UÍ ÉIGEARTAIGH, Liaimín (1890–1962)
Le caoinchead ó Aoileann nic Gearailt

Rugadh í (Mina nó Wilhelmina Rebecca Smyth) 3 Samhain 1890. Bhí a hathair, James Smyth, ina mhinistir Preispitéireach sa Chros Ghearr in aice le Cúil Raithin, Co. Dhoire. Ba í Mary Frances Dill Long a máthair. Aontachtaithe liobrálacha ba ea iad ach ní raibh siad ró-ghafa le haon sórt polaitíochta. Deartháir léi an Sir Samuel Smyth a bhí ina Aire Airgeadais in Burma tráth. Ba í a deirfiúr Eilís Dill Nic Ghabhann an duine ba shine den aon duine dhéag clainne agus fuair sise an chéad áit sa Bhreatain agus in Éirinn i scrúdú státseirbhíse. Chuaigh sí ag obair in Oifig an Phoist i Londain.

D’fhreastail Liaimín ar Mheánscoil Chúil Raithin agus bhuaigh scoláireacht in 1908 a thug í go dtí an Scoil Choláisteach i Londain, faoi stiúir Sophie Bryant. Fuair sí scoláireacht eile as sin go Coláiste Bedford, Ollscoil Londan, agus bhí sí in aontíos le hEilís. Ball de Chonradh na Gaeilge ba ea Eilís nó Dill mar a thugtaí uirthi. Is sa Chonradh a casadh uirthi daoine ar nós Robert Lynd agus Pádraig Sáirséal Ó hÉigeartaigh, ar éirigh Liaimín cairdiúil leis. Bhain Liaimín céim le honóracha den chéad ghrád sa cheimic agus chaith sí bliain ag múineadh i scoil in aice le Birmingham. Phós sí P.S. in 1915. Rugadh triúr dóibh: Seán Sáirséal, Máire Caitríona agus Gráinne Dill. Bhí eolas maith ag P.S. ar an nGaeilge ach ag Liaimín ba líofa a bhí labhairt na teanga, cé nárbh eol di an Ghaeilge a bheith ann go ndeachaigh sí go Londain. Thóg siad a gclann go dátheangach.

Nuair a d’fhill siad ó Welshpool, Montgomeryshire, mar a raibh P.S. ina phostmháistir, thug baintreach Tom Clarke a teach i mBaile Átha Cliath ar cíos dóibh ó bhí sí féin i bpríosún. Chuaigh sí go Dún na nGall le Miss Wyse Power in 1920 agus bhunaigh siad craobh de Chumann na mBan ann. Fuair Liaimín teach ar cíos i gCill Ulta, an Fál Carrach, leathmhíle ó theach a bhí ar cíos ag an am sin ag Aodh de Blacam agus ansin ag Úna Ní Fhaircheallaigh, agus ar feadh a saoil ina dhiaidh sin chaitheadh sí féin agus P.S. tréimhse gach samhradh i gCill Ulta. Ní labhródh sí Béarla riamh sa Ghaeltacht le haon duine. Bhí sí ina cisteoir ag Coláiste Uladh ar feadh 20 bliain. Toghadh í ina cathaoirleach ar ‘Saor an Leanbh’, an chraobh Éireannach de ‘Save the Children Fund’ a raibh a cheannáras sa Ghinéiv. In éineacht le Mary Kettle bhunaigh sí an Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers agus bhí ina rúnaí ar an gcumann sin. Chreid sí go láidir gur chóir lánchearta polaitíochta a bheith ag na mná. Na litreacha a scríobh sí in 1936 thar ceann an chumainn i dtaobh ionad na mban sa Bhunreacht tá siad i gcló in Ireland’s women: writings past and present (1994) arna roghnú ag Katie Donovan, A. Norman Jeffares and Brendan Kennelly. Bhíodh sí gníomhach freisin ag iarraidh go mbeadh mná ar ghiúiréithe agus ina mbaill den Gharda Síochána, agus ar feadh na mblianta d’oibrigh sí go dícheallach ar son córas dlíthiúil uchtála a bhunú. Bhí sí ina ball den Chlaisceadal tuairim 1932 agus ar an dream beag a d’athbhunaigh é tar éis an Chogaidh agus ina cisteoir acu. Bhí sí ina ball de choiste an Oireachtais athbhunaithe in 1939.

D’éag sí in Ospidéal Shliabh Chairmil i mBaile an Teampaill, Baile Átha Cliath, 26 Meán Fómhair 1962. Bhí an aimsir go breá an lá a cuireadh í i dTeach Mealóg agus dúradh in Agus, Samhain 1962: ‘Bhí sí féin i gcónaí go beogheal, bríomhar, teochroíoch, cabhrach, gur dhealraigh sé dá lucht aitheantais gurb ise a shocraigh an aimsir’. Dúirt Séamus Ó Néill in Inniu 5 Deireadh Fómhair 1972: ‘Ach ba í cúis na Gaeilge ba rogha léi, agus rinne sí obair éachtach ar a son. Ba í ba mhó b’údar le Coláiste Uladh a chur ar bun athuair .... Cé go raibh a croí in obair na Gaeilge, níor lig sí ariamh dó sin a dearcadh a chúngú .... Bhí dúil mhór sa litríocht aici. Bhí sí ina stiúrthóir ar chomhlacht foilsithe Sáirséal agus Dill, agus is léir uaidh sin gur aithin sí go raibh feidhm le forás agus forbairt i litríocht na Gaeilge, agus sna modhanna foilsithe, má bhí beatha le bheith i ndán don teanga. Ba gharantóir sármhaith í. Ba rothaí dochlaoite í ...’ . B’aoibhinn léi na turais rothair a thugadh an teaghlach, go háirithe i dTír Chonaill, an contae a ghráigh sí féin agus P.S. chomh mór sin. Tá alt ag Gearóid Ó Cuinneagáin fúithi in Déirdre, Samhain 1962.

Go ham a báis bhí Eilís (rugadh 15 Meán Fómhair 1875 agus d’éag 13 Feabhra 1945) in aontíos le clann Uí Éigeartaigh i dTeach na hArdpháirce. Bhí sí mar ‘Lady Superintendant’ in Ard-Oifig an Phoist: ‘An Bhean Saoiste’ a bhí aici ar ainmphláta dhoras a hoifige. An t-airgead a d’fhág sí le huacht ag a nia Seán a chuir ar a chumas an comhlacht Sáirséal agus Dill a bhunú.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú