Ó MONGÁIN, Seosamh (1880–1951) Seosamh Ó MONGÁIN 1880 1951 Maíros, Carna, Co. na Gaillimhe M Coláiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath Teachta Dála [B9] polaiteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I Maíros, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Joseph William Mongan 4 Márta 1880. ‘Josie’ a thabharfaí de ghnáth air. Ba iad a thuismitheoirí Martin Mongan, feirmeoir, agus Honoria Lydon. Ní luaitear ceird an óstlannaí a bheith ag Máirtín i dteastas breithe Sheosaimh. Tar éis bunscolaíochta chuaigh sé isteach i gColáiste na Carraige Duibhe; bhí sé ann ag an am céanna le de Valera, lena chol seisir Pádraic Ó Conaire[B2], agus le John Francis D’Alton a bheadh ina chairdinéal. Chuaigh sé le hóstlannaíocht in óstán a athar i gCarna ansin. Feirmeoir an cur síos atá air i nDaonáireamh 1911 ach bhí gnó tí ósta aige freisin. Ba é an duine ba shine sa chlann é agus bhí triúr deirfiúracha aige.

Sheas sé do Chumann na nGaedheal i nGaillimh in olltoghchán Mheitheamh 1927 agus d éirigh leis suíochán a bhuachan in olltoghchán Mheán Fómhair na bliana céanna. Toghadh a chol ceathar Máirtín Mór Mac Donnchadha [q.v.] sa toghlach céanna. Bhuaigh Josie arís i 1932 ach chaill an suíochán an bhliain dár gcionn. I nGaillimh thiar d’éirigh leis sna holltoghcháin go léir idir 1937 agus 1948. In Inniu 23 Márta 1951 dúradh ina thaobh: ‘Más beatha teanga í a labhairt, thug seisean beatha di, an méid is féidir le fear aonraic. Níor labhair sé focal Béarla sa Dáil riamh, ná lasmuigh di, aon áit ar tuigeadh Gaeilge .... Feabhas a chur ar staid gheilleagrach na Gaeltachta an mian ba deise lena chroí agus rinne sé cion fir i rith a shaoil lena thabhairt i gcrích’. In Scéala Éireann 15 Márta 1951 dúradh an rud céanna: ‘Gaeilge a bhíodh ar a bhéal i gcónaí tráth a mbíodh sé ag labhairt sa Dáil, agus bhí sé mar sin nuair a chastaí i gcomhluadar é. Duine den tseanshaol a bhí ann agus ba mhór aige an tsaoithiúlacht a bhí ag roinnt le fir agus mná na tíre idir sheanchaithe agus fhonnadóirí. An té a bheadh ar thóir béaloideasa in Iorras Aithneach b’ait uaidh iad a chur ar an eolas, mar bhí togha na haithne aige ar an dream ar thit oidhreacht Ghael orthu, agus é in ann a dhul chun cainte leo, mar fear tíriúil suáilceach a bhí ann a dtabharfadh a leithéidí gnaoi dó’. ‘“Ba mhaith an fear é do mhuintir Chonamara” an focal a bhí le cloisteáil chuile thaobh’, dar le tuairisc in Ar Aghaidh, Aibreán 1951.

Ní hamháin nach labhraíodh sé Béarla sa Dáil ach dhiúltaíodh é a labhairt. Bhíodh de ghearán aige nár fhéad na tuairisceoirí oifigiúla a chur síos go cruinn cad a bhí á rá aige. Deirtear go raibh an-eolas aige ar stair shóisialta Chonamara.

Maidir leis an teach ósta bhí an méid seo le rá ag Seán Ó Faoláin in An Irish journey, 1940: ‘Josie Mongan’s hotel at Carna is, in my opinion, for fare and company – a typical cross-section of Irish life – the best summer hotel in Ireland. It is not a Grand Hotel. It has no pretty name. There is nothing fanciful about it. It is plain and honest Mongan’s Hotel’. Agus duirt S.B. Mais, taistealaí eile: ‘We drove down a wider stonier country to Carna which has a barracks like a pale castle and a cosy little hotel with a fine garden run by Jose [sic] Mongan, a TD or Member of the Dáil, which explains why the road to Carna is so well kept up’ (I return to Ireland, 1948).

Thar lear, i Sasana agus i Meiriceá, is mó a dhéanadh sé fógraíocht. Deireadh sé nach ndéanfadh na heachtrannaigh an oiread dochair don Ghaeilge is a dhéanfadh na hÉireannaigh sin a bheadh ar lorg pictiúrlainne nó halla rince. Agus má bhí an bia go maith ann bhí na praghsanna ard. Na tips nár mhór a thabhairt bhí siad ard. D’fhanadh daoine móra ann. Ann a casadh a bhean ar James Dillon den chéad uair. Aon duine a raibh cáil air d’fhan sé ann. Sin é an fáth, is dóigh, ar goideadh an leabhar cláraithe sna 1930idí. Oíche úd an Daonáirimh i 1911 bhí Arnold Bax agus a bhean ann.

Bhí baint aige le tionscal na hiascaireachta chomh fada siar le 1922. Toghadh é 1932 chun bheith ina ionadaí thar ceann na Gaeltachta ar bhord Chomhlacht Iascaigh Mhara na hÉireann. An-fhear báid ba ea é féin. Deirtí go bhféadfadh sé púcán a sheoladh go Meiriceá agus ar ais!

Bhí baint aige freisin le Cumann Turasóireachta na hÉireann agus le Cumann Chapaillíní Chonamara.

Phós sé Máirín Ní Néill ó Chluain Meala, deirfiúr leis an gCornal Eoghan Ó Néill, i 1941. Bhuail taom croí é ar a bhealach go Dáil Éireann agus d’éag sé sular shroich sé an t-ospidéal sa Chlochán 12 Márta 1951. Tá sé curtha i Maigh Ros. Fuair a bhean bás i 1956.