Is dó a tionscnaíodh ‘Duanaire Mhéig Uidhir: the poembook of Cú Chonnacht Mág Uidhir, Lord of Fermanagh 1666–1589’, 1972 in eagar ag David Greene). Duanaire eisceachtúil sainiúil é sa mhéid gur dánta molta Chúchonnacht amháin atá ann, 24 dán díobh. I measc na bhfilí a bhfuil dánta acu ann tá: Fearghal Óg Mac an Bhaird agus Uilliam Óg Mac an Bhaird, Eochaidh Ó hEodhasa agus Muiris Ó hEodhasa, Conchobhar Crón Ó Dálaigh, Irial Ó hUiginn, Maoilín Ó an Cháinte; Cúchoigriche agus Giolla Riabhach Ó Cléirigh, Iollan Ó Domhnalláin; Irial agus Seán mac Ruaidhrí Óig Ó hUiginn.

I 1566 maraíodh a dheartháir Seán agus é ag saighdiúireacht in arm na banríona agus ba é Cúchonnacht a tháinig i gcomharbacht air. ‘Fortunate and unscrupulous’ an cur síos a dhéanann Greene air. Ar feadh cuid mhór dá thiarnas bhí sé idir tine agus fraigh: Toirealach Luineach Ó Néill agus Sasanaigh araon ag brú air. Ach d’éirigh leis an gcruachás a chur chun tairbhe dó féin. Ghearáin sé uair le Sir Henry Sidney go raibh Ó Néill ag at le mórtas, nach dtugadh sé aird ar aon socrú a rinne Sidney d’fhonn Cúchonnacht a chosaint, agus bhagair sé mura seasfadh Sidney in aghaidh ghangaid Uí Néill, go dtiocfadh sé ina aiféala ar na Sasanaigh ar ball. Deir Greene: ‘The English were willing to overlook the past in order to ensure at least the neutrality of Cú Chonnacht’s highly strategic border area and their support enabled him to hold his own against his threatening neighbours.’ Thug sé suas a thailte i 1586 don rialtas chun go n-atíolaicfí iad. Ach mar sin féin thug na Sasanaigh aitheantas an bhliain dár gcionn d’ardtiarnas Thoirealaigh Uí Néill ar Fhear Manach.

Is mar seo a cuireadh síos air faoin mbliain ‘Aois Chríost, 1589’ in Annála Ríoghachta Éireann: ‘Maguidhir Cúchonnacht mac Conchonnacht (.i. an comharba), mic Conchonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomáis d’éag 17 Iún, tiama ar thíolacadh d’eaglaisigh, agus d’ollúna, d’amhais, agus d’ánraidh, saoi foghlamtha friochnamhach i Laidin agus i nGaeilge...’. Is léir ar a fhéile a chaitheadh sé le heaglaisigh agus le filí go raibh a shá de mhaoin an tsaoil aige. Lig Agaistinigh do mhainistir Lios Gabháil titim chun raice agus rinne sé é a atógáil agus a athchóiriú agus bhronn ar na Froinsiasaigh é (ann a rinne na Ceithre Máistrí cóip de Leabhar Gabhála Éireann) (‘The Lisgoole Agreement of 1580’ le K.W. Nicholls in Clogher Record, 1969). A mhac Aodh a tháinig i gcomharbacht air in ainneoin fhreasúra Chonchubhair Rua Mhig Uidhir. Bhí Eochaidh Ó hEodhasa ina ollamh agus ina chara ag an Aodh sin (d’éag 1600) agus is é Aodh atá i gceist ina dhán mórchlúiteach. ‘Fuar liom an adhaighsi d’Aodh’. Duine de mhná céile Chúchonnacht ba ea Nuala, iníon le Maghnas Ó Domhnaill agus ba í siúd máthair Aoidh. Bhí Cúchonnacht pósta ina dhiaidh sin ar Mhairéad, iníon le Seán Ó Néill (d’éag 1567) agus b’in í máthair Bhriain Mhig Uidhir (1585–1655) .

Pléann Marc Caball (Poets and politics: reaction and continuity in Irish poetry, 1558–1625, 1998 agus Michelle O Riordan (The Gaelic mind and the collapse of the Gaelic world, 1990) cuid dá bhfuil sa Duanaire maidir le meon na bhfilí. Is é a deir Greene faoi na dánta: ‘It will not surprise anybody familiar with the conventions of bardic poetry that the poems betray no hint of Cú Chonnacht’s equivocal and dangerous political situation, balanced precariously between O’Neill and the English. On the contrary, all of them assume that the Lord of Fermanagh is superior over Ulster and that all the rest of Ireland willingly pays tribute to him.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú