I Sasana a rugadh í. Ba iníon i le James Drummond, ministir Úinitéireach, agus phós sí Arthur William Hutton, déantóir cóistí, mac le Lucius Octavius Hutton, 27 Márta 1890 i séipéal Rosslyn Hill, Hampstead, Londain. Bhí seisean 32 bliain d’aois agus 28 a bhí aicisean. Ba é seoladh Mary ag an am 2 East Heath Road, Hampstead. Rugadh Margaret Bruce Hutton, an t-aon duine clainne a bhí acu, 3 Samhain 1893 ag 4 Richmond, Béal Feirste. Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Arthur Hutton agus bhain an bheirt acu leis an gcreideamh Úinitéireach, dar le Daonáireamh 1901. Faoin am sin is ag 4 Deramore Park a bhí cónaí orthu. Bhíodar tar éis éirí as gnó dhéantus na gcóistí tuairim 1894.

Níl a fhios cad a spreag spéis Mary Hutton sa teanga ná cár fhoghlaim sí an tSean-Ghaeilge. Ó 1900 go 1910 bhí comhfhreagras aici le Kuno Meyer. Bíonn a hainm le feiceáil go minic i rith na tréimhse sin i liostaí síntiúsóirí in An Claidheamh Soluis. Bhí sí mar ‘Ard-Chompánach’ ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh 26 Meán Fómhair 1902 i Halla na mBuachaillí, Bóthar na bhFál i mBéal Feirste, ag dáileadh duaiseanna agus teistiméireachtaí ar scata a raibh Mary E.Byrne, Cathal Brugha, Éamonn Ó Tuathail, Máire Ní Chinnéide, Máire agus Neans de Paor ina measc.

Foilsíodh an chéad eagrán dá mórshaothar The Táin: an Irish epic tale told in English verse in 1907. Bhí ardmheas air ar dtús. ‘Níor cuireadh i gcló lenár linn-ne aon leabhar i mBéarla is mó a thuillfeas clú d’Éirinn ná é seo, má fhágaimid Bards of the Gael and Gall as an scéal’. Agus arís ‘The gifted translator of the Táin has the faculty possessed in an equal degree only by Dr Kuno Meyer among other living Celtic scholars of awakening in her hearers and readers the same enthusiasm for the romance and spaciousness of medieval Irish which she feels herself’ (An Claidheamh Soluis 4 Aibreán 1908). Foilsíodh an dara heagrán 1924 agus bhí an méid seo le rá ag an Athair Láimhbheartach Mac Cionnaith in Studies, Meitheamh 1925: ‘Any translation of the Táin is a formidable task. The task which Mrs Hutton set herself was extremely formidable. It was, not merely to translate for us a few collated MSS but to do so in the spirit of “some scholarly shanachie of a thousand years ago”, and to weave into the story other incidents which would enlarge its interest and yet not destroy its unity. Mrs Hutton is equal to her task. Scholars may indeed find fault with the plan of the book on the ground of its being not the Táin but a new epic built up of the Táin and many other sagas, but while the selection of incidents is arbitrary their individual rendering is accurate’.

In 1907 agus arís in 1908 bhí sí mar theachtaire ó choiste ceantair Bhéal Feirste chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus ina ball de choiste gnó Dháil Uladh. Meán Fómhair 1907 fógraíodh go raibh sí ar fhoireann Choláiste Naomh Comhghaill, 5 Murray’s Tce., Béal Feirste, agus léachtaí ar an Mheán-Ghaeilge á dtabhairt aici ann. Thug sí na léachtaí sin freisin, in ómós do chuimhne Margaret Stokes den bhabhta seo, i gColáiste Alexandra i mBaile Átha Cliath.

D’aistrigh sí go 17 Bealach Aipiach, Baile Átha Cliath, am éigin roimh Mheitheamh 1910. Bhí a fear céile marbh faoin am sin. Bhí sí fial riamh le Conradh na Gaeilge agus chabhraíodh sí leis an bPiarsach chun Scoil Éanna a choimeád ar siúl. ‘[Mrs Hutton] to whom he instinctively turned in times of crisis’ an tagairt a dhéanann eagarthóir chomhfhreagras an Phiarsaigh, Séamus Ó Buachalla, di. D’iompaigh sí ina Caitliceach Rómhánach 1911. Is léir ar a comhfhreagras sa Leabharlann Náisiúnta go raibh sí an-chairdiúil leis an Athair Matt Russell timpeall an ama sin.

Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. uirthi 1933. D’éag si in aois 91 bliana di ina teach cónaithe ag 30 Sráid Mhic Liam Uachtarach, Baile Átha Cliath, 29 Lúnasa 1953. Dúirt P.S. Ó hÉigeartaigh in Dublin Magazine, Oct-Dec 1953: ‘Mrs Hutton, dead at 91, is hardly a name to the new Ireland. But she was a scholar and a patriotic Irishwoman and in 1907 she published a retelling of the Táin which has great merit’.

Déantóirí cóistí i mBaile Átha Cliath ba ea muintir Annie Hutton (d’éag 7 Meitheamh 1853), an bhean a raibh Tomás Daibhís i ngrá léi. Ba nia di siúd Arthur Hutton.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú