Bhí sé ar dhuine de na drámadóirí tosaigh. Dúradh in An Claidheamh Soluis 6 Feabhra 1909 gurbh i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. San iris sin 13 Aibreán 1901 tuairiscíodh go raibh Scoil Leach [sic] na mBocht, Gaillimh, ar na scoileanna a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh agus gurbh é Labhrás Ó Tuathail an múinteoir sa scoil sin. Ní léir aon áit den ainm sin a bheith i nGaillimh. Chaithfeadh gur dhearmad cló é agus gurbh é Teach na mBocht a bhí i gceist. Agus, ceart go leor, i nDaonáireamh 1901 bhí Erwin L. Toole ag múineadh agus ag cur faoi i dTeach na mBocht, Townpark, i gcathair na Gaillimhe. Bhí sé tríocha bliain d’aois agus gan pósadh. I gContae na Gaillimhe a rugadh é agus bhí Gaeilge aige. An t-aon Erwin L. Toole a rugadh i Maigh Cuilinn timpeall 1971 ba é Erwin Lawrence Toole é a rugadh i mBaile na hAille ar 9 Eanáir 1870. Ba iad James Toole, talmhaí, agus Brigid McDonagh, a thuismitheoirí.

Sa Daonáireamh ní thugtaí ach túslitreacha ainmneacha na ndaoine i dTeach na mBocht ach bhí A.H. (10), M.B. (10) agus J.C. (10) i measc na leanaí ann. Bhí Gaeilge acu go léir agus gach seans gurbh iad sin Art Ó hInsí, Máirtín de Búrca agus Seán Ó Cléirigh a bhuaigh duaiseanna úd an Chliabhraigh. An bhliain dár gcionn is é an seoladh a thug Labhrás, agus é ag tabhairt trí scilling do Chiste na Teanga, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh (An Claidheamh Soluis, 1 Feabhra 1902). Tuairiscíodh (idem 2 Aibreán 1904) gur léiríodh a dhráma An Deoraidhe 17 Márta i nGaillimh: ‘In the evening Mr O’Toole’s new play An Deoraidhe was produced in the Town Hall before an audience which packed every part of the building from the front seats to the top gallery. An Irish concert followed. The entertainment was, from every standpoint, the most successful yet given by the Gaelic League in Galway’. Tugadh léirithe eile dó gan mhoill: ag Feis Chonnacht (idem 27 Lúnasa 1904); ag Oireachtas 1905; i gCarna (idem 20 Eanáir 1906); léiriú Scoil Haverstock Hill i mí Bealtaine 1906 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin); ag Feis Chonnacht sa Spidéal (An Claidheamh Soluis 3 Meán Fómhair 1910); léiriú Chraobh an Spidéil ag Oireachtas 1913 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Tá leagan Béarla liostaithe in British Catalogue of Books faoin teideal The Exile, [1907] agus tugtar le tuiscint gurbh i Muineachán a foilsíodh é. D’fhoilsigh Conradh na GaeilgeAn Deoraidhe: dráma in aghaidh imeachta thar sáile, 1906 agus cuireadh an dara heagrán amach roimh dheireadh na bliana. Scríobh an Craoibhín sa réamhrá: ‘Chonaic mé An Deoraidhe i nGaillimh anuraidh agus is iomdha gáire do bhain sé asam. Bhí greann agus brón ann agus bhí teagasc slán folláin ann. Gaeilge bhreá so-léite do bhí ann, freisin. Ba mhaith liom é a fheiscint mar leabhar le léamh ins gach aon scoil agus dhéanfadh sé maith mór. Dhéanfadh sé maith ar dhá bhealach; ag múineadh Gaeilge coitinne na tíre do na páistí agus ag cur in iúl dóibh go mb’fhearr fanúint san mbaile ná dul do dtí an tOileán Úr’. Foilsíodh a dhráma Lá an Chíosa in An Claidheamh Soluis 24 Deireadh Fómhair 1903 go 5 Nollaig 1903. Luaitear freisin Ban-Laoch na hÉireann.

Bhí scéim le haghaidh teagasc na Gaeilge curtha ar siúl i Muineachán Thuaidh agus ceapadh Labhrás i gceannas na scéime (An Claidheamh Soluis 3 Samhain 1906). Chuaigh sé ó thuaidh 17 Samhain agus chaith beagnach bliain sa phost. Cuireadh ranganna ar siúl i naoi n-ionad. Bunaíodh craobh i gCluain Eois chomh maith le rang i gcomhair múinteoirí; dúradh ag an am gurbh é an chéad uair é a raibh obair eagraithe ar mhaithe leis an nGaeilge ar siúl sa bhaile sin (idem 24 Samhain). Ní raibh aon mhí nár tuairiscíodh ranganna agus craobhacha a bheith ag dul i líonmhaire. Ansin bhí an scéala seo in An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1907: ‘Lorcán Ó Tuathail—who, by the way, has just brought out an English version of his popular An Deoraidhe—is coming as múinteoir taistil to Cuala. His work in North Muineachán will be taken up by two múinteoirí—it has grown too big for one’. Coiste Chomhairle Chualann a d’fhostaigh é mar mhúinteoir taistil an babhta seo. Cúig scoil náisiúnta i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist: an Baile Breac, Baile Uí Lachtnáin, Tillystown (Seanchill) agus Cúirt an Choirnéil. Mhúineadh sé ar feadh dhá uair an chloig i ngach scoil díobh. Thosaigh sé freisin ag múineadh i gClochar na Trócaire i mBaile an Bhóthair (idem 12 Deireadh Fómhair 1907). Bhíothas ag caint ar an dara múinteoir a cheapadh (idem 18 Eanáir 1908) ach faoi Bhealtaine bhí craobh bunaithe aige i Ráth Fearnáin agus bhí sé le tosú ag teagasc i gClochar Ghlas Tuathail. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gcoláiste oiliúna Dhún Chéirí (idem 10 Deireadh Fómhair 1908), mar chomharba, b’fhéidir, ar Thomás Ó Nualláin.

Niúmóine ba thrúig bháis dó in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath ar 28 Eanáir 1909. Ní raibh sé pósta. Tuairiscíodh an bás in An Claidheamh Soluis 6 Feabhra 1909 agus dúradh gurbh i Maigh Cuilinn a cuireadh é. ‘Tuigfidh Gaeil Chontae Mhuineacháin is Cathrach na Gaillimhe is Coiste Ceantair Bhrí Chualann gur togha na bhfear a bhí ann’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú