Ó SÉAGHDHA, Seán Pádraig (1887–1971)

Cuid thábhachtach d’obair Chonradh na Gaeilge ó thosach, nach mór, ba ea déantúsaíocht na hÉireann a chur chun cinn. As coiste tionscail an Chonartha a d’fhás an ghluaiseacht náisiúnta tionsclaíochta. Níl aon duine is fearr a léirigh an gaol sin ina phearsa ná Seán P. Ó Séaghdha. Tá léiriú ar a mheon san alt ‘Páirt Chonradh na Gaeilge in athbheochan na dtionscal Gaelacha’ in ‘Faisnéis Stairiúil Iubhaile Órga 1905–1955 nó saothar caoga bliain ag C.N.C.T.I’.

Ag 8 Sráid Sheoirse, Corcaigh, a rugadh é ar 7 Iúil 1887. Ba é James, clódóir, a athair agus ba í Minnie O’Brien a mháthair. Ba é an duine ba shine é den triúr a mhair. Tá sé faighte amach ag a ghariníon, Máire Mac Conghail, go raibh a sin-seanathair, James O’Shea, a bhean chéile Minnie (Mary), a seanathair John P., agus Kathleen Frances, deirfiúr John P, lonnaithe in Birmingham tamall roimh dheireadh 1899. Ligeadh James O’Shea, ‘compositor journeyman of Birmingham’ isteach in Otharlann Theach na mBocht, Western Road, Birmingham, ar 27 Nollaig 1899 agus fuair sé bás ann ar 28 Eanáir 1900. Ciorróis ae ba chúis lena bhás, dar leis an teastas báis.

De réir Dhaonáireamh 1901 i Sasana bhí Minnie O’Shea, baintreach, 34 bliain d’aois. Bean ghlantacháin í agus mac aici, John P. O’Shea, a bhí 13 bliana d’aois agus é ag obair mar bhuachaill aimsire ag grósaeir. Deich mbliana d’aois a bhí ag a hiníon Kathleen agus bhí cónaí orthu ag House Court, Bell Barn Road, Birmingham, agus cuairteoir darbh ainm Dennis Wilks sa teach acu oíche an Daonáirimh.

Ar ball fuair Seán post i gcomhlacht iarnróid in Birmingham. Chaith sé dua le hoideachas a fháil: ag ranganna oíche rinne sé staidéar ar ghnó, ar thrádáil agus ar luathscríbhneoireacht. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i gcraobh de Chonradh na Gaeilge. Faoi mhí na Samhna 1909 bhí sé ina bhall de choiste na craoibhe.

Timpeall an ama seo a casadh air Kitty Nic Caochlaoich (Kehilly), iníon feirmeora a bhí tagtha go Birmingham ó Chúilín an Ghabha, Dún Mánmhaí, Co. Chorcaí, chun an staidéar a bhí déanta aici ar chúrsaí gnó a chur chun tairbhe. Bhí aithne ag Seán ar a deartháir. De réir Dhaonáireamh 1911 bhí sa teach ag 12 Upper Ryland Road, Birmingham: Mary O’Shea, baintreach a bhí 48 bliain d’aois, John P O’Shea, a mac, cléireach i gcomhlacht iarnróid, 23 bliain d’aois, agus cuairteoir Kitty/Kathleen Kehilly cléireach, a bhí 27 bliain d’aois. D’fhill John P. agus Kitty Kehilly ar Éirinn agus phós i nDún Mánmhaí ar 5 Deireadh Fómhair 1912. I dtaifead an phósta is i nGaeilge a scríobh siad a n-ainmneacha agus cuid eile dá sonraí. Bhí Kitty tosaithe ar Ghaeilge a fhoghlaim agus chaith siad mí na meala sa Rinn, Co. Phort Láirge. Bhí post cléireachais ag Seán i Mór-Iarnród an Tuaiscirt agus is ag 34 Plás Seville, Baile Átha Cliath, áitreabh fostaithe an chomhlachta sin, a bhí cónaí air ag tráth a phósta. Nuair a saolaíodh a gcéad leanbh, Máirín, ar 6 Nollaig 1913, bhí cónaí orthu ag 9 Ascaill Shisil, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Faoi 1916 bhí Seán ina thaistealaí ag The Irish Cutlery Manufacturing Co. agus bhí cónaí ar an teaghlach ag 20 Bóthar Árann, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Is ann a rugadh a iníon Nessa Ní Shéaghdha ar 14 Márta 1916. Cheannaigh Seán an comhlacht, An Gaedheal-Chumann Déanta Scian, tar éis dó a bheith ina bhainisteoir air. Bhí a chuid fógraíochta le feiceáil i bpáipéir Chonradh na Gaeilge. Bhí fógra acu a thóg dhá thrian de chlúdach Misneach 18 Nollaig 1920, mar shampla. Ball de Chraobh an Chéitinnigh ba ea é. I ndiaidh an Éirí Amach chaith sé cúpla babhta i bpríosún, ceann díobh in Wandsworth. In Sinn Féin Rebellion Handbook, a d’eisigh Weekly Irish Times, tá ‘John P. O’Shea, 20, Arran Road, Drumcondra’ i liosta de 54 príosúnach a aistríodh ó Bheairic Risteamain go Wandsworth ar 9 Bealtaine 1916. Feidhm neamhdhleathach a bheith á baint ag na hÓglaigh as an monarcha cuitléireachta a bhí aige ba chúis leis. Sa chuntas a thug sé don Bhiúró Staire Míleata deir sé gurbh iad Micheál Ó Coileáin agus Cathal Brugha a d’iarr air dul chun na hIodáile ar thóir arm (cuntas báis in The Irish Times).

Chuaigh sé isteach i gCumann Foráis Tionscail Bhaile Átha Cliath in 1912 agus ó 1920 go 1923 bhí sé ina uachtarán air. In 1919 d’ainmnigh Dáil Éireann é féin agus an Cornal Muiris Ó Mórdha mar ionadaithe ón gcumann sin ar an gcoimisiún fiosraithe acmhainní agus tionscail. Is as an gcumann sin a d’eascair an N.A.I.D.A. (An Cumann Náisiúnta Curadóireachta agus Tionscal, nó an National Agricultural Industrial Development Association). Bhí monarcha éadaí ag Seán sna 1930idí, an Moore Clothing Company, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an Irish Wholesale Clothing and Cap Manufacturers’ Association. Theip ar a ghnó de dheasca fás na hiomaíochta agus athruithe a bhí tagtha ar na modhanna táirgthe. Ceapadh é ina rúnaí lánaimseartha ar an N.A.I.D.A. nuair a d’éirigh Erskine Childers as an bpost sin. Ba é Seán a bhunaigh an buantaispeántas d’earraí agus de dhéantús na hÉireann i gceannáras an chumainn ag 3 Faiche Stiabhna, agus a bhunaigh an feachtas ‘Buy Irish’. Chuir sé tús leis an mórpharáid thionsclaíoch i mBaile Átha Cliath agus ba é a dhéanadh í a eagrú gach Lá ’le Pádraig anuas go tús na 1960idí. Ach níor scéal sonasach ar fad é. Bhíodh ceisteanna mar leasú airgeadúil á bplé ag cruinnithe poiblí an chumainn. Níor thaitin seo leis an rialtas agus deirtear gur éirigh leo ionramháil a dhéanamh ar chúrsaí i dtreo go mbeadh móramh sa chumann ag an Federation of Irish Manufacturers Ltd. Briseadh Seán as a phost. Tá cuntas gairid ag J. Anthony Gaughan ar an aighneas seo in Alfred O’Rahilly II: public figure (1989) agus tá litir Uí Rathaille, a léadh ag cruinniú agóide i dTeach an Ard-Mhéara 14 Iúil 1944, i gcló aige:

By a series of manoevres unparallelled in my long experience of public life an alien class-composed body has now succeeded in obtaining a stranglehold over our association, signalling its grip by dismissing a fine Irishman who has given his life to the cause of national development.

Tugadh an t-aighneas chomh fada leis an Ard-Chúirt agus rinneadh breithiúnas a bhí fabhrach do sheanbhaill an N.A.I.D.A. agus do Sheán. Gheofar suimiú air sin i litir a bhí ag ball de chomhairle an chumainn, Donnchadh R. Ó Cinnéide, in The Standard 28 Feabhra 1947.

In 1922 cheannaigh sé teach agus talamh i mBaile na nGabhar, Dún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath. ‘Corca Dhuibhne’ a bhaist sé ar an teach. Teach mór caidrimh agus ceoil ba ea é agus ba mhinic daoine mar Phádraig Ó Siochfhradha, Colm Ó Lochlainn, Pádraig de Brún, Liam Gógan, Earnán de Blaghd agus Risteárd Ó Maolchatha agus a muintir ag an bhfáiltiú a bhíodh ar siúl gach oíche Dhomhnaigh. Is ann a d’fhás mac agus cúigear iníonacha Sheáin agus Kitty suas. Ceoltóir cáiliúil agus múinteoir ceoil i gColáiste Chnoc Síon sa Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, ba ea Máirín (d’éag 27 Deireadh Fómhair 1990); bhain cuid dá scoláirí ardcháil amach mar amhránaithe agus mar chláirseoirí; bhí sí pósta ar Mhicheál Feirtéar ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Bhí cáil an cheoil ar Róisín (1919–2005) freisin agus bhí baint mhór aici leis an gClaisceadal; bhí sí pósta ar Shéamus Ó Tuama (d’éag 1992), státseirbhíseach a raibh cáil air mar aisteoir agus ar mhac é le Seán (Fear) Ó Tuama agus ar dheartháir é le Seán óg Ó Tuama. Duine eile de na hiníonacha ba ea an scoláire Nessa Ní Shéaghdha (d’éag 11 Aibreán 1993) a bhfuil cuntas uirthi ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Uimhir a 6, Bealtaine 1993 agus ag Pádraig Ó Fiannachta in Éigse, 1996; bhí sí pósta ar David J. Doran. Tá cuntas iarbháis ar aonmhac Sheáin P. Uí Shéaghdha, Fionnbarra (1917–1993), innealtóir, in Electric Mail (páipéar tí Bhord Soláthair an Leictreachais), Aibreán 1993; bhí sé ina bhainisteoir réigiúnda ar an mBord ó 1969 go 1984 agus cáil na Gaeilge air. Múinteoir eacnamaíocht bhaile ba ea an ceathrú hiníon, Niamh Uí Chinnéide (1921–2009), agus ba í Nuala Uí Dhubhghaill (1923–) an duine ab óige sa teaghlach.

D’éag a bhean Kitty ar 27 Iúil 1948 in aois 67 bliain di. Ar 2 Nollaig 1950 phós Seán Maisie McKeefry, baintreach a thaispeánadh a cuid hataí ban sa bhuantaispeántas úd ag 3 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Dhíol sé ‘Corca Dhuibhne’ in 1962 agus chuaigh an lánúin chun cónaithe in Ascaill an Droichid, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath, i dteach ar le Maisie é. Timpeall an ama chéanna d’éirigh sé as rúnaíocht an N.A.I.D.A., cumann a raibh a ré ag teacht chun deiridh. D’éag Seán ar 8 Aibreán 1971. Toradh ar a óige i Sasana gur fhan beagán den tuin Shasanach ar a chuid Béarla, agus gur fhan mórdhúil ann (agus go deimhin ina mhac Fionnbarra freisin) go deireadh, sa chruicéad. D’imríodh sé an cluiche le foireann Warwickshire. D’imríodh sé sacar le Aston Villa: bhuaigh sé cúpla bonn óir agus Corn an F.A. ach thug do Chonradh na Gaeilge iad le leá sna 1920idí. Ach deireadh a iníon Neasa gurbh é an t-ábhar mórtais ba mhó aige, dá maireadh sé, breis mhaith is daichead duine dá shliocht a bheith ina gcainteoirí dúchais Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú