NÍ THUATHAIL, Máire (1959–2016)
Le caoinchead ó Sheán Ó Mainnín

Bhí tionchar as cuimse ag Máire Ní Thuathail ar chúrsaí teilifíse i nGaeilge agus bhí saothrú agus ullmhú go leor déanta aici sa réimse go fiú sular bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996. Faoin am sin bhí deich mbliana caite ag Máire ag plé leis na cúrsaí sin. I lár na 1980idí chuaigh sí ag obair mar thaighdeoir le Coco, comhlacht neamhspleách léirithe teilifíse a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus in 1988 bhunaigh sí a comhlacht féin, Eo Teilifís, a raibh a cheanncheathrú ar an Spidéal agus a léirigh cláir i nGaeilge do pháistí, ina measc Kitty Crash, Mise agus Pangur bán agus Mire mara, clár puipéad a bhuaigh an gradam don chlár ab fhearr do dhaoine óga ag Féile na Meán Ceilteach in 1996.

Bhí an-chreidiúint aici i dtábhacht na puipéadóireachta i gcláir Ghaeilge do dhaoine óga agus chruthaigh sí caidreamh le cuid acu siúd a bhí i mbun an chláir cháiliúil Mheiriceánaigh, Sesame Street, a d’fhág gur tháinig siad go hÉirinn lena gcuid scileanna a roinnt léi. Tá breis agus seacht dtír déag ar domhan anois ina mbaintear úsáid as a cuid clár chun tacú le mionteangacha.

Bhí tuiscint ag Máire freisin ar an riachtanas a bheadh ann go mbeadh fáil ar sholáthar oibrithe oilte le hábhar a chur ar fáil do Theilifís na Gaeilge nuair a thiocfadh sé sin ar an aer. Chuige sin, in 1995 bhí sí páirteach i dTionscnamh Oiliúna Euroform. Dá bharr siúd agus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, RTÉ, FÁS, TnaG agus Eo Teilifís, múineadh scileanna léirithe agus teicniúla na teilifíse do ghlúin óg nach raibh a leithéid de sheans acu roimhe: bainisteoirí agus cúntóirí léirithe, ceamaradóirí, oibrithe fuaime, lucht measctha físe agus eagarthóirí.

Le bunú TnaG, ba iad Eo Teilifís i gcomhar le comhlacht eile, Tyrone Productions, a fuair an conradh le sobaldráma a sholáthar don stáisiún agus bhí Máire mar léiritheoir feidhmeach ar Ros na Rún ón gcéad lá go dtí gur buaileadh tinn í in 2016.

I dTuar Mhic Éadaigh i ndeisceart Cho. Mhaigh Eo a saolaíodh Máire Ní Thuathail ar an 29 Iúil 1959, an duine ba shine de sheachtar clainne a bhí ag Tomás Ó Tuathail, tábhairneoir agus fear gnó ar an mbaile agus ag a bhean Bríd Nic Giollarnáth, arbh as Bóthar na Trá, taobh amuigh de chathair na Gaillimhe di ó dhúchas. Ba i dTamhnach in Eanach Mheáin i gConamara a rugadh a seanathair, Tomás Ó Tuathail, freisin agus bhí gaol i bhfad amach idir é féin agus Sean-Phádraic Ó Conaire.

Beirt deirfiúracha, Fionnuala agus Sheila a bhí ag Máire mar aon le ceathrar deartháireacha, Caoimhín, Peadar, Dónal agus Conor. D’fhreastail sí ar an scoil náisiúnta áitiúil ar an Trian Láir agus ba sa pharóiste freisin, i gColáiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, a fuair sí a cuid meánscolaíochta.

Tar éis di céim a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chaith sí trí bliana ag múineadh matamaitice agus eolaíochta i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Ina dhiaidh sin bhí sí fostaithe ag Bord na Gaeilge mar fheidhmeannach oideachais gur shocraigh sí a dhul ag plé le cúrsaí teilifíse, lenar chaith sí an chuid eile dá saol.

Ba é Ros na Rún an coimisiún aonair ba mhó i stair na teilifíse in Éirinn nuair a bronnadh sin ar Eo Teilifís agus ar a bpáirtithe in 1995. Tógadh baile bréige in aice cheannárais an chomhlachta ar an mBaile Ard sa Spidéal agus faoin am a rinneadh ceiliúradh ar bhliain agus fiche a bheith slánaithe ag an gclár in 2016, bhí fostaíocht agus oiliúint faighte ag na céadta duine dá bharr.

Sa bhliain 1997 bronnadh an gradam Bean Ghnó Óg na Bliana ar Mháire Ní Thuathail. Chaith sí seal ina ball den IRTC (an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách), réamhtheachtaí an BAI. Bhí sí ina ball chomh maith de bhoird stiúrtha eagraíochtaí éagsúla eile, ina measc Media Antenna, Screen Producers Ireland agus Fiontar Éireann.

In 2010 bhunaigh sí an nuachtán Gaelscéal i bpáirt leis an nuachtán An Curadh Connachtach. Bhí baint mhór aici, chomh maith, mar chomhléiritheoir leis an gcomhlacht léiriúcháin Rosg, le scéimeanna gearrscannán TG4 ar nós Síol agus Údar.

D’oibrigh sí freisin, mar chomhléiritheoir, ar an tsraith oideachais aitheanta Turas teanga a craoladh ar RTÉ agus ar an tsraith drámaíochta Seacht. I measc na gclár eile a rinne Eo Teilifís bhí Concerto Caitlín Maude, clár faisnéise suaithinseach faoin bhfile as Conamara, a ghnóthaigh duais IFTA in 2005.

Ar na cláir agus ar na sraitheanna eile a léirigh sí bhí Heaicní cois cuain agus Deception. Fiú agus TG4, mar a tugadh ar TnG san athbhrandáil in 1999, ar a chosa, níor laghdaigh an creideamh a bhí ag Máire Ní Thuathail sa tábhacht a bhí le hoiliúint agus le traenáil chun tuilleadh forbartha a chur le hearnáil na teilifíse Gaeltachta agus Gaeilge. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Ghréasán na Meán, ionad traenála ar an Spidéal ina bhfuil oiliúint ar fáil i scileanna na cumarsáide scríofa, labhartha agus físe agus béim faoi leith ar na hilmheáin.

I Seanadh Gharráin ó thuaidh de shráidbhaile an Spidéil a chuir Máire fúithi nuair a d’aistrigh sí go Conamara. Neadaigh sí isteach ansiúd ar a compord i measc a comharsan, ag obair sa ghairdín as a raibh an-phráinn aici agus ag siúl na mbóithríní lena peata gadhair Stocaí, a bhíodh suite faoina cosa ina hoifig gach uile lá.

Bhásaigh Máire Ní Thuathail ar an 19 Meán Fómhair 2016.

Mártan Ó Ciardha

Ailt

  • ‘Máire Ní Thuathail: “Ros na Rún” producer with creative vision’ The Irish Times, 8 Deireadh Fómhair 2016.