Duine é seo de na hoifigigh Chustaim is Máil a bhí i gceannasaíochtChonradh na Gaeilge i Londain. I Leacain, Cill Mhichíl, Co. an Chláir a rugadh é 12 Eanáir 1872. Thomas O’Keeffe, feirmeoir, agus Bridget Ryan a thuismitheoirí. Faoi 1901 bhí an teaghlach imithe as Leacain. Ceangail sé leis an earnáil Chustaim is Máil in Portsmouth in 1893. Aistríodh go Londain é in 1898 agus go Corcaigh i 1911. Nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1936 dúradh in Irisleabhar, Aibreán-Bealtaine 1936 go raibh 44 bliana caite aige san earnáil: ‘Irish-Ireland knew no keener supporter and the London Gaelic League, which he helped to found and organise, was not only the focus of Irish life in London but played an important part in the national resurgence’. Faoi 1900 bhí sé ina rúnaí cúnta ag an gConradh i Londain agus d’fhreastail ar an gComhdháil i mBaile Átha Cliath i 1902 agus ag Ard- Fheiseanna 1903 agus 1904. Nuair a d’imigh Art Ó Briain [B2] go Learpholl i 1906 ceapadh Art Ó Caoimh ina rúnaí oinigh. Bhí sé ina bhall bunaidh den Shandon Athletic Club sa chathair. Nuair a aistríodh go Corcaigh é tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Aibreán 1911: ‘Chomh fada siar agus do bhí an Conradh ann bhí Art ann. Ag obair go dúthrachtach, é ag déanamh grinn go sámh agus ag meangadh gáire de ló is d’oíche. Bhí sé chomh haosta agus chomh hóg le spiorad na hÉireann agus le spiorad na Gaeilge’. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó an bhliain dár gcionn (idem 17 Lúnasa 1912). Tuairiscíodh 9 Feabhra 1918 gur phós sé Máire Ní Scanaill as Cill Dalua, Co. an Chláir. Bhí iníon amháin ar a laghad acu. Tuairiscíodh a bhás in Cork Examiner 8 Meitheamh 1956. Tá sé curtha i Reilig Fhionnbharra i gCorcaigh. Bhí cáil an rince air agus dúradh in Irisleabhar, iris a bhí ag lucht cánach: ‘Unofficial Lord Mayor of Cork. When there was any difference of opinion about dances— local forms etc—a certain earnest Ulster lady would stop the music and refer to Art’s book for the current usage’. Is dóigh gurb iomrall aithne sin agus gurb é J.G. O’Keefe [B3] nó Art Ó Briain [B2] a bhí i gceist. Deirtear sa tuairisc freisin go raibh teastas aige ón Royal Humane Society de bharr duine a shábháil ón mbás.

In Irisleabhar, Aibreán-Bealtaine 1936 péinteálann ‘Sean-Bheist’ (Seán Ó Ciarghusa B2) portráid ait: ‘An chéad uair dá bhfaca Art bhí sé ag rith ráis ar Aonach na bhFeidhmeannach Stáit ag Droichead Stamford, Londain. Buachaill néata ba ea é an lá sin: mothall donnrua gruaige air agus é slíoctha siar go slim; fabhraí fada a shúl ag scagadh scáil na mac imrisc a bhíodh ag síor-rince le meidhir ina cheann; croiméal camarsach ag gabháil na gaoithe air go mbogadh sa tsiúl sa rás agus nuair a bhogadh agus nuair a d’fháisceadh chuige, ag luí siar ar nós cluasa con nó capaill; agus cosa faoi nach bhfaigheadh sé baint siar astu, dar leat, ach iad á bhreith dá ainneoin chun tosaigh é ar pé duine a bheadh ina chuideachta ag siúl. Má bhí sé beagáinín lom, bhí sé ligthe láidir. Má bhí sé beagáinín seang, ní raibh sé aon phioc seargtha. Má fhéach sé éadrom ní déarfá é dá dtiteadh sé, rud a dhéanfadh, san iomrascáil anuas ort. Ghabh sé duais éigin an lá sin. B’annamh lá spóirt i Londain ina dhiaidh sin, imeasc na nGael go háirithe, nach ngabhadh sé bacla díobh’. Leanann ‘Sean-Bheist’ air ag cur síos ar obair áirithe a dhéanadh sé: ‘Ba í gairm í ach é ina challaire ag fógairt déantús na hÉireann ag aontaí agus ag cruinnithe. Is minic a chonac féin é agus sraith de stocaí Gaelacha ban ar crochadh de cheachtar dá dhá ghéag, é ag siúl síos suas, síos suas, urlár halla mhóir, na ranganna ag obair ina thimpeall, agus na cailíní, de réir mar a ghabhadh sé thar bráid, ag bagairt i leith air agus ag ceannach uaidh. (Ní raibh aon stocaí síoda ann an uair sin !)’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú