Tá cuntais ar Uilliam Nuinseann: in Dictionary of National Biography; ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí; ag Éamonn Ó Tuathail in Éigse, earrach 1940 (‘Nugentiana’); ag Gearóid Ó Murchú in Éigse, geimhreadh 1948 (Poems of exile by Uilliam Nuinseann Mac Barúin Dealbhna) agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980. ‘Rebel’ an cur síos air in DNB.

Mar is léir ar an gcuntas ar a dheartháir Criostóir, bhí spéis ag a athair sa Ghaeilge agus d’fhéach sé chuige go mbeadh sí ag a bheirt mhac. Cé go leagtaí an dán aitheanta ‘Diombáidh triall ó thulchaibh Fáil’ ar fhilí éagsúla, Gearóid Nuinseann, ar nia le hUilliam é, agus Seathrún Céitinn ina measc, glactar leis anois gurbh é Uilliam a chum. Tá an dán sin agus dán eile dá chuid ‘Fada i n-éagmais inse Fáil’ in eagar ag Gearóid Ó Murchú. Tá péire eile in eagar ag Éamonn Ó Tuathail: ‘Dursan cuimhne an chompánaigh’ agus ‘Dorcha an lísi ar Loch Éirne’.

Cuireadh oideachas air in Hart Hall, Oxford. Is dóigh gur ag an am seo a chum sé na dánta. Ar 4 Nollaig 1573 d’fhuadaigh sé Janet Marward, banoidhre óg a bhí i dteideal bharúntacht Bhaile Shláine agus a bhí faoi choimirce ag a uncail, Nioclás Nuinseann, agus phós siad. Bhí caisleán agus talamh aige sa Ros in aice Loch Síleann agus ba le Janet Caisleán Scrine. Gabhadh é nuair nár ghlac a dheartháir leis an bhfógra in aghaidh Iarla Dheasmhumhan. Nuair a d’éirigh Caitlicigh na Páile amach faoi cheannas Bhiocúnta Bhealach Conglais i 1580–1, bhí air teitheadh agus thug Toirealach Luineach Ó Néill tearmann dó. Ina dhiaidh sin, toisc a ghéire a bhí polasaí an Tiarna Grey, d’eagraigh sé éirí amach eile. Theip air sin agus bhí sé i gcruachás. Deirtear in DNB: ‘He was exposed without covering to the inclemency of the winter season. His friends were afraid to communicate with him, and though his wife, out of “the dutiful love of a wife to a husband in that extremity”, managed to send him some shirts, she was found out, and punished with a year’s imprisonment’. Le cabhair ó Thoirealach Luineach d’éirigh leis dul go hAlbain agus as sin go dtí an Róimh. Nuair a bhí ionradh na Spáinne ar Shasana á bheartú iarradh a chomhairle. Um Cháisc 1584 dúradh leis dul go Páras mar ar tugadh litreacha dó le hiompar chuig Rí Séamus VI na hAlban. D’fhill sé ar Ulaidh, é gléasta mar bhráthair bocht. Theastaigh ó Sir John Perrot go gcuirfí chun báis é. Ghéill sé ar deireadh nuair a tairgeadh pardún dó. Le cabhair Iarla Urmhumhan fuair Janet seilbh ar a tailtesean. Rinne sé iarracht ar a eastát a fháil ar ais. D’éag sé ar 30 Meitheamh 1625. Bhí triúr mac aige agus tar éis do mhac díobh, James, a bheith ina mharascal i bhfórsaí Chomhchomhairle Chill Chainnigh chaill an chlann a n-eastát oidhreachtúil.

Chum Uilliam dánta Béarla freisin. Dúirt Richard Stanihurst (1547–1618), fear a bhí san ollscoil leis: ‘William Nugent a proper gentleman and of a singular good wit, he wrote in the English toong diverse sonnets’ (i gcló ag Ó Murchú). Chum Giolla Brighde Ó hEodhasa dán do Janet Marwood nuair a d’éag a mac Richard, ‘Deacair suan ar chneidh gcarad’; agus is d’Uilliam a chum sé ‘A sgríbhionn luigheas tar lear’ Irish Bardic Poetry, 1970 le Osborn Bergin) a ndeir Pádraig A. Breatnach faoi ‘gurb é an déantús is cliste agus is ealaíonta’ i measc dánta pearsanta Uí Eodhasa é (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú