Deartháir Shéamus Ó Maoileoin a rugadh i Mídín, Bealach an Tirialaigh, Co. na hIarmhí. Tá cuntas ar a shaol is a mhuintir in Survivors. . ., 1987 (an dara heagrán) le hUinseann MacEoin. Bhí sé ar dhuine de throdairí nótáilte na saoirse sa Mhumhain. Chaith a shaol mar mhúinteoir Gaeilge i gceantar an Aonaigh. D’éag 14 Aibreán 1981.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú