Ó hÉIGEARTAIGH, Seán Sáirséal (1917–1967)

Ag labhairt cois na huaighe i reilig Theach Mealóg dúirt Máirtín Ó Cadhain: ‘Má tá litríocht Ghaeilge ann ó 1940 is de bharr gur chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe go mbeadh sí ann’. In ‘Páipéir bhána, páipéir bhreaca’, 1969 dúirt sé: ‘Tá mé cinnte go n-éireoinn as an scríbhneoireacht, as scríbhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Seán Ó hÉigeartaigh’. I Welshpool, Montgomeryshire, mar a raibh post ag a athair Pádraig Sáirséal Ó hÉigeartaigh, a rugadh é 11 Feabhra 1917. Ba í Liaimín Nic Ghabhann [Liaimín Ó hÉigeartaigh] a mháthair. Fuair sé bunoideachas i Scoil Bríde sula ndeachaigh sé go Coláiste Naomh Aindriú, mar a raibh Seán an Chóta [Seán Caomhánach] mar mhúinteoir Gaeilge aige. Le linn dó a bheith i gColáiste na Tríonóide bhí baint aige le bunú an Chomhchaidrimh agus bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach 1939-40. Deir Risteárd Ó Glaisne in Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1992 go raibh an cumann sin ar mhórchumainn an choláiste faoina stiúir. Is i rith a théarma a thug de Valera a chéad chuairt mar Thaoiseach ar an gColáiste agus ar an gcumann. I 1939 d’éiligh an cumann nach seinnfí ‘God Save the King’ ag searmanas bhronnadh na gcéimeanna de bharr gur sárú neodrachta a bhí ann. Ghlac Bord an Choláiste leis an argóint sin agus níor seinneadh ó shin é. Ball aitheanta de Chumann Stairiúil an Choláiste ba ea é freisin. BA agus B.Sc. le céad onóracha na céimeanna a fuair sé agus b’in iad na céimeanna céanna a ghnóthaigh Bríghid Ní Mhaoileoin, iníon le Séamus Ó Maoileoin, agus phós siad 7 Meán Fómhair 1943; bhí beirt chlainne acu, Cian Sáirséal agus Aoileann Bríghid. Scríobh Seán agus Seoirse Mac Aodhagáin (a phós a dheirfiúr Máire ar ball) dráma éadrom Na Reachtairí Rógaireacha (bhí an bheirt acu ina reachtairí ar an gCumann Gaelach) a léiríodh in Amharclann na Péacóige (Inniu 5 Eanáir 1951). Mar bhaill de Craobh na hAiséirí scríobh sé féin agus Roger McHugh paimfléad ar Pharnell.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Craobh na hAiséirí agus Ghlún na Bua. Ceapadh é ina Stiúrthóir ar Comhar nuair a bunaíodh é i 1942. In Comhar 1942-1982, 1982 scríobh Dónall Ó Móráin sa réamhrá:

‘Aon duine go bhfuil aon chur amach aige ar stair na hirise ní thógfaidh sé orm go luafainn go sonrach duine amháin. . . . Tá mé ag tagairt do Sheán Sáirséal Ó hÉigeartaigh a rinne an obair thógála ar fad sna blianta tosaigh. . . . Is fiú a mheabhrú, measaim, i mblianta úd an chogaidh ag tús shaolré na hirise go raibh de dhualgas ar an Stiúrthóir ní hamháin scríbhneoirí a spreagadh chun pinn ach a chinntiú freisin go mbeadh dóthain páipéir ar fáil ón lucht candála chun a gcuid saothair a fhoilsiú. Rinne sé seo ar fad thar cionn—agus fiche cúram eile freisin’.

Chuir sé béim ar leith ar an taobh gnó d’fhoilsiú na hirise. ‘Rinne sé staidéar ar fhoinsí cló agus ar chórais leagan amach a d’fhág ina shaineolaí é ar an gclódóireacht. Faoina stiúir, rinneadh iris ghairmiúil a raibh stíl dá cuid féin aici de Comhar, a dúirt a bhean. Bhí baint aige le bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943 agus deir Ó Móráin:

‘Faoin mbliain 1947 bhí Seán agus mé féin ar Bhord Stiúrtha Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus de bharr na tosaíochta a ghlac seisean san eagras úd d’éirigh leis sa bhliain 1948 rud nua ar fad a bhaint as an Stát, is é sin pátrúnacht éigin ar na tréimhseacháin Ghaeilge’.

Bhunaigh sé Sáirséal agus Dill i 1945, le £300 a d’fhág a aintín (Eilís Dill Nic Ghabhann) aige, d’fhonn freastal a dhéanamh ar ghlún nua scríbhneoirí nach raibh an Gúm sásta a saothar a chur i gcló. Foilsíodh an chéad leabhar Tonn Tuile ar 30 Samhain 1947. Tá cuntas gairid ar bhunú agus stair an chomhlachta ag Bríghid Bean Uí Éigeartaigh in Sáirséal agus Dill 1947-1972: Taispeántas sa Leabharlann Nua, Coláiste na Tríonóide 23 Samhain—9 Nollaig 1972. In Scéala Éireann 16 Deireadh Fómhair 1967 mhaígh Séamus Ó Néill gurbh é Seán ba mhó ba chionnsiocair le bunú an Chlub Leabhar i 1948. Faoin am seo bhí post príomhoifigigh aige sa Roinn Airgeadais. Cé gur thug an rialtas tacaíocht áirithe airgid do Sháirséal agus Dill i 1965, bhí easpa acmhainní ina bhac fós ar obair an chomhlachta. Ag an bpointe sin bhí 90 leabhar foilsithe ag an gcomhlacht: úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, drámaí, beathaisnéisí, litreacha, dialanna, leabhair do pháistí, téacsleabhair scoile. . . .

Pointí arda i scéal a bheatha is ea na hócáidí móra litríochta agus foilsitheoireachta lena linn: foilsiú Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i 1950; Nuabhéarsaíocht an bhliain chéanna; Bord na Leabhar Gaeilge—ba í obair Shairséal agus Dill a spreag an rialtas lena bhunú i 1952; foilsiú Eireaball Spideoige, 1952, céadchnuasach Sheáin Uí Ríordáin; Ceo Meala Lá Seaca, 1952 le Micheál Mac Liammóir, an chéad leabhar a cuireadh i gcló in Éirinn agus i Sasana le hinneall clódóireachta liotagrafaíochta; Claíomh an Díoltais, 1961 le hAnnraoi Ó Liatháin, an chéad leabhar scannánchló a foilsíodh in Éirinn nó i Sasana. Ó thús go deireadh chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe córas eagarthóireachta, deartha agus foilsithe a chur ar fáil don scríbhneoir Gaeilge a bheadh ar aon dul leis an gcaighdeán is fearr in aon tír.

Fuair sé bás in oifig Sháirséal agus Dill 14 Meitheamh 1967. I dtuairisc an bháis in Irish Times 16 Meitheamh 1967 dúradh: ‘Seán Ó hÉigeartaigh will be remembered as the man who did the most practical and effective work for Irish writing since the restoration movement started’. Dúradh ann freisin go ndéanadh sé dhá lá oibre gach lá sa tseachtain agus gur chomhartha ar a laghad a bhain aon mhór is fiú leis go dtéadh sé timpeall na cathrach ar a rothar. An lá céanna in Scéala Éireann scríobh Séamus Ó Néill:

‘We, the writers who gathered around him, know that no matter what happens in the future, nothing will ever be quite the same again. We shall not find again the enthusiasm we caught from him. At the moment I don’t think any of us want to find it again. No more that calm, wistful smile; no more the quiet voice on the telephone reassuring, approving, advising. No more the warmth of a truly great spirit !’.

An lá dár gcionn in Irish Times scríobh Seán Mac Réamoinn:

‘Bhí Seán Ó hÉigeartaigh ar na daoine ba dhíograisí dár mhair riamh in Éirinn. Ach cé nach mbíodh aon trócaire aige air féin, níor cheil sé trócaire ná cúnamh ar éinne eile. Ní fhaca fearg riamh air, cé go mba mhinic údar feirge aige; níorbh aon amadán é ach d’fhuilingeodh sé amadáin na tíre go foighneach. D’éisteadh sé go humhal le tuairim, dhéanadh sé argóint go múinte séimh, agus nuair ba léir dó an rud ba cheart a dhéanamh, b’shiúd chuige é gan beann ar a chompord féin. Ní mheasaim gur thuig sé cad ba chiall le heagla ná le fearmad ná le suarachas. Ba dhuine grámhar é’.

Chuir T.K. Whitaker síos in Comhar, Meitheamh 1967 ar a chuid oibre sa státseirbhís.

‘Chaith Seán a shaol oifigiúil go léir sa Roinn Airgeadais seachas tréimhsí sa Roinn Soláthairtí, sa Roinn Tionscail agus Tráchtála agus mar ionadaí na Roinne Airgeadais ar chúrsaí pinsean sa Roinn Cosanta. Ba shaineolaí ar dhúrúnta na bpinsean é. Chaith sé tamall ag gabháil d’idir-réiteach agus eadráin sa Státseirbhís, an chuid ba thaitneamhaí ar bhealach dá dhualgaisí oifigiúla óir thug sé caoi dó a bhuanna díospóireachta a chur i bhfeidhm. Ba bhreá le haon duine bheith ag éisteacht leis agus cúis á phlé aige os comhair an Bhoird Eadrána—na fíricí bailithe le chéile go paiteanta aige, an argóint go loighciúil agus an sruth cumasach cainte. Is fada go sárófar é. Ba é ionadaí na hÉireann é ar bhuíon eadarnáisiúnta a bhí ag dréachtadh rialachán do Státseirbhís na hEorpa agus cáil mhór air dá bharr. . . . Bhí sé ar dhuine de na Státseirbhísigh ba mhó léann, díograis agus éifeacht lena linn agus bhíothas ag brath ar chuidiú mór uaidh ag tabhairt aghaidh ar an gComhargadh dúinn’.

Bhí Whitaker deimhneach de gur chaith sé iomlán a chuid saorama agus maoine le litríocht na Gaeilge a chur ar aghaidh agus gur giorraíodh a shaol de bharr na díograise seo. I measc na ndaoine eile a mhol go hard é bhí Breandán Ó hEithir in Feasta, Iúil 1967, Mac Liammóir agus Earnán de Blaghd in Inniu 23 Meitheamh 1967 agus Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Iúil 1967.

Ba í a bhean chéile Bríghid a bhí freagrach go príomhdha ó thús i ngné na heagarthóireachta de shaothar Sháirséal agus Dill. Tar éis a bháis ghlac sí freagracht i ngnéithe eile na foilsitheoireachta freisin, agus d’fhoilsigh an comhlacht breis is caoga leabhar eile faoina stiúir. Níor éirigh an comhlacht as an ngnó go dtí go raibh formhór mór na scríbhneoirí ar chun freastal orthu a bunaíodh é imithe ar shlí na fírinne. Ghlac Caoimhín Ó Marcaigh dea-mhéin agus cóipchearta an chomhlachta agus bhunaigh sé comhlacht nua, Sáirséal-Ó Marcaigh, ar cheann dá aidhmeanna an saothar ba thábhachtaí a choinneáil i gcló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú