Is beag má bhí aon ghné de shaíocht na hÉireann nach ndearna sé iarracht ar í a fhorbairt. I dteach a mhuintire i mBéal Feirste, a dtabharfadh sé ‘Ardrígh’ air ar ball, a rugadh é ar 17 Iúil 1863. Ba é an seachtú mac é ag Joseph Bigger agus ba é Joseph seachtú mac David Bigger (ball d’Óglaigh Ghrattan) arbh é seachtú mac William Bigger ó Bhaile an Bhiggearaigh, Maigh Bhloisce, Contae Aontroma é. Ba í Mary Jane Ardery, arbh as Droichead na Banna dá muintir, a mháthair. Bhí gaol aige leis an M.P. Joseph Biggar. Preispitéirigh ba ea a mhuintir ach bhain sé féin le hEaglais na hÉireann.

Bhí gnó rafar tráchtála ag muintir Bhigger agus is mar gheall ar chúrsaí gnó a d’aistrigh an chlann go Learpholl agus is ann a fuair an leanbh óg bunoideachas. D’fhreastail sé ar an Royal Academical Institution nuair a d’fhill sé ar Bhéal Feirste in aois 11 bliana dó. Bhí dlúthbhaint ag a mhuintir leis an scoil sin agus bheadh sé féin ina ghovarnóir uirthi ar ball. Bhí iarracht de dhrochshláinte air nuair a bhí sé ina bhuachaill óg agus chaith sé tamall i gCarn Monaidh. Is ann a músclaíodh a spéis sna hÉireannaigh Aontaithe.

Rinne sé printíseacht i gcomhlacht aturnaetha i mBéal Feirste agus in 1884 bhí ag freastal ar léachtaí in King’s Inns i mBaile Átha Cliath. Is sa phríomhchathair a thosaigh sé ag bailiú seanleabhar; d’fhág sé a chnuasach le huacht ag Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste. Bhunaigh sé féin agus a chara George W. Strahan cleachtas dlí i mBéal Feirste.

Mar bhall den Belfast Naturalists’ Field Club bhíodh sé ag freastal ar rang Gaeilge Phádraig Uí Shéaghdha (1855–1928). Thugadh sé léachtaí ar ábhair staire agus seandálaíochta do chraobhacha an Chonartha agus bhí sé ina uachtarán ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste. Chun go dtabharfadh sé an Conradh amach as lánaí agus cúlsráideanna Bhéal Feirste is ea a d’fhéach sé chuige gurbh i Halla Uladh a bheadh Feis Uladh ar siúl. Chabhraíodh sé le bannaí píobairí--ba é a dhear feisteas na bpíobairí, an glas agus an cróch, agus cheannaigh sé foireann píbe do Francie McPeake; labhraíodh sé ag feiseanna ar fud na hÉireann; spreagadh sé spéis sna cluichí agus na rincí Gaelacha.

An tseandálaíocht agus an stair áitiúil na gnéithe is minice a luaitear leis. Chuir sé caisleáin agus iarsmaí ó bhaol; bhí sé ina chomheagarthóir agus ina eagarthóir ar an Ulster Journal of Archaeology ó 1894 go 1911 agus ní raibh aon uimhir nach raibh rud aige féin inti; ba é a mhol do John S. Crone an Irish Book Lover a bhunú; ba é faoi deara gur cuireadh leac le hómós do Naomh Pádraig i nDún Pádraig. Léiriú ar an spéis seo go léir is ea cuid dá leabhair: Vicinity of Belfast, 1894; Northern Leaders of ’98, 1900 (bhí i gceist aige scríobh orthu go léir ach níl anseo ach cuntas ar William Orr); Irish penal crosses, 1909; St Comgall of Bangor, 1909; The Ulster Land War of 1770, 1910. Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus de chumainn léannta eile. Bhronn Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, MA onórach air i 1926.

Ar nós Chonraitheoirí a linne bhí spéis ar leith aige i bhforbairt na heacnamaíochta: déantús na hÉireann--scríobh sé an paimfléad Gaelic Leaguers and Irish industries, 1912; curadóireacht crann--chuir sé crainn ar fáil do Choláiste na Rinne (An Claidheamh Soluis, 25 Márta 1911); tithíocht; fostaíocht. Tá an chuma air freisin gur mhian leis carachtar an Éireannaigh a fheabhsú agus bhí sé ina bhall den Ulster Reformed Public House Society; bhí baint aige le hoscailt ‘tábhairní eisiornláracha’ nach mbeadh aon deoch alcólach le ceannach iontu. Agus ba mhian leis cabhrú le daoine. Théadh sé i mbannaí ar an bhfear ar mhaith leis tacsaí a chur ar an mbóthar. Dhear sé tithe le haghaidh oibrithe agus thóg scéim bheag díobh, ‘Sally Gardens’, lena airgead féin. Ba é a scríobh Labourers’ cottages for Ireland, 1907.

D’éag sé 9 Nollaig 1926 agus tá sé curtha i reilig Mhaigh Bhloisce i gContae Aontroma. Níor phós sé. Scríobh Séamus Ó Saothraí cuntas air faoin teideal ‘Duine de laochra na Gaeilge’ in An tUltach, Meán Fómhair 1985; tá cuntais air freisin in Cork Historical and Archaeological Society Journal Iml. XXXII 1926/27, in Breifny Antiquarian and Historical Society Journal Iml. II, Uimhir 2 1927, agus in irisí eile. Tá cuntas air ag John Smith Crone in In remembrance: articles and sketches, biographical, historical, topographical by Francis Joseph Bigger, 1927.

Is é an carachtar ‘Francis Joseph MacNeill’ é in úrscéal Shane Leslie, Doomsland, 1923 agus is dó a thoirbhir George A. Birmingham a úrscéal The Northern iron, 1907.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú