‘Conán Maol’ an t-ainm cleite a roghnaigh sé tharla é a bheith maol ó bhí sé tríocha bliain d’aois. Is dóigh gurbh é an fear ba mhó tábhacht é den triúr darbh ainm Pádraig Ó Séaghdha. Dúirt an Piarsach faoi i 1905: ‘Conán Maol, the most deliberately literary of our writers, has produced the most finished and artistic short stories that have been written in the Irish language’ (An Claidheamh Soluis, 7 Deireadh Fómhair 1905). Dar le Muiris Ó Droighneáin go raibh tosach aige freisin ar scríbhneoirí Gaeilge ag scríobh staire. Sraith de léachtaí staire a thug sé do Ghaeil Londan i 1903–4; cuireadh amach mar leabhar iad i 1907 agus arís i 1921.

Rugadh Conán Maol ar an nGort Breac idir Neidín agus Cill Airne. ‘I gceantar Loch Brain ar chóngar Neidín’ an chaoi ar chuir Fiachra Éilgeach síos ar a áit bhreithe in Sunday Independent 29 Aibreán 1928. Dar le Celtic Who’s Who 1921, gurbh iad John O’Shea agus Gobnait Moriarty a thuismitheoirí. Feirmeoir ba ea an t-athair agus ba chainteoirí dúchais é féin agus máthair Phádraig. D’éirigh le Pádraig bheith ina mhonatóir sa scoil áitiúil agus an máistir ansin a spreag é chun an scrúdú d’oifigigh chustaim agus máil a dhéanamh.

Cuireadh ag obair i gCardiff é. Ann a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Phós sé Nora James, náisiúnaí Breatnach arbh as Éirinn dá máthair. Thosaigh sé ar staidéar ar an litríocht chlasaiceach trí aistriúcháin a léamh agus thosaigh sé freisin ar bheith ag scríobh don Western Mail agus don Cardiff Mail. Toisc gur státseirbhíseach é, bhaineadh sé leas as ainm cleite (‘John Desmond’).

Aistríodh go Béal Feirste é in 1892 agus an bhliain chéanna sin bhunaigh sé rang Gaeilge faoi choimirce an Belfast Naturalists’ Field Club. Tá cuntas deas ag Alice Milligan ar an rang Gaeilge a bhí aige in 1892 i mBéal Feirste in Sinn Féin 10 Meán Fómhair 1909. In 1897, thosaigh sé ag scríobh i nGaeilge. An tOireachtas a thug an deis dó agus in 1898 bhain sé duais leis na gearrscéalta a foilsíodh in An Buaiceas i 1903. Faoi 1895 bhí rang Gaeilge ar siúl aige agus tuairim an ama seo a chuir a chomhoifigeach custaim agus máil, Cú Uladh, aithne air. ‘Bhí uaisleacht fá leith ann; uaisleacht na sean-Ghael, b’fhéidir. Ní dhéanfadh sé rud suarach lena anam a tharrtháil, gan trácht ar rud míchneasta nó easonórach. Fear cumasach láidir ina chorp agus ina aigne. Ní raibh fonn troda air ach ní sheachnódh sé an troid agus thuig sé stair agus seanchas ar dhóigh nach dtuigeann mórán iad’ (Fáinne an Lae, Bealtaine 1928). I 1901, bhí an chéad aiste riamh aige sa chéad uimhir de Banba.

Aistríodh go Londain é i 1902. D’fhág P. S. Ó hÉigeartaigh pictiúr an-bheo againn de Chonán Maol i mbun ranga. ‘Agus mé im shuí ansin sa rang ba léir dom nach sa mhúinteoireacht a bhí a spéis ach sa teanga féin. Stopadh sé agus dhéanadh sé trácht fada mion ar chiall, ar bhunús agus ar dhéanamh an fhocail. Nuair a bhíodh sé ag iarraidh brí a scéil a chur abhaile orainn, bhuaileadh sé a dhorn anuas ar bhos na láimhe clé. Ba é Conán Maol é, agus é ag tarraingt ar a mheánaois, é fuinniúil aighneasach; dúil an tsaoil aige sa Ghaeilge agus i ngach ar bhain léi, agus an spéis is dual d’fhear na tuaithe aige i gcailíní dathúla an ranga. É ina mháistir ar an nGaeilge dhúchasach, bua iontach focal aige, agus é in ann prós bríomhar a scríobh’ (The Bell, Meitheamh 1944—aistrithe ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982). Bhí Micheál Ó Coileáin sa rang aige níos deireanaí. Deir a nia Jack O’Connor go raibh sé ina chomhfhreagróir ag an Manchester Guardian le linn dó bheith i Londain. Má bhí ní foláir nó bhíodh ainm cleite á úsáid aige. Níl amhras ná gurbh iriseoir ó thalamh é. Bhí colún i dtaobh cúrsaí reatha an domhain aige in An Claidheamh Soluis ó 1899 go 1901. Chuirtí spéis ar leith i sraith a bhí aige ar Chogadh na mBórach. Thug sé óráid an Oireachtais i 1900 agus arís i 1904. Bhí baint aige féin agus ag Nora leis na cumainn Bhreatnaise i Londain.

D’fhill sé ar Éirinn i 1908. Faoi 1913 bhí sé ar choiste Chraobh Chualann (Ráth Maonais) agus é fós ag léachtóireacht ar an stair. Bhí sé i gceannas ar an oifig chustaim agus máil i mBaile Átha Cliath sular chuaigh sé amach ar pinsean. Bhí beirt chlainne aige agus bhí a chliamhain Michael Lennon (a bhí ina bhreitheamh ina dhiaidh sin) ina chónaí in éineacht leis i dTigh Nóra, Bóthar Ghort na Sláinte, Tír an Iúir.

I 1925, thit sé dá rothar lá agus tháinig iarracht de phairilís air. Bhí sé beagnach gan urlabhra agus d’éag sé ar 21 Márta 1928.

Ar na leabhair eile a scríobh Conán Maol tá Seaghán an Díomais: blúirín as Stair na hÉireann ... (1901), Mac Fínghín Dubh (1903), Aodh Ó Néill, dráma (1902), Eoghan Paor (1917 an dáta foilsithe a thugtar i gcóip na Leabharlainne Náisiúnta. B’fhéidir gur sa bhliain sin a fuair an Leabharlann a gcóip. Ní foláir nó cheadaigh Ó Laoghaire an chóip sin ach gur aimsigh sé 1911 mar dháta a fhoilsithe), Stiana (1933).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú