Ní raibh ach fíorbheagán státseirbhíseach Protastúnacha ina mbaill aitheanta de Chonradh na Gaeilge. Is cinnte gurbh é Séamus an t-aon duine díobh i measc na n-oifigeach Custaim is Máil.

Oíche an Daonáirimh i 1901 bhí cónaí air féin, James Duncan, lena bhean agus a thriúr iníonacha, ag I Ardan Clifton, Cúil Raithin, Co. Dhoire. Bhí sé 47 mbliana d’aois agus i Sligeach a dúirt sé a rugadh é. An t-eolas eile a thug sé air féin go raibh Gaeilge aige, gur mhaor sa tseirbhís Chustaim is Máil é, agus gur bhain sé le hEaglais na hÉireann. Rugadh an bheirt iníonacha ba shine i gContae Mhaigh Eo idir 1885 agus 1889 agus an iníon ab óige, Lilian nó Lil, i gContae an Dúin in 1891. Bhí Gaeilge ag na hiníonacha go léir. Tá an t-eolas sin ag réiteach leis an eolas a thug Séamus i nDaonáireamh 1911 nuair a bhí cónaí ar an gclann ag 55 Bóthar na hArdpháirce, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Fuair iníon eile bás le linn dóibh bheith i nGlaschú agus bhí mac acu, Robin, nach raibh ina chónaí leo ceachtar den dá oíche dhaonáirimh.

Bhí Séamus síolraithe ó Albanach a theith go hÉirinn i ndiaidh éirí amach 1715. Tar éis scolaíochta i mBaile Átha Luain d’éirigh leis post a fháil sa Chustam is Mál. Chaith sé tamaill i Sasana agus nuair a bhí sé lonnaithe i dTamworth, tuairim 1882, phós sé Georgina Ffolliott L’Amie, múinteoir scoile. I gContae Liatroma a rugadh ise tuairim 1860 agus ba Úgóinigh i Loch Garman a muintir. Ansin chaith Séamus tamaill ag obair i mBéal an Átha agus i nGlaschú sular aistríodh go Béal Feirste é tuairim 1890. In Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, a bhí cónaí ar an gclann. B’fhéidir go raibh dúil le tamall ag Séamus sa Ghaeilge. Chloiseadh sé í á labhairt le linn a óige i gcúige Chonnacht. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge nuair a bunaíodh craobh i mBéal Feirste in 1895. A chomhghleacaithe sa Chustam is Mál, Peadar Mac Fhionnlaoich agus Pádraig Ó Séaghdha (1855–1928) a mhúin an teanga dó i ranganna na heagraíochta.

Faoi 1898 bhí ardú céime faighte aige agus é ag obair i gCúil Raithin, Co. Dhoire. Chuir sé cúig scilling chuig Acaill le haghaidh ciste ‘for the purpose of supplying poor people with Irish literature’ (An Claidheamh Soluis 11 Samhain 1899). Bhí litir i gcló aige san iris sin 13 Deireadh Fómhair 1900 ag moladh go bhfoilseofaí Eachtra na nArgonátach i gcuimhne Dhonncha Pléimionn a fuair bás an mhí roimhe sin. Tuairiscíodh 10 Samhain go raibh Séamas Ó Dubhghaill ag tacú leis an moladh sin agus gur bheartaigh an coiste cuimhneacháin glacadh leis.

Bhunaigh Séamus craobh den Chonradh i gCúil Raithin. Thug an sagart paróiste cead dó Gaeilge a mhúineadh do na buachaillí scoile. Bhí bean Phrotastúnach, iníon bainisteoir bainc san áit, báúil leis an obair agus chabhraigh sí le Séamus chun rang a theagasc i seomra boird an Bhainc Phroibhinsigh. Mary Canning ab ainm di agus bhí i ndán do Freeman Wills Crofts (1879–1957), scríbhneoir cáiliúil na scéalta bleachtaireachta, í a phósadh. Aistríodh Séamus go Baile Átha Cliath tuairim 1907. Cheangail sé le Craobh na gCúig gCúigí agus bhí ina bhall de choiste Chumann Gaelach na hEaglaise. Buaileadh breoite é i 1915 agus fuair sé bás ina theach ag Ardán Fhionntain, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath, 25 Aibreán 1918 (Fáinne an Lae 4 Bealtaine 1918).

Ba í Lil Nic Dhonnchadha, duine de na mná ba mhó le rá i ngluaiseacht na teanga ó 1916 i leith, an iníon ab óige aige. Rugadh í 9 Deireadh Fómhair 1891 agus d’éag sí 9 Márta 1984. Tá cuntas ag Risteard Ó Glaisne ar a chomhráití le Lil, a raibh tagairtí go leor do Shéamus iontu, in Feasta, Aibreán, Meitheamh, Samhain agus Nollaig 1989. Bhain alt Mhichíl Uí Mhaoláin ‘An Ghlúin óg’ in Irish Independent 4 Nollaig 1939 le Séamus. Bhí cuntas ar Lil i gcló in Inniu 24 Iúil 1953.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú