Ó SÉAGHDHA, Muircheartach (1882–1970)

‘Is beag Gael i gCúige Mumhan a bhfuil níos mó déanta aige ar son na Gaeilge ná mar atá déanta ag Muircheartach, oide scoile’ (An Claidheamh Soluis 8 Bealtaine 1915). Dúirt Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha: ‘Níl a leithéid i mBéarra, is dócha, agus tá saothar trír déanta aige chun Béarra a Ghaelú idir teanga agus aiclíocht agus ceol agus eile. Agus tá sé go diail cliste mar oide, agus go leor oidí óga seolta i mbun gnótha aige. Is maith an aithne a bhí ag Cathal Brugha air agus ag dea-Ghaeil eile’.

Ar 11 Eanáir 1882 in Eadargóil, Co. Chorcaí, a rugadh é. Gréasaí ó Clocharán in aice le Láithreach, Co. Chiarraí, ba ea a athair Conchubhar. Aint leis an scoláire béaloidis Seán Ó Súilleabháin ba ea a mháthair Cáit Ní Shúilleabháin arbh as Eadargóil di. Bhí triúr deartháireacha agus cúigear deirfiúracha aige. Bhaineadh duine acu, Siobhán, duaiseanna Oireachtais ar amhránaíocht ar an sean-nós agus bhí duine eile díobh, Cáit, i measc na ndaoine a thug amhráin don Athair Pádraig Breathnach. Duine dá dheartháireacha ba ea Conchubhar, múinteoir i gCom Sheola, athair Sheáin Uí Shé, amhránaí cáiliúil. Duine eile díobh Seán Ó Séaghdha, múinteoir cáiliúil Dhoire an Chairn. Faoi Dhaonáireamh 1901 is siopadóir agus feirmeoir a bhí san athair, 55 bliana d’aois aige. I gContae Chiarraí a dúradh a rugadh é. In éineacht leis sa teach i gCeapach na Páirce, Eadargóil, oíche an Daonáirimh bhí: a bhean Kate (52); a iníon Julia (23); a mhac Mortimer (19), scoláire; Kate (16), scoláire; Nóra (10); Connor (8). Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla acu go léir. Dúradh i nDaonáireamh 1911 go raibh an lánúin pósta le 40 bliain agus go raibh an naonúr a rugadh dóibh ina mbeatha. Sa teach bhí: an t-athair (67); an mháthair (62); Máire (36), gúnadóir; Mortimer (29), múinteoir náisiúnta; Katie (26), múinteoir náisiúnta; Hanna (24), iníon feirmeora; Nora (21), iníon feirmeora; Edward O’Sullivan (4), garmhac.

Monatóir i scoil Eadargóil ba ea Muircheartach ar dtús. Bhuaigh sé Scoláireacht an Rí agus chaith na blianta 1902-3 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. D’imríodh sé peil sa chathair le Erin’s Hopes, (a n-imríodh mic léinn an Choláiste leo) agus chabhraigh le Craobh an Chéitinnigh chun craobh Bhaile Átha Cliath a bhuachan. Nuair a cháiligh sé mar mhúinteoir chuaigh sé ag obair i nDoire an Chairn chun go mbeadh deis ag a dheartháir Seán dul go Coláiste Phádraig. Bhí sé ina theachta ag Ard-FheisChonradh na Gaeilge i 1905 (An Claidheamh Soluis 29 Iúil 1905). I mír nuachta faoi aeraíocht dúradh (idem 5 Meán Fómhair 1908): ‘Mr M. O’Shea deserves hearty commendations for his original and excellent ideas in promoting the advance of the language movement in the Adrigole area’.

Mar bhall de na ‘Lees’ i gcathair Chorcaí d’imir sé le foireann Chorcaí nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann 1911 (ach is i 1912 a imríodh an cluiche ceannais). Fear an-láidir ba ea é, ní foláir. Nuair a d’imríodh sé leis na ‘Lees’ bhíodh air dul ann agus ar ais go Béarra ar a rothar, turas 150 míle. Nuair a bhuaigh Eadargóil cluiche ceannais Bhéarra bhí sé ina bhall den fhoireann go fóill in ainneoin é bheith 48 bliana d’aois. Bhéadh sé ina chathaoirleach ar ball ar Bhord Bhéarra de Chumann Lúthchleas Gael.

Bhí guth maith teanóir aige agus bhuaigh sé an chéad duais ar amhránaíocht ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 24 Meán Fómhair 1910). Scríobh Séamus Ennis amhráin síos uaidh féin agus óna dheartháir Conchubhar. Tá tagairt ag Tomás Ó Canainn in The Achievement of Seán Ó Riada, 1981, in eagar ag Harris agus Freyer, don teagmháil a bhí ag an Riadach leis. Sheinn a nia, Seán Ó Sé, amhráin a bhí curtha ar téip aige. ‘Ó Riada was astonished and delighted when Seán told him that the singer was his uncle. They arranged immediately to pay him a visit and had a great day of seanchas and song. Seán Ó Riada recorded a number of songs, including “Sa Mhainistir lá” and spoke highly of Muircheartach’s knowledge and musicality’. Ba é a thug an óráid nuair a bhí leacht á chur suas d’fhilí Chiarraí; tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis, Lúnasa 1930. Mhúineadh sé i gColáiste Samhraidh Chuan Dor agus scríobhadh scripteanna raidió do Shéamus Caomhánach.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 1 Bealtaine 1915 gur phós sé Siobhán Ní Eidirsceoil ó Oileán Faoide. Bhí ceathrar mac acu agus ceathrar iníonacha agus rachadh ceathrar díobh le múinteoireacht. D’éag sé 19 Lúnasa 1970 in Ospidéal na Trócaire i gCorcaigh. Tá sé curtha i reilig Chill Cascáin. In Réalt an Deiscirt 29 Lúnasa 1970 scríobh ‘Cairbre’ [P.D.Mehigan B2] ‘In memory of Murt O’Shea’: ‘The former Adrigole schoolteacher, soft-spoken and mild-mannered, was withal uncompromising in all things Irish. . . . A man of fine physique even up to his latter years, his feats on the football field were legendary, from the time before World War 1 when he lined out with the then famous Lees, to later achievements with sides in his own division. . . . He possessed a deep and intimate knowledge of the folklore and history of Beara. He supplied valuable material on the youthful exploits of Donal O’Sullivan Beare and the heroes of Dunboy to Aodh de Blacam for his famous article on the retreat of O’Sullivan Beare’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú