Gruagach an Tobair a ainm cleite agus is minic a thugtaí ‘An Gruagach’ air. Ar an gCrosaire Mór sa Ghleann Garbh, Co. Chorcaí, a rugadh é. Daniel Shea ab ainm dá athair, feirmeoir beag ba ea é. Ba í Catherine Harrington a mháthair, d'Arrachtánaigh 'Bhána' na háite í. Pósadh iad ar 19 Feabhra 1848 agus ar 23 Nollaig 1864 a rugadh Pádraig. Bhí cúigear deirfiúracha aige agus triúr deartháireacha. Ó bhí cónaí orthu tamall maith ón scoil is cois teallaigh a fuair an garsún óg oideachas go raibh sé 10 mbliana d’aois. Rinne monatóir de i scoil an Ghleanna Ghairbh nuair a bhí sé a 14. Faoi 1882 bhí sé ina mháistir i scoil an Neidín. I gceann cúig bliana eile bhí sé ar ais arís sa Ghleann Garbh. Cé is moite de bhliain sa choláiste oiliúna i Sráid Maoilbhríde i mBaile Átha Cliath, is sa Ghleann Garbh a chaith sé an chuid eile dá shaol múinteoireachta. A mhac Caoimhín a tháinig i gcomharbacht air mar phríomhoide.

Bhí an Gruagach ar an mbeagán múinteoirí a mhúineadh Gaeilge ina scoileanna sular bunaíodh Conradh na Gaeilge. Is spéisiúil gurbh eisean a mhol an rún ag Ard-Fheis 1908 a chuir clabhsúr ar aighneas díobhálach i dtaobh cead táillí a íoc leosan a bhí ag múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Agus i 1903 bhí sé orthusan a scríobh aistí in Scoil Ghaelach, leabhrán i dtaobh mhúineadh na n-ábhar léinn trí Ghaeilge i scoileanna na Gaeltachta. Ó 1902 amach bhí baint aige leis na cúrsaí Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Bhí Pádraig pósta ar Eibhlín Ní Shúilleabháin, múinteoir scoile ón mBunán i gCiarraí. Cúigear leanaí a bhí acu. Ar 1 Eanáir 1897 a rugadh duine díobh, an tAthair Casáin, OFM Cap. Mortimer a ainm baiste. I Mainistir San Inez, California, a d’éag sé 16 Feabhra 1981. Scríbhneoir é a bhfuil cuntas gairid air ag Muiris Ó Droighneáin in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge.

D’éag Gruagach an Tobair ar 9 Feabhra 1955. Annála na Tuaithe (Conradh na Gaeilge, 1905–7) an saothar b’aitheanta uaidh. An teanga a mhúineadh agus eolas a thabhairt ar an seansaol faoin tuaith na haidhmeanna a chuir sé roimhe ina chuid scríbhneoireachta. D’aistrigh sé sleachta as drámaí R. B. Sheridan agus scríobh na bundrámaí seo: An Sgoraidheacht (Brún agus Ó Nualláin, g.d.) agus Fastuím (1926). Chuir sé eagar ar an dráma Déanamh an Chleamhnais (Oifig An Lóchrann, 1926) le Síle Ní Chonchubhair. Idir 1903 agus 1926 bhí aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, An Lóchrann, Loch Léinn, United Irishman, An Branar, Fáinne an Lae, Banba agus irisí eile. Bhí sé ar na scríbhneoirí ba mhó le rá dá raibh ag móradh caint na ndaoine.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú