Bhí sé ar dhuine de na hÁrannaigh ba mhó sa dara leath den fhichiú haois a raibh cáil na Gaeilge orthu agus sáreolas ar Árainn acu. In Stones of Aran: Labyrinth, 1995 deir Tim Robinson: ‘I never met him, but in his last years we corresponded, and in the remissions of his terminal leukaemia, we mentally revisited all these boreens, one of us in Dún Laoghaire and the other in Connemara, and he wrote out their names for me with voluminous and erudite elucidations.’ Tá cuntas air ag Éamon Ó Ciosáin in Comhar, Samhain 1993.

Tagraíonn Robinson dá shin-sheanathair, Pádraig Ó Tuathail, stiléir iomráiteach poitín ó Mhaigh Chuilinn, Co. na Gaillimhe, a lonnaigh in Árainn timpeall 1815. I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Ní Dhireáin. San alt ‘Cloichín ar Charn’, Comhar, Bealtaine 1988 cuireann sé síos ar an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Direáin ó bhí sé ina ghasúr in Árainn. Deir Ó Ciosáin go mba fhear gaoil leis é. D’éag an t-athair go hóg. Bhí Seosamh Ó Flannagáin, athair Dhónaill mar mhúinteoir aige i Scoil Eoghanachta. Tar éis meánoideachais i gColáiste Éinde cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1942. I 1943 bhí post sealadach mar phríomhoide aige i gCill Liatháin, An Droichead Nua, Béal Átha na Sluaighe. Is in aon lóistín leis an Direánach i mBóthar na Buaile i nDroim Conrach a bhí sé nuair a thosaigh sé ag múineadh i mBaile Átha Cliath i 1944; is dó a thiomnaigh an file Craobhóg Dán, 1986. I Scoil Naomh Cainneach in aice leis an Trá Thuaidh i mBaile Átha Cliath a bhí sé ag múineadh. Nuair a thosaigh stailc fhada na mbunmhúinteoirí i 1946 chroch sé a sheolta agus bhí ag obair mar stócálaí in Croydon, Londain. Ar fhilleadh ar Éirinn dó bhí post aige i Rúscaigh in aice le Cora Droma Rúisc. Tuairim 1953 ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Chaomháin, Inis Oírr, agus bhí ann gur tugadh Scoil Eoghanachta dó i 1957.

Deir Ó Ciosáin: ‘B’í a intinn cheistitheach agus cinseal sagairt ba chúis le gur fhág sé a phost múinteoireachta in Árainn . . .’. Bhí teach tógtha aige san oileán faoin am ar tharla an trioblóid sin. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1966 agus bhí ag múineadh ar feadh bliana sa Mhodhscoil Láir go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Naomh Áine sa tSeanchill, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1967. D’earcaigh Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí é i 1972 agus is ann a bhí sé gur éirigh sé as a bheith ag obair go lánaimseartha. Deir Ó Ciosáin go raibh ‘cúis mhaith seirfin’ aige faoin gcaoi ar chaith dhá eagras Gaeilge leis tar éis dó Gaeleagras a fhágáil ach nár chaill sé a shuim sa teanga dá bharr. Chaith sé tamaill mar theagascóir Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Scríobh sé Bunchúrsa Gaeilge Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí: Lámhleabhar an Mhúinteora, 1980 agus Bunchúrsa Gaeilge Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí: Lámhleabhar don Fhoghlaimeoir, 1980. I gcomhar le Dónall Ó Baoill d’ullmhaigh sé Anois is arís, 1981 agus Úrchúrsa Gaeilge, 1992. D’aistrigh sé go Gaeilge Lala, an Cóála Beag, 1977, leabhar do pháistí le Vérité agus Walder, agus leabhar do dhéagóirí le J. M. Miralles faoin teideal Ealaíontóirí agus Cumadóirí Cáiliúla, 1980. Tá aistí, léirmheasanna agus dán leis in Comhar; b’fhéidir tábhacht cháipéiseach a bheith lena alt fileata ‘Oileáin Árann’, Bealtaine 1955. I 1969 ba é a rinne an tráchtaireacht sa chlár teilifíse An tOileánach a d’fhill a léirigh Jim Mulkerns. Deir Ó Ciosáin: ‘Ba í caint agus pearsantacht Éamoinn a bhí go paiteanta ann, an chaint shlachtmhar, an bharúil chruinn, údarás ina ghlór a tháinig ó fhios a ghnótha agus greim ar an ábhar a bheith aige.’ Chum sé amhrán a chloistí in Árainn go minic, ‘Bóthar Gharraí Nua’. D’éag sé tar éis tinnis fhada 6 Deireadh Fómhair 1993. Bhí cónaí air i gceantar Dhún Laoghaire ag an am agus tá sé curtha i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Phós sé Bríd Nic Pháidín ó cheantar Dhroim Caorthainn, Co. Liatroma, 26 Nollaig 1956 agus bhí iníon agus seisear mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú