I Ráth Maonais, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar an 28 Iúil 1880. Ba é Terence O’Toole ó Ráth Bhile, Co. Cheatharlach, a athair. Deartháir é sin le Eamon O’Toole, máistir scoile Ráth Bhile a scríobh The Holy wells of Carlow (1937). Bhí naonúr díobh (beirt a d'éag go hóg), idir dheartháireacha is dheirfiúracha, agus cés moite den mháistir scoile, d’imigh siad go léir go Meiriceá. Bhí Terence pósta ar Mary O’Driscoll, banaltra ospidéil, iníon le Edward O’Driscoll ó Bhaile an tSeiscinn i gCill Mhantáin. Bhí beirt eile clainne ag Terence agus Mary, James a bhí níos sine ná Éamonn, agus Mary. I ndiaidh do Terence imeacht go Meiriceá thug an mháthair a clann óg chun cónaithe lena deartháir John a bhí ina mhaor ag an Tiarna Dufferin i gClann Aodha Buí i gContae an Dúin.

Tá leabhar staire a bhí i seilbh an uncail mar fhianaise ar an spéis a bhí aigesean i stair na hÉireann. Is dóigh gur fhreastail Éamonn ar an scoil áitiúil. Tuairímitear gurbh é an Tiarna Dufferin a shocraigh le muintir Hutton, déantóirí cóistí i mBéal Feirste, go mbeadh printíseacht aige leo.

Agus é fós sna déaga chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge. I dtuairisc ar imeachtaí Chraobh an West End in An Claidheamh Soluis deirtear go raibh “E. O’Toole” sa láthair ar 22 Márta 1900. Bhí “Mary O’Toole” éigin ag cruinniú de Chraobh Bhaile Mhic Airt ar 14 Iúil 1900. Ach is é Craobh Lios na bhFiann, Sráid Rosemary, an chraobh den Chonradh is minice a luaitear í gcás Éamoinn.

Dar le Brian Mac Giolla Phádraig (Feasta, Lúnasa 1956) agus le Eleanor Knott (Éigse 8, 1956/7) gurbh ó Bheirt Fhear (Séamus Ó Dubhghaill) a d’fhoghlaim sé an teanga. Oifigeach custaim agus máil ó Chiarraí ba ea Beirt Fhear agus ó 1897 go 1908 is i nDoire a bhí sé ach bhí tamall caite aige ag múineadh ranga i Béal Feirste. Tá tuairim ag a mhac gur chaith Éamonn tamall i nDoire i dtús an chéid. Bhí ‘Edward O’Toole’ ina ionadaí ó chraobh Chill Ria ag mórchomhdháil an Chonartha 1902. Ach tá an áit sin 36 míle ó Dhoire mar a raibh ‘Beirt Fhear’ ina chónaí.

Bhí spéis ag bean de mhuintir Hutton san athbheochan: b’fhéidir gurbh í Mary Hutton í, an bhean a d’aistrigh an Táin, nó Mrs Margaret Hutton a thug tacaíocht airgid do Scoil Éanna. Nuair a chuir sé isteach ar cheann de scoláireachtaí Dhonnchaidh Pléimionn (1867–1900) deirtear gurbh í an bhean seo a d’íoc an costas taistil go Corcaigh.

I 1901 ceapadh é ina mhúinteoir taistil i Muineachán Theas agus i bhFearnmhaí. Cheannaigh a chairde i gCraobh Lios na bhFiann rothar dó. Nuair a osclaíodh Coláiste Gaeilge Chloch Cheannfhaola i 1906 bhí sé i measc na mac léinn ann. Ceapadh é féin ar an bhfoireann teagaisc an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina rúnaí ag an gcoláiste ar feadh tamaill freisin. Idir dhá linn bhí sé tar éis luí isteach ar chanúint Chúige Uladh a fhoghlaim agus a chleachtadh in áit na canúna a d’fhoghlaim sé i dtosach.

Bhí sé ag gabháil den mhúinteoireacht taistil i Muineachán gur éirigh sé as ar 12 Deireadh Fómhair 1910. Thosaigh sé an bhliain sin ag obair i Scoil Éanna agus i gColáiste Laighean. Bhí sé ina oide i Scoil Éanna nuair a bhí Daonáireamh 1911 á dhéanamh. Chuir an t-athrú seo ar chumas dó freastal ar léachtaí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Fuair sé MA sa léann Ceilteach i 1914. Ceapadh é ina Phríomhoide i gColáiste Laighean an bhliain chéanna sin, post a choimeád sé gur ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1929 i gcomharbacht ar Thomás Ó Rathile. Idir dhá linn bhíodh sé ag obair freisin i gColáiste Chaisleán Cnucha mar ionadaí ag Proinsias Ó Fathaigh gur ceapadh é ar fhoireann Choláiste na gCairmilíteach i dTír an Iúir.

I 1925 comhthoghadh é ar an gcoiste a cheap mórchomhdháil den Chonradh chun cóiriú nua agus bealach nua gluaiseachta a mholadh. Is dóigh le Aindrias Ó Muimhneacháin (Dóchas agus duainéis) go raibh sé rúnpháirteach ar feadh an ama le ball eile den choiste, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, sa tuiscint gur ghairid eile go mbunófaí Comhaltas Uladh.

I mbailiú béaloidis, i bhfilíocht Chúige Uladh Theas san 18ú céad, sna hamhráin, sna canúintí agus sna logainmneacha is mó a bhí spéis aige. Chaitheadh sé cibé laethanta saoire a bhí aige ag bailiú ábhair sa Ghaeltacht. Ach go dtí go bhfuair sé an post i gColáiste na Tríonóide ba bheag deis a thugadh an mhúinteoireacht dó chun a aigne a dhíriú ar an obair seo, cé gur foilsíodh a chéad leabhar Rainn agus amhráin i 1923. Bailiúchán é de dhánta ar sna lámhscríbhinní a bhí an chuid ba mhó díobh, dánta a cumadh sa Mhí, in Ard Mhacha agus i . Má tugadh an rothar dó i 1901 is inspéise gur deachtafón a thug a chomhghleacaithe i gColáiste Laighean dó i 1929. Dhírigh sé go hiomlán feasta ar an saothar ba rogha leis. Rinne sé cúram ar leith d’áiteanna a raibh an teanga ag fáil bháis iontu agus dá thoradhsan chuir sé ar fáil dúinn Scéalta Mhuintir Luinigh (1933), ábhar a bhailigh sé i dTír Eoghain, agus bailiúchán a rinne sé sa Chabhán, Seanchas Ghleann Ghaibhle (1934).

Tá liosta a aistí agus na ndánta ar chuir sé eagar orthu in Clár litridheachta agus i leabharliosta Bhest agus tá ar scríobh sé i 1942–1956 liostaithe ag Eleanor Knott in Éigse 8 (1956/7).

Phós sé Emily Noble ó Dhún Laoghaire i 1923. Bhí iníon agus mac acu. Chuaigh sé ar pinsean i Meitheamh 1955 agus d’éag ar 21 Meitheamh 1956.

Chomh maith leis na hailt faoi a luadh thuas scríobh Risteárd Ó Glaisne cuntas air san Irish Times 12 Meitheamh 1955.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú