Amhránaí gairmiúil. I Lios Mór a rugadh. Bhuaigh Comórtas na bhFear san amhránaíocht aonair ag Oireachtas 1898. Chanadh ag ceolchoirmeacha Chonradh na Gaeilge. Baint aige leis an Carl Rosa Opera Co. ‘Since he gave up the operatic stage Mr O’Shea has been a warm exponent of the Gaelic songs and in this role he has taken no small part in the development of Irish music’ (Cork Examiner 14 Nollaig 1903). D’éag ar 7 Aibreán 1919. Tuairisc an bháis in Fáinne an Lae 12 Aibreán 1919.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú