I mBaile an Mhúraigh i bparóiste an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh Nóra Ní Shéaghdha ar 20 Eanáir 1905. Ba é Tomás Ó Séaghdha, Baile an Mhúraigh, a hathair agus ba í Nóra Ní Shéaghdha nó Norrie Dan ón mBaile Loiscthe a máthair. Col ceathracha í Nóra agus athair Mhichíl Uí Shé, craoltóir agus iar-Cheannasaí Raidió na Gaeltachta. Leasuncail di athair an fhile Micheál Dainín Ó Sé.

Fuair sí bunscolaíocht i Scoil Chill Chuain agus cuireadh ansin í go dtí meánscoil Chlochar Thobar Mhuire i dTrá Lí agus bhuaigh sí áit i gColáiste Oiliúna Mhuire gan Smál i Luimneach. Nuair a cháiligh sí mar bhunmhúinteoir in 1927 fuair sí post i Scoil an Bhlascaoid. Chaith sí seacht mbliana ann agus baineann a céad leabhar Thar bealach isteach (1940) leis an tréimhse sin. Deir sí ann: “Ní raibh aon tuairim ná aon eolas agam ar an mBlascaod ach oiread is bhí agam ar an Afraic”. Bhí sraith alt i gcló aici in Inniu (8 Márta, 26 Aibreán, 24 Bealtaine, 26 Iúil 1974) ar Thomás Ó Criomhthain, ar Pheig Sayers agus ar shaol an oileáin.

Fuair sí post cúntóra i Scoil Naomh Erc ansin. Phós sí Dónall Ó Héalaí ó Chill Gharbháin. Bhí seisean ina bhainisteoir ar uachtarlann na Feothanaí. Bhí triúr clainne acu: Pádraig Ó Héalaí, scoláire Gaeilge agus béaloidis, agus beirt iníonacha.

Scríobh sí freisin: Peats na baintreabhaighe (1945), úrscéal; Dún an Óir, dráma trí ghníomh a chraol Radio Éireann in 1960; an chaibidil ‘Póstaí agus cleamhnaistí’ in Céad bliain 1871–1971 in eagar ag Micheál Ó Ciosáin (1973).

D’aistrigh sí drámaí le Lady Gregory, Synge, M.J. Molloy, B. G. McCarthy, John Murphy. Ní chun a bhfoilsithe a rinne sí an obair seo ach le haghaidh a léirithe. Bhí ardspéis aici i gcúrsaí drámaíochta ina ceantar féin. Ba í a d’áitigh ar Radio Éireann An Baile Seo ’Gainne a chraoladh mar shraith drámatúil agus cainteoirí dúchais ó Chorca Dhuibhne sna páirteanna. Chraoladh sí cainteanna ar ábhair éagsúla ar an raidió. In Leoithne Aniar, 1982 tá agallamh a rinne sí le Pádraig Tyers i dtaobh na mblianta a chaith sí sa Bhlascaod. Foilsíodh An Blascaod trí fhuinneog na scoile, cnuasach scríbhinní Nóra ar ghnéithe éagsúla de shaol an Bhlascaoid, in eagar ag a mac Pádraig Ó Héalaí in 2015.

Fuair sí bás ar 20 Iúil 1975.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú