Níl mórán eolais ar fáil i dtaobh a shaoil. Tá cuntas an Dictionary of National Biography an-ghairid dá réir. Ag Séamus P. Ó Mórdha in The Heart of Breifne 1, Uimh 3, 1980 (‘Fiachra Mac Brádaigh, Poet and Scribe of Central Cavan’) atá an cuntas is faide. In aice le Sraith an Domhain i gContae an Chabháin a rugadh é agus is sa cheantar sin a bhíodh sé ag múineadh scoile. Máire a bhí ar a bhean. Chaith sé tamall i mBaile Átha Cliath agus bhí cairdiúil ann le Muiris Ó Gormáin. Do Mhuiris sa bhliain 1755, chun go ndéanfadh seisean cóipeanna díobh, a thug sé trí dhán a bhí ceaptha aige do chairde, iad ina scríbhneoireacht féin; tá siad anois i Leabharlann na Breataine (Egerton 135).

Tá an dán ‘Aisling Fhiachra Mhic Bhrádaigh’ in eagar ag Breandán Ó Buachalla in Nua-Dhuanaire II, 1976. Dánta eile leis is ea ‘Faoisdín Gheanaráilte Fhiachrach Mhic Bhrádaigh’ (i gcló ag Énrí Ó Muirgheasa in Dánta Diadha Uladh, 1936) agus ‘Seachrán Fhiachra Mhac Brádaigh’. Cuntas ar a dhul ar strae oíche is ea an ‘Seachrán’; nuair a shroich sé baile bhí a chlann gasúr ag gol go fuíoch, iad cinnte gur bádh é san abhainn. Is insuime gur foilsíodh an ‘Seachrán’ agus an ‘Aisling’ in Anthologia Hibernica. Deireadh Fómhair agus Nollaig 1793 in éineacht le haistriúchán ar an ‘Seachrán’; Philip McKiernan a bhailigh iad an uair sin ó ‘Owen McIntire, an intinerant poet, piper and antiquarian’. Deir Ó Mórdha faoi na dánta sin: ‘He composed an Aisling, a Seachrán and a Faoistin as was expected of an 18th century poet but he invested each of them with a something of the exuberance and liveliness of his own personality. Some of the Northern Aislingí that have come down to us could have been written by any one of half a dozen poets but not so Mac Brádaigh. He puts the stamp of his own locality and of his own individuality on his compositions.’

Deirtí tamall gur dheartháireacha iad Fiachra agus Pilib ‘Ministir’ Mac Brádaigh. Chreid Ó Muirgheasa gurbh ea. Deir Ó Mórdha nach leis an nglún chéanna a bhain an bheirt ar chor ar bith agus gur dóigh gurbh é Aodh Mac Domhnaill a dúirt ar dtús gur dheartháireacha iad. ‘A witty schoolmaster of Stradone in the County of Cavan, and a tolerably good poet’ an cur síos atá ag Éadbhard Ó Raghallaigh air faoin mbliain 1712 in A Chronological Account of nearly Four Hundred Irish Writers; chomh maith leis na dánta a bhfuil a dteidil luaite thuas liostaíonn sé trí cinn eile a bhí an uair sin i seilbh Phóil Uí Bhriain . In An tUltach, Aibreán 1928 tá péire dán in eagar ag Éamonn Ó Tuathail: ‘Dá mbeinnse im’ údar Gaelach’; ‘Fíorchaoin fáilte dhuit go buan’. Maidir lena shaothar scríbhneoireachta, tá ar marthain lámhscríbhinn a rinne sé i 1721–2, ar scéalta fiannaíochta atá inti.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú