Ag Éamon Ó Ciosáin in An t-Éireannach, 1934-37 nuachtán sóisialach Gaeltachta, 1993 tá an cur síos seo a rinne Seán Beaumont air: ‘Ní chuile lá a chasfaí scríbhneoir mar “Sliabh Chairn” i líon duine. Tá modh taitneamhach scríbhneoireachta aige, Gaeilge líofa, rith cainnte, agus gan dearmad, stór mór seanchais agus eolais’. I gceantar Ghaoth Sáile a rugadh é ar 2 Lúnasa 1902. B’as Dumha Thuama dá mháthair Bridget Maguire agus feirmeoir agus iascaire a athair Paddy. Bhí deartháir amháin aige agus triúr deirfiúracha. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse. Bhí teastas múinteoireachta aige ó Choláiste Thuar Mhic Éadaigh agus bhí ina mhúinteoir taistil faoin gcomhairle contae agus ina mhúinteoir gairmscoile i mBéal Átha na Muice, Cill Cheallaigh agus Cill Mobhí. Ba é a bhunaigh Feis Bhéal an Átha. In Western People i ndiaidh a bháis dúradh go raibh sé ina phríomhoide i gCeardscoil Acla sular aistrigh sé go Béal an Átha in 1939.

Sholáthraíodh sé nuacht agus aistí faoi Ghaeltacht Mhaigh Eo go rialta sa pháipéar An t–Éireannach. Sraith fhada aistí ann ba ea Fánaidheacht i gCondae Mhuigheo. D’fhoilsigh an Gúm leagan ciorraithe di in 1944. I ndiaidh na sraithe sin, foilsíodh roinnt ‘Sgéalta Sidhe an Iarthair’ agus ‘Filí Chondae Mhuigheo’ leis in An t–Éireannach. Lean sé air ag scríobh seanchais agus ag cumadh scéalta sa mhúnla traidisiúnta, agus thug an Gúm Idir talamh is tráigh: gearr-scéalta agus seanchas amach in 1953. Scríobh sé freisin Dhá chrann na marbh; agus An marcach dubh (gearrscéalta). Scríobhadh sé faoin ainm cleite ‘Préachán Néifinne’ in Western People. Bhíodh aistí aige freisin in Scéala Éireann. Chraoladh sé cainteanna ar Radio Éireann.

Phós sé Úna Hennigan ar 26 Lúnasa 1941 agus bhí naonúr gasúr acu. D’éag sé ar 14 Bealtaine 1969 san Ospidéal Réigiúnach i nGaillimh. Tá sé curtha i Reilig na Léige, Leacht Dá Mhanach, Béal an Átha. ‘Séamus Mac Dhuibhir’ an leagan den sloinne a bhíonn in An t–Éireannach. ‘Mag Uidhir’ atá ar leathanach teidil Fánaidheacht i gCondae Mhuigheo (1944). Tá léirmheas fada anailíseach ar eagrán 1994 ag Uaitéar Mac Gearailt in Teangeolas Uimhir 34 1995. Tuairimíonn sé i dtaobh Mhig Uidhir: ‘Tá an chosúlacht air go bhfuair sé oiliúint éigin mar sheandálaí. Déanann sé cur síos cruinn ar fhothracha mainistreacha, leachtanna, seanreiligí agus a leithéid ar an bhFál Mór, i Mainistir na Croise, agus ar Inis Gluaire . . . agus an tuairimíocht i dtaobh na ndreamanna a chuir fúthu ar an gcósta...’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú