Bhí baint mhór aici ar feadh na mblianta le Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, agus tá cuntas uirthi in Coláiste Chonnacht: na blianta tosaigh i dTuar Mhic Éadaigh, 2005 a d’fhoilsigh Coiste Oidhreachta Thuar Mhic Éadaigh. Ba dhuine í den dáréag clainne ag Seán Ó Tuathail agus Sabina Ní Mháille. Duine de mhuintir Uí Mháille Chill Mhaolacháin (feicÓ Máille, Tomás,) ba ea Sabina, rud a fhágann go raibh gaol aici freisin le Séamus Ó Beirn. Is cosúil gurbh i dteach na Máilleach a rugadh Máire thart ar 1871; bhí de nós ag mná ar de Mháilligh Chill Mhaolacháin iad dul abhaile go Cill Mhaolacháin nuair a bhí siad gar dá n-am. In Eanach Mheáin a bhí cónaí ar a tuismitheoirí. Ba ghníomhaire talún ag muintir St. George sa cheantar sin Seán agus nuair a cailleadh é in 1883 tugadh an post dá bhean. Tamall ina dhiaidh sin fuair sí an dara post mar ghníomhaire talún ag muintir Pluincéid i Leitir Móir. Deirtear gurbh i dteach a huncail, Peadar Ó Máille i gCill Mhaolacháin, a cuireadh scolaíocht ar Mháire agus ar a deirfiúr Caitríona. Nuair a tógadh scoil nua in Eanach Mheáin in 1884 ceapadh Caitríona ina múinteoir ann. Ní raibh sise ach sé bliana déag d’aois ach, nuair nár fhéad an sagart paróiste, an tAthair Walter Conway, teacht ar aon mhúinteoir eile is é a dúirt sé gur ocht mbliana déag a bhí sí. Anuas air sin nuair a tholg sí an eitinn is amhlaidh a bhíodh Máire ag déanamh ionadaíochta di. De réir a chéile thóg sí cúram iomlán na scoile uirthi féin, i ngan fhios do na cigirí scoile ach le tacaíocht Conway. Nuair a cailleadh Caitríona lean Máire uirthi ar feadh roinnt blianta ag múineadh i ngan fhios do na húdaráis. Is cosúil gur imigh sí go Meiriceá nuair a tháinig an cur i gcéill chun solais.

Bhí aintín léi in St Paul agus fostaíodh í mar bhunmhúinteoir ann. D’fhill sí abhaile i 1905 agus fuair post múinteora i gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh. Bhí an sagart paróiste, an tAthair Ó Coirbín (d’éag 1 Eanáir 1919) ag fágáil Tuar Mhic Éadaigh agus ag bogadh go Partraí. Thug nia leis,’ Gentleman Jim’ Corbett (1866-1933), curadh dornálaíochta trom-mheáchain an domhain, airgead dó chun cuidiú leis teach nua a thógáil ann. Cheannaigh an tArdeaspag Ó hÉilidhe an seanteach agus is ansin a lonnaíodh an Coláiste. Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 gurbh í Máire an dara hoide a bhí sa choláiste. Ní raibh cáilíocht oifigiúil aici ach bhí ardmheas uirthi mar mhúinteoir agus tugadh aitheantas di mar ollamh Gaeilge. Ar na daoine sin ar chuidigh sí leo bhí a fear gaoil Tomás Ó Máille le linn An Béal Beo bheith á ullmhú aige. Col seisear le Máire ba ea Pádraig Ó Conaire (1882-1928) . Bhíodh seisean ar cuairt ag muintir Uí Thuathail go minic nuair a bhíodh sé ag fanacht lena sheanathair i nGairfeann agus bhí sé ar chomhaois le Tomás, deartháir Mháire, agus an duine ab óige sa teaghlach. Máire a mhúin léamh agus scríobh na Gaeilge do Phádraig agus d’admhaigh seisean sin in Deoraíocht, leabhar ar di a thiomnaigh sé é. Bhí sí ag múineadh i gCraobh na gCúig gCúigí i mBaile Átha Cliath agus i ranganna príobháideacha. Bhí sí cairdiúil le Sinéad de Valera agus le Alice Stopford Green. D’fhanadh sí i dteach Stephen Gwynn i mBaile Átha Cliath agus chaith tamaill mar mhúinteoir baile acu. Bhí post aici tamall mar oifigeach fóirithinte i gceantar Uachtar Ard agus bhí sí ina gníomhaire talún in Eanach Mheáin agus Leitir Móir go dtí 1916. Bhí aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann idir 1923 agus 1930.

I 1921 dódh beairic Thuar Mhic Éadaigh. Cheannaíodh John Joyce, athair William (‘Lord Haw Haw’), na foirgintí dóite sin agus is uaidh a cheannaigh Máire é gur atóg é mar ‘Daingean na nGael’, áit a gcruinníodh lucht an choláiste le chéile. Ar ball bhunaigh sí monarcha cniotála ann a lean go dtí na 1930idí déanacha. Is cuimhin lena muintir Éamon agus Sinéad de Valera a bheith ar cuairt sa mhonarcha agus gur bronnadh saicéid ar bheirt de na hiníonacha. Chaith Máire dhá bhliain i Meiriceá; bhí triúr dá deirfiúracha agus mórán dá col ceathracha thall agus thug sí cuairt orthu go léir. D’éag sí 23 Meitheamh 1954 agus tá sí curtha i dTuar Mhic Éadaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú