I Maíros, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Joseph William Mongan 4 Márta 1880. ‘Josie’ a thabharfaí de ghnáth air. Ba iad a thuismitheoirí Martin Mongan, feirmeoir, agus Honoria Lydon. Ní luaitear ceird an óstlannaí a bheith ag Máirtín i dteastas breithe Sheosaimh. Tar éis bunscolaíochta chuaigh sé isteach i gColáiste na Carraige Duibhe; bhí sé ann ag an am céanna le de Valera, lena chol seisir Pádraic Ó Conaire, agus le John Francis D’Alton a bheadh ina chairdinéal. Chuaigh sé le hóstlannaíocht in óstán a athar i gCarna ansin. Feirmeoir an cur síos atá air i nDaonáireamh 1911 ach bhí gnó tí ósta aige freisin. Ba é an duine ba shine sa chlann é agus bhí triúr deirfiúracha aige.

Sheas sé do Chumann na nGaedheal i nGaillimh in olltoghchán Mheitheamh 1927 agus d éirigh leis suíochán a bhuachan in olltoghchán Mheán Fómhair na bliana céanna. Toghadh a chol ceathar Máirtín Mór Mac Donnchadha sa toghlach céanna. Bhuaigh Josie arís i 1932 ach chaill an suíochán an bhliain dár gcionn. I nGaillimh thiar d’éirigh leis sna holltoghcháin go léir idir 1937 agus 1948. In Inniu 23 Márta 1951 dúradh ina thaobh: ‘Más beatha teanga í a labhairt, thug seisean beatha di, an méid is féidir le fear aonraic. Níor labhair sé focal Béarla sa Dáil riamh, ná lasmuigh di, aon áit ar tuigeadh Gaeilge .... Feabhas a chur ar staid gheilleagrach na Gaeltachta an mian ba deise lena chroí agus rinne sé cion fir i rith a shaoil lena thabhairt i gcrích’. In Scéala Éireann 15 Márta 1951 dúradh an rud céanna: ‘Gaeilge a bhíodh ar a bhéal i gcónaí tráth a mbíodh sé ag labhairt sa Dáil, agus bhí sé mar sin nuair a chastaí i gcomhluadar é. Duine den tseanshaol a bhí ann agus ba mhór aige an tsaoithiúlacht a bhí ag roinnt le fir agus mná na tíre idir sheanchaithe agus fhonnadóirí. An té a bheadh ar thóir béaloideasa in Iorras Aithneach b’ait uaidh iad a chur ar an eolas, mar bhí togha na haithne aige ar an dream ar thit oidhreacht Ghael orthu, agus é in ann a dhul chun cainte leo, mar fear tíriúil suáilceach a bhí ann a dtabharfadh a leithéidí gnaoi dó’. ‘“Ba mhaith an fear é do mhuintir Chonamara” an focal a bhí le cloisteáil chuile thaobh’, dar le tuairisc in Ar Aghaidh, Aibreán 1951.

Ní hamháin nach labhraíodh sé Béarla sa Dáil ach dhiúltaíodh é a labhairt. Bhíodh de ghearán aige nár fhéad na tuairisceoirí oifigiúla a chur síos go cruinn cad a bhí á rá aige. Deirtear go raibh an-eolas aige ar stair shóisialta Chonamara.

Maidir leis an teach ósta bhí an méid seo le rá ag Seán Ó Faoláin in An Irish journey, 1940: ‘Josie Mongan’s hotel at Carna is, in my opinion, for fare and company – a typical cross-section of Irish life – the best summer hotel in Ireland. It is not a Grand Hotel. It has no pretty name. There is nothing fanciful about it. It is plain and honest Mongan’s Hotel’. Agus duirt S.B. Mais, taistealaí eile: ‘We drove down a wider stonier country to Carna which has a barracks like a pale castle and a cosy little hotel with a fine garden run by Jose [sic] Mongan, a TD or Member of the Dáil, which explains why the road to Carna is so well kept up’ (I return to Ireland, 1948).

Thar lear, i Sasana agus i Meiriceá, is mó a dhéanadh sé fógraíocht. Deireadh sé nach ndéanfadh na heachtrannaigh an oiread dochair don Ghaeilge is a dhéanfadh na hÉireannaigh sin a bheadh ar lorg pictiúrlainne nó halla rince. Agus má bhí an bia go maith ann bhí na praghsanna ard. Na tips nár mhór a thabhairt bhí siad ard. D’fhanadh daoine móra ann. Ann a casadh a bhean ar James Dillon den chéad uair. Aon duine a raibh cáil air d’fhan sé ann. Sin é an fáth, is dóigh, ar goideadh an leabhar cláraithe sna 1930idí. Oíche úd an Daonáirimh i 1911 bhí Arnold Bax agus a bhean ann.

Bhí baint aige le tionscal na hiascaireachta chomh fada siar le 1922. Toghadh é 1932 chun bheith ina ionadaí thar ceann na Gaeltachta ar bhord Chomhlacht Iascaigh Mhara na hÉireann. An-fhear báid ba ea é féin. Deirtí go bhféadfadh sé púcán a sheoladh go Meiriceá agus ar ais!

Bhí baint aige freisin le Cumann Turasóireachta na hÉireann agus le Cumann Chapaillíní Chonamara.

Phós sé Máirín Ní Néill ó Chluain Meala, deirfiúr leis an gCornal Eoghan Ó Néill, i 1941. Bhuail taom croí é ar a bhealach go Dáil Éireann agus d’éag sé sular shroich sé an t-ospidéal sa Chlochán 12 Márta 1951. Tá sé curtha i Maigh Ros. Fuair a bhean bás i 1956.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú