‘In the early years of Saorstát Éireann the city’s [Gaillimh] most prominent politician was Máirtin Mór Mac Donough’, a dúirt Breandán Ó hEithir in Irish Times 4 Feabhra 1984. B’as ceantar Leitir Móir do Mháirtín Mór. Deirtear gur gharmhac é leis an mbean ar cumadh an t-amhrán ‘Peigín Leitir Móir’ fúithi. B’as an Droim, Leitir Móir, dá athair Tomás agus b’as Árainn dá mháthair. Fear cliste gnótha chomh fada siar le lár an 19ú haois ba ea Tomás. D’éirigh thar cionn le siopa a bhí aige i Sráid Flood i gCathair na Gaillimhe. Is mar seo atá an cur síos ar an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Tomás (65), ceannaí, feirmeoir agus giúistís, baintreach fir; Máirtin (30); Thomas (27); Mary Anne (22); Kate (20). Bhí Gaeilge acu go léir agus ag an seachtar foirne, cés moite den leabharchoimeádaí ó Ard Mhacha. Chuir Tomás Máirtín agus a dheartháireacha go Coláiste Choill Chluana Gabhann. Deir Breandán Ó hEithir gur le linn Chogadh 1914–18 a tháinig fás an-mhór faoi shaibhreas na clainne. Ba bheag gné de shaol gnótha na Gaillimhe nach raibh baint ag Máirtín Mór léi. Bhí siopaí, muilte, monarchana aige. Bhí feirmeacha aige chomh fada ó bhaile leis an Mhí, Baile Átha Cliath agus Luimneach. Ba leis an bád freastail Cathair na Gaillimhe. Fiú an aerfoirt in Órán Mór bhí baint aige lena chur ar bun. Tuairim ceithre chéad oibrí a bhí fostaithe aige.

Léiriú eile ar a thábhacht i nGaillimh go raibh sé ina bhall de bhord stiúrtha an Choláiste Ollscoile, ina chathaoirleach ar an Galway Steamship Co., ina bhall de Choimisinéirí Chalafort na Gaillimhe.

Is inspéise go raibh sé ina ionadaí ag an Irish Convention úd a raibh Horace Plunket ina chathaoirleach air in Iúil 1917-Aibreán 1918. Rinne Sinn Féin baghcat ar an gcomhdháil sin. ‘But Máirtín slid effortlessly into Nationalist politics and was a Cumann na nGaedheal TD ....’. a deir Ó hEithir. D’éirigh leis sa dá olltoghchán i 1927; theip air 1932 ach bhuaigh sé an suíochán arís 1933. D’éag sé tar éis stróc 24 Samhain 1934. 78 a aois sa teastas báis agus níl sin ag teacht lena bhfuil i nDaonáireamh 1901. Tá sé curtha i reilig Forthill. Níor phós sé. Luaitear beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha sna cuntais ar a bhás. Tuairiscíodh gur tháinig na céadta de bhochta an Chladaigh go dtí an tórramh. Ba gheall le lá saoire phoiblí i nGaillimh é lá na sochraide.

Bhí píosa ina thaobh in The Observer ag Stephen Gwynn, fear a bhí ina bhall parlaiminte sa chathair uair, agus chuir an Connaught Tribune i gcló é 8 Nollaig 1934: ‘Galway is the most Irish city in Ireland and nothing in Galway was more Irish than the big man who was buried there last week - Martin McDonagh, Máirtín Mór as the whole county and its islands called him .... “The half of his charity will never be known” (said a priest and a political opponent to me) but I may put it shorter - he buried half Galway. When a sudden need for money came, people would come to him and he would say briefly “It will be all right”.’

Chaoin saighdiúir ó Leitir Mealláin é le ‘Amhrán Mháirtín Mhóir’. Tá leagan de i gcló in Ar Aghaidh, Eanáir 1954. ‘Bhí a chuid caiplí ceangailte sa stábla an lá úd/ A gceann le fána is a gcluasa síos/ Is an osna a ligeadar a’ dhul thart do Mháirtín/ Níl fear dá láidre nach mbrisfeadh sé a chroí’. Bhí capaill ráis aige agus bhuaigh ceann díobh, Irish Fun, Cambridgeshire na hÉireann 1933.

In An Irish Journey, 1940 chuir Seán Ó Faoláin Máirtín i gcomparáid lena fhear gaoil Pádraic Ó Conaire: ‘Martin McDonagh is an equally polar contrast: the son of a poor man who got a foothold in business and left Martin with a chance to make good. Martin did so well that before he passed on he had become a TD, was chairman of various local councils, owned a saw-mill, a fishing-fleet, a flour-mill, a chemical-works, thriving shops, more or less owned the Galway Steam-Shipping Company, was a Director of the Gas Company, a coal-importer, kept a stud of racehorses, had his own electric power years before the Shannon scheme, owned house property, including the old Claddagh, and lived on Corrib Island. The business still flourishes, run by a relation who rejoices in the name of The Trout’. Níorbh fhiú a eastát tar éis a bháis ach £89,000. Ba mhór an t-airgead é san am. Ach is léir nár mhilliúnaí é. In Belmont, Bóthar na Trá, Gaillimh, a bhí cónaí air.

Deir Breandán Ó hEithir go bhfuil úrscéal Liam Uí Fhlaitheartha The House of Gold, 1929 bunaithe ar eachtraí mhuintir Mhic Dhonnchadha. Is pictiúr an-mhíthaitneamhach díobh é. ‘Ramon Mór’ is ainm don phríomhcharachtar san úrscéal sin agus Réamonn Mór ab ainm do sheanathair Mháirtín. Tá cur síos ag Michael D. Higgins inThe Crane Bag Vol. 9 No.1 1985 ar an gcaoi a láimhsíonn an t-úrscéalaí stair chlann Mhic Dhonnchadha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú