Chuir an Brian seo leabhair mar ‘An Leabhar Gabhála’ agus ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ á gcóipeáil. Bhí ollamh aige, Pádraig Ballach Ó Luinn, agus scríobhaí, Brian óg Ó Cianáin, chun an obair sin a dhéanamh. Chum Eochaidh Ó hEodhasa agus Brian Ó Corcráin dánta dó. Is leis go príomha a bhaineann aiste an Athar P. Ó Gallachair in Clogher Record, 1959 (‘The First Maguire of Tempo’) agus tá eolas i gcló ag Pól Breathnach san aiste ‘The Maguires and Irish Learning’ in The Irish Book Lover, Eanáir 1940 agus in Irish Ecclesiastical Record, Eanáir-Meitheamh, 1922.

Ba mhac é le Cúchonnacht Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach (d’éag 1589) agus a bhean Mairéad, iníon leis an taoiseach Seán Ó Néill a d’éag 1567. Ba leasdeartháir é dá réir sin le hAodh Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a maraíodh sa chogadh ar 1 Márta 1600 i gCorcaigh, agus ba dheartháir é lena chomharbasan, Cúchonnacht óg, a d’imigh chun na Mór-roinne leis na hIarlaí. Bhí meas dílseora air ag an rialtas; fuair sé post mar choimisinéir contae, mar a fuair Brian Rua (1589–1632), agus faoi Phlandáil Uladh bhí 2,000 acra aige i dTulach Mhaol agus san Iompú Deisceal, móide 500 acra nuair a fuair a dheartháir Toirdhealbhach bás. Phós sé Susanna, iníon leis an gCalbhach Ó Conchubhair, Co. Ros Comáin.

'The King’s Maguire’ a thugann Ó Gallachair air agus é ag cuimhneamh, ní foláir, gur 'The Queen’s Maguire’ a thugtaí ar athair Bhriain Rua: tugann sé 'Tadhg an Dá Thaobh’ air freisin agus tá fianaise gur thug sé eolas don rialtas i dtaobh éirí amach a bheith á bheartú i 1641. Ina ainneoin sin ní raibh a fhios go cinnte ag an rialtas go dtí lár 1642 go raibh sé ag tacú leo. Bhí a mhac Aodh páirteach san éirí amach agus maraíodh é i Scairbh Sholais, Co. Dhún na nGall, ar 21 Meitheamh 1650 nuair a bhris Sir Charles Coote cath ar an Easpag Éimhear Mac Mathúna. Bhí drochamhras ar Bhrian gur thug sé eolas i dtaobh ghluaiseachtaí Mhic Mhathúna don namhaid. D’iarr sé ar an gComhlathas cúiteamh a thabhairt dó i ngeall ar na seirbhisí a thug sé dóibh. D’éag sé ar 24 Aibreán 1655. A gharmhac Cúchonnacht Mór Mag Uidhir a bhí mar chomharba air agus maraíodh eisean ag troid in arm Shéamuis II in Eachroim. Deirtear gur dá mhacsan Brian (d’éag Deireadh Fómhair 1712 i gcaisleán Thulach Mhaol) a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhallán an fonn a bhfuil a ainm mar theideal air; tá dán ('Faoilidh Fir-mhanach a nocht’) a chum Éamonn Ó Caiside dó in eagar ag L.C. Stern in Zeitschrift für celtische Philologie II, 1898. Garmhac le Cúchonnacht Mór ba ea an Coirnéal Aodh Mag Uidhir (d’éag 1763). Deir Donal O’Sullivan faoi in Carolan: the Life Times and Music of an Irish Harper, 1958: 'It is necessary here to digress in order to say something of the career of this bad man, who may be the prototype of Barry Lyndon in Thackeray’s novel of that name...’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú