“Thóg scata de mhuintir Bhaile Átha Cliath teach ar cíos ó Mhuiris Ó Maoilriain agus bhaist siad ‘Dóchas na hÉireann’ air. Ina bhfochair siúd tháinig Siobhán an Phaoraigh agus a clann agus lean sí féin agus a clann orthu ag teacht ar feadh na mblianta ag foghlaim na teanga dúchais. Bhí a rian sin ar a gcuid Gaedhealuinne agus thóg siad leo í go cruinn agus go líofa”. Léiriú is ea an sliocht sin as "Coláiste na Rinne: gearrstair", le Micheál Ó Domhnaill ar an mbaint a bhí ag na Paoraigh le forbairt na Rinne ó thosach.

Iníon le Eamonn O’Toole agus Mary Norton ba ea Siobhán (Jennie) de Paor agus is i mBealach Conglais, Co. Chill Mhantáin, i mBealtaine a rugadh í. Ag Knock House, gar do chathair Phort Láirge, a rugadh a fear céile, John Wyse Power, ar mhac é le James Power, feirmeoir, agus Catherine Wyse. Sa chlann acu bhí Máire, Áine (Neans) agus Cathal. Bhí gaol aici leis an Ollamh Éamonn Ó Tuathail (1883–1956). Scríobh Marie O’Neill From Parnell to de Valera: a biography of Jennie Wyse Power 1858–1941, 1992. Deir sí gur baisteadh Jennie ar 23 Bealtaine 1858; go raibh ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aici: gur shiopadóir ba ea a hathair; gur aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath nuair a bhí Jennie dhá bhliain d’aois; gur ag 15 Redmond’s Hill, 6 Johnson Place, agus 45 Gloucester Street a bhí cónaí ar an gclann roimh 1878; gur phós sí John Wyse Power 5 Iúil 1883. Rugadh Máire ar 9 Nollaig 1887, Neans ar 16 Samhain 1889, agus Cathal ar 29 Márta 1892. Deir an beathaisnéisí freisin gur le linn do John Wyse Power a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Carraige Duibhe a chuir sé spéis sa Ghaeilge an chéad lá agus gurbh amhlaidh a chabhraíodh sé le Seán Pléimeann chun eagar a chur ar Irisleabhar na Gaedhilge.

Ó 1880 amach bhí baint ag Jennie le gach cumann náisiúnta a raibh cead ballraíochta ann ag mná. Bhí sí ina rúnaí ag Conradh Talún na mBan. Cara mór le Anna Parnell í. Deirtear go raibh sí ina “leabharlannaí” ag Conraitheoirí a bhí i ngéibheann. Thiomsaigh sí Words of the dead chief: being extracts from the public speeches and other pronouncements of C. S. Parnell ... with an introduction by Miss A. Parnell, 1892. Sa bhliain chéanna a rugadh a mac agus Charles Stewart na hainmneacha a baisteadh air.

Bhí sí ar choiste an Patriotic Children’s Treat le linn chuairt Victoria i 1900 agus bhí sí ina ball gníomhach d’Iníní na hÉireann. Bhí sí ina ball de choiste gnó Shinn Féin ó thús agus ina hoifigeach formhór an ama. Ba dhuine de na Leas-Uachtaráin í i 1911–12. In éineacht le Eamonn Duggan bhí sí ina comhchisteoir i 1919. Ba ise agus Micheál Ó Coileáin a bhí ina gcomhiontaobhaithe don airgead a bailíodh don Dáil agus bhí sí ina breitheamh sna cúirteanna poblachtacha. Bhí baint aici le Cumann na mBan ón uair a bunaíodh é agus bhí sí ina comhchisteoir tamall. Toghadh í ina ball de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath thar ceann Sinn Féin agus bhí sí ina cathaoirleach ar choiste airgeadais agus sláinte an Bhardais. Ní iontas gur uirthi a iarradh an aiste ar thionchar polaitiúil na mban a scríobh don leabhar mór cuimhneacháin úd, The Voice of Ireland (Glór na hÉireann): a survey of the race and nation from all angles by the foremost leaders at home and abroad. I Nollaig 1922 d’ainmnigh Liam T. Mac Coscair í ina ball den Seanad ar feadh 12 bliana. Ní dheachaigh sí saor ón bhfeachtas a chuir Poblachtaigh ar siúl in aghaidh na Seanadóirí nua agus tugadh fogha buamála faoi na tithe a bhí aici i Sráid Anraí agus Sráid Camden.

Cé gurbh é Mac Coscair a cheap í bhí sí ina Seanadóir neamhspleách i gcónaí. Is le Fianna Fáil is mó a bhíodh sí ag tacú tar éis dóibh glacadh lena suíocháin agus cheangail sí leis an bpáirtí sin sa deireadh. Thogh an Dáil í ar feadh téarma breise i 1934. Fuair sí bás ag 15 Ardán Phort an Iarla ar 5 Eanáir 1941.

Glacadh léi mar bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Samhain 1900 agus bhí sí i bhfeighil na lónadóireachta ag Oireachtas 1902. Ba léi an bhialann san Irish Produce Company ag 21 Sráid Anraí. Thaithíodh náisiúnaithe óga thús an chéid an bhialann sin.

I 1922 is é a shíl baill Chumann Lúthchleas Gael gur le hómós don eagraíocht sin a ceapadh baintreach John Wyse Power, duine den seachtar a bhunaigh an Cumann Lá Samhna 1884 (féach leabhar Mharcais de Búrca ar stair an Chumainn: “The symbolic aspect of the appointment of the widow of a founder of the GAA ...”). Bhí Wyse Power ina bheatha go fóill ag an am. D’éag sé ag 21 Sráid Anraí ar 29 Bealtaine 1926. Tá nóta in Dinnseanchas, Iml. 5, Uimh. 2 (1972) faoi Shiobhán bheith ina ball den Irish Topographical Society i 1911 agus tugtar le fios gur bhaintreach í an uair sin féin!

I gcathair Phort Láirge a rugadh Wyse Power agus oileadh é i gColáiste Chnoc Sion. Bhí post aige sa státseirbhís ach briseadh as an bpost é aimsear Chonradh na Talún. “He might have been Chief Secretary for Ireland had he not placed his country before his own position during the time that Buckshot Foster ruled Ireland ... When he saw debauchery of the vilest type carried on he denounced it”, a dúradh sa Munster Express i ndiaidh a bháis. Faoi 1884 bhí sé ina eagarthóir ar an Leinster Leader i Nás na Rí. Bhí tamall gairid caite aige i bpríosún mar dhuine de “Foster’s suspects”. Deirtear gur mar Fhíníní a bhí sé féin agus J. K. Bracken ag an gcruinniú i nDurlas Éile. Leis an gCíosógach agus John McKay bhí sé ina chomhrúnaí ag an gCumann. Dar le Liam P. Ó Caithnia (Micheál Cíosóg, 1982) gur dhearbhaigh an Cíosógach go raibh an Ghaeilge go líofa ag an bPaorach. Ba eisean a mhol go dtoghfaí é ina chomhalta d’Aontacht na Gaeilge.

D’aistrigh sé go dtí Fionnradharc, Baile Átha Cliath, go luath i ndiaidh chruinniú Dhurlais. Chaith sé tamall ar fhoireann an Freeman’s Journal agus bhí ina eagarthóir ar an Evening Herald le linn do Pharnell bheith in ard a réime. I rith na scoilte bhí sé ina scríbhneoir eagarfhocal ag an Freeman. In 1891 bhí sé ar fhoireann an pháipéir Pharnailítigh The Irish Daily Independent. Chaith sé tamall ar fhoireann an Evening Telegraph agus is ábhar fonóta é dá réir sin ag lucht léite Ulysses James Joyce. Chuir Joyce an nath “Kiss my royal Irish arse” i mbéal eagarthóir an Telegraph, cé gurbh é nathán an Phaoraigh é. Deir beathaisnéisí Joyce, Richard Ellmann, go raibh tuairim fhorleathan ann gurbh i ngeall ar a gcumas chun tromólacháin a cheaptaí iriseoirí an Evening Telegraph.

Mr Wyse Power a mhol rún buíochais don chathaoirleach ag cruinniú tionscnaimh Chraobh an Chéitinnigh i dtús na Bealtaine 1901. Tá tagairt do J. Wyse Power bheith i measc na bhfear ag cruinniú den Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge ar 11 Deireadh Fómhair 1902 agus tagairt do Sheán Paor ag léamh páipéir i nGaeilge i dtaobh Sheáin Pléimeann ar 7 Eanáir 1903. Is dóigh gurbh é an Paorach s’againne é. Bhí an mac agus an bheirt iníonacha ina mbaill de Chraobh an Chéitinnigh. Bhí Máire agus Neans ar an bhfoireann a léirigh An Tobar Draíochta i dTrá Lí i 1902. Rinne an bheirt acu scrúdaithe an Fleming Companionship a bhí curtha ar bun le hómós do Dhonnchadh Pléimionn.

In 1888 a rugadh Máire. Bhí sí ar scoil i gClochar Loreto i bhFaiche Stiabhna sular chrom sí ar chúrsa sa léann Ceilteach. Bhuaigh sí gach duais chomh maith le scoláireacht taistil a thug go Marburg ar dtús í agus ansin go Freiburg mar a ndearna sí staidéar faoi Thurneysen. Ba í a chuir eagar ar An Irish astronomical tract do Chumann na Scríbheann Gaeilge i 1914. Ceapadh ina scrúdaitheoir Gaeilge í faoin mBord Idirmheánach ach chaill sí an post i 1916 nuair a síleadh gur ró-bháúil a bhí sí le lucht an Éirí Amach. Thángthas ar a mhalairt de chinneadh ach bhí práinn um an dtaca sin le hobair na dtorthaí scrúdúcháin. Deirtear gurbh í an chrua-obair a rinne Máire ag iarraidh gur torthaí fírinneacha a chuirfí ar fáil faoi deara gur theip ar a néaróga agus ar a croí. Tá plaic le hómós di in Eaglais na hOllscoile i bhFaiche Stiabhna. Ba é Thurneysen féin a scríobh an cuntas iarbháis sa Zeit-schrift. Bhí eagarthóireacht déanta aici ar Leabhar Leasa Mhóir ach loisceadh idir lámhscríbhinní agus phrofaí, tharla ag dul tríd an bpost in Ard-Oifig an Phoist iad nuair a chuaigh an foirgneamh trí thine. D’éag sí ar 19 Iúil 1916.

In A Page of Irish history: the story of University College Dublin deirtear i dtaobh Neans: “Her Ph.D. career in Bonn and later in Berlin as Charge d’affaires before our government had made up its mind to admit honours women graduates to secretarial status in External Affairs is a history ‘in little’ of the NUI woman”.

Thug sí na hordaithe slógtha go dtí an Bhuiríos i gCeatharlach roimh an Éirí Amach agus bhí sí ina cúntóir leighis in Ard-Oifig an Phoist. I 1917 ba í agus Fiona Plunkett a bhí ina gcomhrúnaithe ag Cumann na mBan. Rinne sí seirbhísí banaltrais a eagrú don Chumann. Bhain sí amach céim dochtúra i dteangacha tar éis di an M.A. a fháil sa léann Ceilteach. Ceapadh í ina cúntóir i mBeirliín i 1920 nuair a bhí John Chartres mar thoscaire ann. Fuair sí post sa státseirbhís ar ball. Chaith sí tréimhse mar ghobharnóir ar Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ina scairshealbhóir i gColáiste na Rinne i ndiaidh Jennie Wyse Power go bhfuair sí bás ar 27 Nollaig 1963.

In 1892 a rugadh Cathal de Paor. Bhí sé ina bhall den Chonradh agus de Shinn Féin nuair nach raibh aige ach 13 bliana d’aois. Luaitear mar bhuaiteoir i gcomórtas logainmneacha ag Oireachtas 1912 “Cathal de Paor, Rúnaí, Cumann Dinn-seanchais na hÉireann”. Ag tagairt do 1913 scríobh Cathal Ó Seanáin i ndiaidh bhás Chathail: “That year he was one of the youngest of a little group of Dublin citizens above the battle, who strove to arouse some decent civic spirit in the turbulence of the great labour upheaval”. Fuair sé céim B.A. i gColáiste na Tríonóide an bhliain chéanna sin agus glaodh chun an bharra air. Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach san ollscoil agus mar rúnaí acu nuair a tharla an raic cháiliúil le linn ceiliúradh chéad bliain Thomáis Dáibhís. Air a thit sé a mhíniú don Phropast Mahaffey gur do James Stephens file agus nach do James Stephens Fínín a bhí cuireadh tugtha. Deirtear gurbh é Cathal a d’adhain spéis Sheáin Beaumont sa teanga.

Ba mhinic sa chúirt é mar abhcóide ag an mBlaghdach, Denis McCullough agus Herbert Moore Pim. Ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda i nGaillimh agus i Maigh Eo i 1924. Bhí sé pósta ach ní raibh aon chlann aige. D’éag sé ag 81 Bóthar Wellington, Baile Átha Cliath, ar 17 Meitheamh 1950.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú