NÍ MHAOILEOIN, Úna (1927–1994)

Ealaíontóir, potaire, scríbhneoir agus maisitheoir leabhar ab ea Úna Ní Mhaoileoin agus tá cáil ar leith ar a leabhar Le grá ó Úna (Sáirséal agus Dill, 1958) a bhain preab as léitheoirí mar gheall ar an stíl nua-aimseartha a bhí ann; ar an gcódmheascadh a bhí ann idir Gaeilge, Béarla agus teangacha eile; agus ar dhearcadh neamhurraimeach an údair óig.

Rugadh Úna Ní Mhaoileoin ar an 11 Feabhra 1927 ag 8 Sráid Stanhope, Baile Átha Í, Co. Chill Dara. Ba í Bríd Bhreathnach (1888–1955), múinteoir scoile as Cill Fhínín, Co. na Gaillimhe, máthair Úna. Ba é Séamas Ó Maoileoin (1893–1959) as Mídín in aice le Bealach an Tirialaigh i gCo. na hIarmhí, a hathair. Bhí seisean ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus chaith sé sealanna i bpríosún Wakefield agus Frongoch tar éis Éirí Amach 1916. Múinteoir fíorábalta ab ea Séamas agus chaith sé tamall ina thimire le Conradh na Gaeilge sa Drom Bán i dTiobraid Árann, mar a raibh Bríd Bhreathnach ina múinteoir bunscoile. Pósadh sa bhliain 1917 iad. Bhí Séamas ina Cheann Briogáide tamall ar Bhriogáid Oirthear Luimnigh i gcaitheamh Chogadh na Saoirse agus thug sé cuntas ar a ról i gCogadh na Saoirse sa leabhar B’fhiú an braon fola (Sáirséal agus Dill, 1958). Máirtín Ó Cadhain a thug aitheasc os cionn a uaighe nuair a cailleadh é. Duine ab ea é a raibh meon an-neamhspleách aige; bhris an chléir as scata post é toisc gur dhiúltaigh sé fanacht ina thost nó éirí as feachtais phoiblí. Bhí an tréith chéanna ag baint le hÚna.

Timpeall na bliana 1929 d’aistrigh an teaghlach go Port Láirge, áit ar fhanadar go 1939. Ba í Úna an duine ab óige sa teaghlach. Bhí deartháir amháin aici, Ailbe, agus ceathrar deirfiúracha: Máirín, Bríghid, Eibhlín agus Síghle. Chaith Úna formhór a hóige i bPort Láirge, mar a raibh a hathair ag múineadh, i gColáiste De La Salle ar dtús agus ansin i Scoil an Bhaile Nua, Port Láirge ó 1933. Bhí cónaí orthu i gcomharsanacht na scoileanna sin. Chaith Úna tréimhsí freisin i gCill Fhínín lena máthair chríonna Mary Kate Mulcahy, iar-phríomhoide. Mhúin a máthair Úna sa bhaile sna chéad bhlianta. Tar éis dá hathair post a fháil ann cuireadh Úna ar scoil i Scoil an Bhaile Nua, sa bhunscoil agus ina dhiaidh sin sa mheánscoil. Le linn a hóige bhuail galar aduain í a choinnigh tréimhsí fada san ospidéal í agus a d’fhág cos amháin cúpla orlach níos giorra ná an ceann eile, rud a chruthaigh míchompord di feadh a saoil. Cuireadh isteach go mór ar a cuid meánoideachais agus ní dhearna sí scrúdú na hArdteistiméireachta.

In 1939 d’aistrigh an teaghlach go Tulach Mhór, mar a raibh post nua faighte ag Séamas, agus timpeall na bliana 1947 d’aistríodar go Bealach an Tirialaigh, áit ar bhunaigh sé meánscoil dá chuid féin, Meánscoil Thomáis Dáibhis. Taca an ama sin, ba i mBaile Átha Cliath a bhí Úna ag cur fúithi. Chaith sí seal ag gabháil de chéim i gColáiste na Tríonóide ach ‘ní raibh aon iontas’ ar a muintir, a dúirt a deirfiúr Bríghid sa réamhrá le Le grá ó Úna, nár fhan Úna fada go leor ann leis an gcéim a bhaint amach. Thuigfeá ó An maith leat spaigití? go raibh an Fhraincis mar ábhar sa chéim a bhí ar siúl aici. Bhí sí ar choiste a d’eagraigh ócáid shóisialta Ghaeilge sa choláiste sin ar an 9 Feabhra 1947, ócáid ar tráchtadh uirthi i gcuntas san Irish Independent mar an chéad chéilí sa choláiste sin. In 1949 bhí cónaí uirthi féin agus a deirfiúr Síghle ag 31 Páirc Lansdún. Nuair ab éigean dá hathair an scoil a dhúnadh timpeall na bliana 1951 d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath agus bhí cónaí orthu ag 15 Garrán an Mhiortail, Stigh Lorgan.

Duine de dheirfiúracha Úna í Bríghid Ní Mhaoileoin (1920–2006), a phós Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh (1917–1967). Ba leo an comhlacht foilsitheoireachta cáiliúil Sáirséal agus Dill. Bhí baint leanúnach ag Úna leis an gcomhlacht mar údar agus dhéanadh sí clúdaigh leabhar a dhearadh freisin agus, uaireanta, líníochtaí nó léarscáileanna a chur ar fáil le haghaidh leabhar. Bhí aithne aici ar chuid mhaith de scríbhneoirí an chomhlachta. Tar éis bhás Shéamais, athair na ndeirfiúracha, in 1959, chuir Seán agus Bríghid árasán ar fáil d’Úna agus dá deirfiúr Eibhlín ina dteach cónaithe ag 37 Bóthar an Ghoirt Aird, Baile Átha Cliath 6.

Ba é mian croí Úna a bheith ina potaire. D’fhreastail sí ar chúrsaí potaireachta i mBaile Átha Cliath agus bhí áith chriadóireachta dá cuid féin aici ar feadh tamaill. Bhuail tubaiste í nuair a bhuail bus faoina gluaisteán i mBaile Átha Cliath i lár na 1950idí agus scaoileadh teasc ina muineál. Níor leigheasadh riamh i gceart é agus fágadh le drochphian í. Chuir sé sin isteach go mór ar a cuid potaireachta. Rinne sí obair le copar agus taispeánadh saothar dealbhóireachta dá cuid i gceann de na chéad taispeántais de chuid Rosc i mBaile Átha Cliath. Bhí scil ar leith aici le peann luaidhe, rud atá le feiceáil go soiléir na sceitsí beaga in Le grá ó Úna, nó leithéidí Nua gach bia: a dictionary of culinary terms le Muiris Ó Droighneáin (Sáirséal agus Dill, 1973). Tá raon plátaí agus roinnt soithigh ilchineálacha léi fós ag daoine muinteartha dá cuid. Tá siad le haithint ar an ‘Ú’ mór lenar síníodh sí iad. Is léir ó na potaí seo go raibh spéis ar leith ag Úna i ndathanna agus i gcomhréir na ndathanna. Bhí sí críochnúil i ngach ní dá ndearna sí, agus ach oiread lena deirfiúr Bríghid, ní ghlacfadh sí riamh le toradh leathshásúil.

Bhí dúil i gcónaí sa taisteal ag Úna. Bhain sí amach sparánachtaí chun staidéar a dhéanamh ar an bpotaireacht san Iodáil agus sa Túinéis. As na turais sin a d’eascair a trí leabhar, Le grá ó Úna, An maith leat spaigití? agus Turas go Túinis. In 1957 a rinne sí a céad turas chun na hIodáile agus chaith sí ocht mí ansin. Thug sí turas eile ann i samhradh na bliana 1959, turas míosa. Tá tagairtí in An maith leat spaigití? freisin do thuras a thug sí ar an nGréig. Tá an tsuim a chuir sí i nósanna na ndaoine le haithint ar na leabhair sin go léir. In 1961 bhain sí Meiriceá amach. Thug sí turas míosa ar Thúinis uair éigin sna 1960idí. Lean sí de bheith ag tabhairt turas ar an Iodáil feadh a saoil; d’fhreastail sí ar ranganna in Perugia, agus i mblianta deiridh a saoil chaith sí roinnt tréimhsí ar saoire in Rimini agus i San Mairíne.

Sa bhliain 1960, nuair a ghlac sí cás cúirte de bharr na timpiste leis an mbus a tharla roinnt blianta roimhe sin, bhí cónaí uirthi ag 15 Garrán an Mhiortail, Stigh Lorgan. D’fhág sí Baile Átha Cliath thart ar 1964 agus chuir fúithi i Londain Shasana, i gceantar Ealing.

I dtaca le cúrsaí oibre de, ní raibh aon deacracht riamh ag Úna post a fháil, agus d’éirigh go breá léi i ngach post dár thug sí faoi. Níor ghnách léi, mar sin féin, fanacht rófhada in aon cheann acu, cé gur fhan sí cúig bliana i mbun margaíochta le comhlacht bróg Clarks ag tús na 1950idí. Bhain sí dioplóma amach ón bhForas Riaracháin, cúrsa a bhí á reáchtáil go páirtaimseartha ag Coláiste na Tríonóide. D’éirigh sí as Clarks chun dul ag taisteal. Chaitheadh sí tréimhsí freisin ag obair in oifig Sháirséal agus Dill idir turais. Rinne sí obair rúnaíochta agus d’ullmhaigh clúdaigh, léaráidí agus léarscáileanna i gcomhair leabhar de réir mar ba ghá. Chaith sí tamall i Meiriceá chomh maith – scaoileadh isteach trí chaladh Nua-Eabhrac í ‘as an immigrant’ ar an 22 Bealtaine 1961. Is dócha gur chaith sí tamall ar an gcósta thoir, ach ba siar go California a bhí a triall, mar a raibh a deirfiúr Síghle ina cónaí lena fear, Nigel White, in Southgate in aice Los Angeles. Fuair sí post ansin ag obair i siopa taoschnónna Winchell’s. Briseadh a lámh sa tréimhse sin freisin agus níor chneasaigh sí choíche i gceart, rud a chuir leis an bpian a bhíodh á fulaingt aici. Dar lena nia Niall White, thug sí turas ar Mheicsiceo nuair a bhí sí thall, agus cuairt eile ar an tSeapáin.

D’aistrigh Úna go Londain thart ar 1964. Mhúin sí ranganna potaireachta in Hanwell Community Centre in iarthar na cathrach agus d’fhreastail sí ar choláiste oiliúna do mhúinteoirí in Ealing. Dhéanadh sí iarnáil ar léinte d’fheidhmeannach ón City of London agus d’íoc sé go maith í as an tseirbhís sin mar dúirt sé nach raibh aon duine eile ábalta é dhéanamh chomh maith céanna léi. Rinne sí taighde freisin do Sháirséal agus Dill i Músaem na Breataine ar léaráidí le haghaidh an leabhair Dúdhúchas leis an Athair Pádraig Ó Máille (Sáirséal agus Dill, 1972).

Saghas Bridget Jones’ diary na Gaeilge atá sa chéad leabhar a tháinig ó Úna, Le grá ó Úna (Sáirséal agus Dill, 1958), ach faobhar na tráchtaireachta sóisialta a bheith leis freisin. Tá an saothar bunaithe ar fhíorlitreacha a chuir Úna ar ais chuig a muintir agus í san Iodáil. Roghnaíodh an leabhar le scaipeadh tríd an gClub Leabhar. Ag cuimhneamh siar dó ar an leabhar, scríobh Andrew Maxwell faoi: ‘A shudder of horror went through the language purists and puritans of the Language movement. The forward -thinkers and liberal elements on the other hand experienced a little thrill of delight.’ Deirfiúr Úna, Bríghid, a scríobh an réamhrá. Tá an-léargas ann ar spiorad Úna agus ar an tslí ar chuma léi faoi thuairimí daoine eile. Dar le léirmheastóir ón Gaelic Weekly gurbh é Le grá ó Úna an t-aon leabhar a thabharfaidís do ‘dhuine óg sa Ghalltacht a mbeadh Gaeilge agus gnáthbhuanna na hóige’ aige.

Foilsíodh An maith leat spaigití? sa bhliain 1965. Cuntas i bhfoirm dialainne atá sa leabhar ar chamchuairt a thug Úna ar an Iodáil i dteannta a deirféar Eibhlín agus a nia Cian Ó hÉigeartaigh. Bhí Andrew Maxwell idir dhá chomhairle faoi An maith leat spaigití? toisc é a bheith suite san Iodáil arís, agus rinne sé cur síos ar an leabhar mar ‘Úna rides again.’ Ag an am céanna, d’aithin Maxwell cumas grinn Úna: ‘The author has a wonderful if faintly malicious gift for hitting off chance acquaintances and intimate friends.’ I léirmheas ar An maith leat spaigití? in eagrán na Samhna de Comhar sa bhliain 1966, thug Alan Titley aitheantas d’Úna as Gaeilge Bhaile Átha Cliath a úsáid. Moladh a bhí i gceist ag Titley nuair a dúirt sé go mbeadh an tAthair Peadar ag urlacan san uaigh dá léifeadh sé an leabhar. Mheas Titley go dteastódh ‘sos anála’ ó léitheoirí an leabhair toisc gur ghluais an leabhar ‘ar luas mire ó thús deiridh agus ní cleachtach dúinn an mhire seo i leabhair Ghaeilge.’ Thóg Titley ceann freisin den ‘dearcadh banúil’ a bhí sa leabhar agus d’aithin gur chuntas taistealaí seachas cuntas turasóra a bhí ann. Chreid Titley go raibh Úna ‘óg, úr, nua, saor.’

Cuntas fíor ar thuras eile ab ea Turas go Túinis a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill in 1969. Bhí cuntas ann ar thuras a thug Úna tríd an bhFrainc, an Spáinn, an Iodáil agus an Túinéis. Tá cur síos breise le fáil ar a cuid taistil sa chlár Gaeilgeoirí a mhair thar lear a craoladh ar Raidió Éireann Déardaoin, 5 Nollaig 1963.

Dhéanadh Úna dearadh ar chlúdaigh leabhar de chuid Sháirséal agus Dill agus i measc na leabhar a mhaisigh sí, tá An t-iolar dubh agus long na marbh (1958) le Criostóir Ó Floinn, Buachaill ar fán (1959) le Siobhán Ní Bhriain agus Triúr don Chómhargadh (1968) le hEoghan Ó Grádaigh. I measc na leabhar do leanaí a mhaisigh sí, tá Aibítir na n-ainmhithe (1969) le Seosamh Ó Murthuile agus Scéalta ón mBíobla (1970) le Bríd Ní Loingsigh. Ba é Aibítir na n-ainmhithe an ‘leabhar is maisiúla a foilsíodh i nGaeilge le fada an lá’ dar le Tomás Mac Lopúis in alt faoi leabhair na bliana in The Irish Times, 3 Eanáir 1970. Luaitear Úna mar aistritheoir (i dteannta Sheáin Uí Choistealbha) ar an leabhar Dónal agus an leac oighir (1971) agus An sicín agus an mac tíre (1971) ar leaganacha iad de bhunleabhair Iodáilise do leanaí. Ba í freisin a dhear an clúdach don iris Féach a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill idir 1974 agus 1979.

Phós Úna Sasanach darbh ainm Thomas Fyson sa bhliain 1968. Tar éis di pósadh mhair sí ag 87A Grange Road, Londain W5. Innealtóir raidió ab ea Thomas a bhí ag obair don Civil Aviation Authority ag aerfort Heathrow. Ba nós leis tréimhsí a chaitheamh sa samhradh mar ionadaí in Mangurstadh ar Oileán Leodhais in Inse Ghall na hAlban. Cheannaíodar bothán ansin. Tar éis do Thomas éirí as a phost uair éigin sna 1970idí, d’aistríodar go buan go dtí North End, Cairisiadar, Oileán Leodhais, Inse Ghall. Is ann a d’fhan Úna don chuid eile dá saol. D’fhreastalaíodh sí ar ranganna i nGàidhlic na hAlban go rialta le linn di a bheith ar Oileán Leodhais; i measc a cuid páipéar nuair a cailleadh í, bhí an-chuid nótaí sa teanga sin. I mblianta deiridh a saoil d’oibrigh sí i siopa ceardaíochta in Steòrnabhagh. Ní raibh aon chlann ar Úna agus Thomas ach bhí sí an-mhór lena gaolta. Duine an-mheabhrach ab ea í agus bhí meon an duine óig aici fiú amach ina saol. Dar le Conall Mac Gearailt, garnia le hÚna, gur bean lán craice a bhí inti agus ba bhreá leis féin agus lena dheirfiúr an turas a thugadar uirthi in Albain agus iad óg chomh maith le turas a thug siad ar an Veinéis ina teannta in 1990 agus na turais a thugadh sise abhaile.

Ba í croí na féile i gcónaí í Úna agus tá tagairt dó seo i litir a scríobh fear óg de bhunadh Protastúnach chuig a mhuintir in 1949 ina ndéanann sé trácht ar fhleá a bhí ag Úna agus ag a deirfiúr Síghle ag 31 Páirc Lansdún, Baile Átha Cliath:

The house is small, and yet she had about twenty-two of us on Tuesday night. [...] it was about 5.30, I think, when the main body of visitors began to go home to bed. This is, I believe, the sort of thing the Maoil Eoins like and go in for occasionally. How they do it on a big scale like that I don’t know, but certainly Úna and one of her sisters, Síle, kept things going with a swing. The supper was very good indeed, and it seemed to them that nobody could possibly have enough lemon squash or cider. People sat around on chairs or on the floor, and though nobody could move about very much, we talked incessantly and sang long and loudly, in Irish, English, French, German and Flemish. Altogether we all enjoyed ourselves tremendously ...

Ba í croí na féile fós í i Londain fiche bliain níos déanaí. I litir a chuir sí chuig neacht Úna, Aoileann Nic Gearailt, tar éis bhás Úna, scríobh Jean Buggy: ‘we both attended classes [in Hanwell Community Centre] but on different nights, for 2 years. Thanks to one of Una’s lively “kiln room parties” we finally met ...’

D’éag Úna ar an 25 Aibreán 1994, san ospidéal in Steòrnabhagh. Niúmóine a mharaigh í, ach bhí leoicéime tagtha chomh maith uirthi. D’éirigh lena deirfiúr Bríghid a bheith ina teannta an lá a cailleadh í.

Tá eolas faoi Úna le fáil inter alia sa leabhar Sáirséal agus Dill, 1947-1981: Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht, 2014). Craoladh clár raidió faoi Úna agus faoina saothar mar chuid den tsraith Deichniúr Údar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 2 Eanáir 2020.

Aoileann Nic Gearailt

Róisín Ní Ghairbhí