Tá dán leis an bhFroinsiasach seo i gcló in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 le Cuthbert Mhág Craith faoin teideal ‘File gan náire’ (‘Gach croicionn libh dár feannadh’). Bhí sé i gcló roimhe sin ag Éamonn Ó Tuathail in Éigse, samhradh 1939. Tá eolas ar a bheatha in Éigse, earrach agus samhradh 1940 ag Cainneach Ó Maonaigh agus Madeleine Ní Dhiomsaigh, agus ag Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980. Glactar leis gurb ionann é agus an Proinsias Doibhlín, file i mBaile Átha Cliath, ar thagair Seón Mac Solaidh dó i litir a chuir sé chuig Risteárd Tuibear i 1718 (i gcló ag Pól Breathnach in Gleanings from Irish Manuscripts, 1919); thabharfá leat ón litir nach foláir nó scríobh sé dánta seachas an ceann atá i gcló.

B’as Co. Thír Eoghain dó. Rinne sé a chuid staidéir i bPrág. Bhí sé ag múineadh diagachta sa Ghearmáin agus bhí ina léachtóir faoi 1693. D’fhoilsigh sé sé leabhar diagachta agus fealsúnachta 1695–1712 agus bhí ina léachtóir i bPrág i rith an ama sin. Bhí ard-cháil air sa Bhoihéim, dar le Mhág Craith, agus deir Ó Maonaigh go raibh mórchaidreamh aige le huaisle na tíre sin. In Seanchas Ardmhacha, 1955 (‘The Franciscan First Order Friary at Dungannon’) tagraíonn Cainneach Ó Maonaigh do litreacha a scríobh sé sa Laidin Feabhra agus Bealtainc 1699: ‘These two letters complain about his having been dismissed unfairly from his post as lector and refers to his years of faithful service and the good work he had accomplished as a teacher and writer.’

Bhí sé ar ais i nDún Geanainn 1712–13 agus bhí ina ghairdian ann i 1714 agus i nDroichead Átha i 1716. Bhí sé ina costos ar an bproibhinse 1717–19. D’fhill sé ar Dhún Geanainn mar ghairdian an bhliain dár gcionn. Cailleadh é idir 5 Márta 1735 agus 6 Meán Fomhair 1736. Deir Ó Tuathail go raibh sé i bPrág le linn do John Toland a bheith ar cuairt ar na Froinsiasaigh ann. Tá ainm Uí Dhoimléin ar cheann de na hainmneacha a cuireadh le teistiméireacht a thug na sagairt don Tuathalánach. Deir Ó Maonaigh: ‘Sa mbliain 1711 a ceiliúradh a iubhaile mar léachtaí san ord, agus fágann sin gur seanfhear críonna a bhí ann nuair a cailleadh é.’ In Seanmhónta Chúige Uladh, 1965 áiríonn Ó Maonaigh cúigear de na Bráithre Mionúra i gCúige Uladh thoir theas a bhí ag saothrú na Gaeilge, Ó Doimhléin ina measc, agus deir: ‘D’fhéadfadh sé gur duine acu seo a chum na seanmónta.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú