I gCaol Fuinseann, Cill na Martra, Co. Chorcaí, a rugadh é. Seán Ó Tuama ó Lios Buí, Cill na Martra, fear déirí, a athair. Siobhán nó Hanna Ring ab ainm don mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge an bheirt acu agus bhí traidisiún ag an gclann go mbíodh ar Shiobhán Ring an bata scóir a chaitheamh sa scoil. I Scoil Náisiúnta Chill na Martra a fuair Seán a chuid oideachais. Bhí sé ina bhall de Chraobh Mhaigh Chromthaden Chonradh in 1897. Ceird an athar faoi deara go raibh cónaí ar an gclann anseo is ansiúd agus is i gcathair Chorcaí a lonnaigh siad nuair a bhí 16 bliana ag Seán. Ba mhinic a théadh sé i dteannta a athar le soláthar ime go dtí Margadh an Ime sa chathair. I 1902 cheangail sé le Craobh na Linne Duibhe. Bhí sé ag obair i muileann ar Bhóthar na gCoimíní ach i 1907 ceapadh é ina mhúinteoir taistil. Tá cuntas ag Siobhán Lankford in The Hope and the sadness: personal recollections ar conas mar thagadh sé go Mala uair sa tseachtain ag múineadh ranga ann gan táille ná costais a fháil ach cupán tae roimh dhul abhaile go Corcaigh ar thraein an mheánoíche.

I mí na Samhna 1909 phós sé Síle Ní Mhurchú, ball de Chraobh na Linne Duibhe. Táilliúireacht an cheird a bhí aici. Ba í a roghnaíodh chun an “Cnoicín Fraoigh” a chasadh sa chéad dráma Gaeilge a léiríodh i gcathair Chorcaí, An Tobar Draíochta leis an Athair Ó Duinnín. Bhí guth binn aici agus stór mór amhrán Béarla aici. Bhí cúigear clainne acu arbh é Seán Óg Ó Tuama an dara duine.

Ó 1912 amach bhí post sa Cork Free Press aige agus bhí sé ina leaseagarthóir i ndiaidh tamaill. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh i 1913 agus bhí páirteach sa bhuíon ó Chorcaigh i sochraid Uí Dhonnabháin Rosa. Bhí sé ina mháistir ceathrún ag Briogáid a hAon Chorcaí. Tar éis an Éirí Amach bhí sé ina oifigeach i gComplacht C de Bhriogáid a hAon Chorcaí.

Bhí sé ina bhall den choiste i gCorcaigh a d’eagraigh Oireachtas 1919. Ceapadh é an bhliain chéanna sin mar rúnaí ar Chonradh na Gaeilge in áit Sheáin. T. Uí Cheallaigh a bhí imithe thar lear thar ceann na Dála. Air a thit cúraimí rúnaíocht an Oireachtais freisin. Ach i 1920 agus é ar ais i gCorcaigh i mbun chúraimí Bhriogáide a hAon gabhadh é agus gearradh cúig bliana déag príosúnachta air. In Inis Píc (nó Oileán Easpaig mar a thugadh sé féin air) is mó a bhí sé. Ba é a bhí i gceannas na bpríosúnach ann nuair a tharla an chéad éalú riamh as. Ba iad an triúr a d’éalaigh: a dheartháir Conchubhar, Seán Mac Suibhne agus Tomás Ó Maoileoin. Scaoileadh amach é ar 12 Eanáir 1922.

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh, é ina stiúrthóir poiblíochta faoi Liam Ó Loingsigh agus stádas Leifteanantchoirnéil aige. Gabhadh é ar a shlí go Meiriceá mí na Samhna 1922 agus chaith sé tamall i bPríosún Mhountjoy. Bhí sé i gceannas na bpríosúnach i Tintown 11 sa Churrach nuair a chuathas ar stailc ocrais ar feadh 40 lá. Scaoileadh saor é mí na Nollag 1923.

Fuair sé post sealadach i mBardas Chorcaí. Níorbh fhéidir é a bhuanú sa phost toisc nach dtógfadh sé an mionn dílseachta. Ceapadh é go seasmhach sa phost nuair a cuireadh deireadh leis an mionn. Bhí poist éagsúla aige i Sinn Féin, bhí sé ina Thánaiste ag an gConradh tamall agus ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1956. Fuair a bhean bás ar 7 Bealtaine 1958 agus is in aontíos lena mhac Seán Óg agus a iníon Máire i mBaile Átha Cliath a chaith sé an chuid eile dá shaol. D’éag sé ar 28 Deireadh Fómhair 1972.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú