Mar Ard-Rúnaí ag Sinn Féin is figiúr lárnach é sa tréimhse 1917–23. Mar gheall ar a thréithe pearsanta b’fhéidir a rá freisin gur geall le pearsa bhéaloideasúil é.

I Nuachabháil taobh thiar de Chuilinn Uí Chaoimh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 3 Iúil 1881. Mhaíodh sé féin i gcónaí gur Chiarraíoch é. Tá Nuachabháil ar an teorainn idir an dá chontae. I bparóiste na Rátha Móire, Co. Chiarraí, atá sé agus sin é an baile mór is gaire dó. Sa tseanaimsir, anuas go 1829, is i bparóiste Chuilinn a bhí Nuachabháil. Feirmeoir ba ea a athair Daniel John Keeffe agus ba í Brigid O’Leary a mháthair. Beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin a bhí aige. Bhí aithne mhaith ag Peadar Ó hAnnracháin air agus in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 déanann seisean talamh slán de gurbh ó Sheán Ó Cadhla, máistir scoile Chuilinn Uí Chaoimh, a d’fhoghlaim Páidín Gaeilge. Bhí sé féin agus a dheartháir Dónall ar Scoil Charraig Uí Leighin go 1895 nuair a d’aistrigh siad go Scoil Chuilinn, de réir an leabhair tinrimh ansiúd, agus nuair a bhuaigh Scoil Chuilinn duaiseanna an Chliabhraigh bhí ‘Pádraig Ó Caoimh’ i measc an triúir scoláire ab fhearr eolas ar an nGaeilge ann in 1899. Níorbh annamh in aon chor buachaillí 17/18 bliana d’aois a bheith ina ndaltaí bunscoile.

Fuair sé post státseirbhíse i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh agus ar dhuine díobh sin a thaithíodh ‘An Stad’. D’éirigh sé an-mhór le hArt Ó Gríofa. Faoi 1910 bhí sé ina chomhchisteoir ag Sinn Féin. Cheangail sé leis na hÓglaigh agus bhí páirt mhór aige in obair 1–2 Lúnasa 1914 i gCill Chomhghaill, Cill Mhantáin, nuair a tugadh raidhfilí i dtír ann. Bhí sé ar dhuine den dream a bhí i láthair i dteach an Dr Séamus Ó Ceallaigh i Ráth Garbh Satharn Cásca nuair a bhíothas ag iarraidh teacht chun réitigh idir Eoin Mac Néill agus ceannairí an Éirí Amach. Cuireadh isteach chuig oifig an Sunday Independent é chun go bhfiafródh sé cad é an nóiméad ba dheireanaí a bhféadfaí fógra a chur i gcló ann. Ghlac sé páirt san Éirí Amach mar bhall de gharastún i gceann de thithe ósta Shráid Uí Chonaill. Chaith sé tréimhse i bpríosún i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Bhí a phost caillte aige agus ceapadh é ina ardrúnaí ar phá ag Sinn Féin go luath i ndiaidh dó teacht as príosún. Toghadh é gan fhreasúra ina Theachta Dála i gCorcaigh Thuaidh mí na Nollag 1918.

Bhí sé i bpríosún in Usc ag an am agus aistríodh é go dtí príosún Gloucester i mí Feabhra 1919. Bhíodh sé ag cabhrú ansiúd le hArt Ó Gríofa chun leabhair an Athar Peadar a léamh. Gearradh dhá bhliain eile príosúnachta air ar 26 Meán Fómhair na bliana céanna faoi óráid cheannairceach a thabhairt uaidh.

Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Ghlac sé le post mar Leas-Ghobharnóir ar Phríosún Mountjoy toisc gur iarr Art Ó Gríofa air glacadh leis. Níor thaitin leis in aon chor bheith ann nuair a bhí Liam Ó Maolíosa, Ruairí Ó Conchubhair, Joe Barrett agus Dick McKelvey le cur chun báis ar 8 Nollaig 1922. Tá cuntas truamhéalach ag Desmond Greaves in Liam Mellowes and the Irish revolution, 1971 ar an riocht ina raibh sé ag an am, é ag ól go trom. Tá na tagairtí dó ag Seán MacBride, Peadar O’Donnell, agus Tony Woods, príosúnaigh i Mountjoy ag an am, in Survivors ... 2ú heagrán, 1987, le Uinseann Mac Eoin, ag teacht leis sin.

Fuair sé post mar Chléireach Cúnta Sheanad Éireann agus bhí ann go ndeachaigh sé ar pinsean i 1946. Dar le DIB, d’éag sé ar 20 Meán Fómhair 1973 ach dar le hiníon Phádraig, Caitlín Uí Néill (baintreach Shéamuis Uí Néill), ba é 20 Deireadh Fómhair dáta a bháis. . Bhí sé pósta ar Cháit de Paor, an deirfiúr ab óige le John Wyse Power [faoi POWER, Jennie Wyse, B2], duine den seachtar a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael. Bhí triúr iníonacha acu. Cuireadh chuig scoileanna lán-Ghaelacha iad. Phós duine díobh, Caitríona, Séamus Ó Néill (1910–1981), scríbhneoir.

Bhí Páidín tugtha don mhagadh agus don ghreann agus is geall le béaloideas rudaí a deirtear a dúirt sé. An scéal is mó díobh an freagra a thug sé ar iriseoirí ó Shasana nuair a d’fhiafraigh siad cad iad aidhmeanna Shinn Féin: Vingence, bejasus! Scríobh Máire Comerford an méid seo faoi in Agus, Bealtaine 1984: ‘Páidín, Ciarraíoch beag dorcha le súile áille, súile nár chaill puinn. Bhí a chuimhne chomh gabhálach, chomh buan sin gur ró-chuma dá n-éireodh leis na Sasanaigh comhaid uile Shinn Féin a scriosadh. Ní hamháin go raibh aithne aige ar an uile fhear is an uile bhean mór le rá sa ghluaiseacht i ngach paróiste in Éirinn ach bhí a thuairimí féin aige faoina gcarachtar, faoina bpearsantacht, is faoina raibh déanta acu go dtí sin. faoina ndúchas is faoi shuáilcí is faoi dhuáilcí a seacht sinsear rompu. Fear iontach gan aon amhras an Páidin céanna. Bhí na seacht n-aithne agam air’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú