibhisigh i Lováin, Gairid i ndiaidh dó dul isteach san ord Froinsiasach i 1610 is ea a ceapadh ina ollamh le diagacht i Lováin é. Lean sé air ag cuidiú le hAodh Ó Néill agus thugadh cuairt air. Tuairimíonn C. P. Meehan in Fate and Fortune of Hugh O’Neill, Earl of Tyrone and Rory O’Donnel, Earl of Tyrconnel, 1868 go raibh sé sa láthair agus Ó Néill ag saothrú an bháis. D’fhill sé ar Lováin ina dhiaidh sin. Scríobh sé dán a thaispeánann gur bheag air an tseirbhe a bhain le hIomarbhá na bhFilí agus gur thrua leis an dímheas a tharraingeodh an chointinn ar chine Gael. Ach níl Mhág Craith sásta ar fad gurbh é a chum é. Ar fhianaise a thiomna ní raibh Gaeilge sách maith aige. Ach tuairimíonn sé, más é Mac Artúir a chum, go bhfuair sé teagasc ón bhfile Eoghan Rua Mac an Bhaird. Tá fianaise éigin ann gurbh é Flaithrí Ó Maoil Chonaire a chum cibé filíocht a leagtar air (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 le Pádraig A. Breatnach agus Mhág Craith [op. cit.]). Tá léirithe ag Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 an tábhacht áirithe chomhaimseartha a bhain leis na dánta sin a leagtar air.

Scríobh sé dhá thráchtas diagachta: ’De Scientia Dei’ agus ’De Futuribus Contingentibus’. Ní raibh sé sásta glacadh le haon phost sinsearach san ord agus dhiúltaigh sé a bheith i gceannas ar an gcoláiste. Mhol daoine tábhachtacha áirithe, iníon Rí na Spáinne, an Infanta Isabella, ina measc, go gceapfaí ina ardeaspag ar Ard Mhacha é i 1627. D’impigh cléir Ard Mhacha ar an bPápa é a cheapadh. Bhagair sé go n-imeodh sé i bhfolach dá leanfaí leis an bhfeachtas. Deir Mhág Craith go raibh Flaithrí Ó Maoil Chonaire in aghaidh an cheapacháin ar an ábhar nach bhféadfadh Mac Artúir filleadh ar Éirinn.

Gabhadh sagart ar ar thug na húdaráis ’Robert Arthurs’ i ruathar ar shéipéal na bhFroinsiasach i Sráid na gCócairí i mBaile Átha Cliath i 1630, ach níltear cinnte de gurbh é an Roibeard s’againne é. D’éag sé i Lováin 11 Meitheamh 1636. Mar ba ghnás ag Froinsiasaigh, rinne sé a uacht (i gcló in The Irish Book Lover, Sept-Oct 1932 agus in aiste Fhelim Uí Bhriain) agus é ar tí a phroifisiún a thabhairt mar Fhroinsiasach. Bhí pinsean aige ó Rí na Spáinne agus d’fhág sé sin chun go gcuirfí foireann den chló Gaelach ar fáil agus ’neithe do chur i gcló do rachas a nonóir do Dhia, a gclú dár nasion agus d’órd San Pronsias.’ Ag mainistir Fhroinsiasach Dhroichead Átha a d’fhág sé a leabhair. Bhí sé ar dhuine den bheirt a ceapadh mar chinsirí ar an gcéad leabhar a tháinig ó chlólann Lováin, An Teagasg Criosdaidhe ... a scríobh Giolla Brighde Ó hEodhasa.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú