Bhí sé ar dhuine de mhisinéirí Ord Chumann an tSlánaitheora a d’oibrigh i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban. Scríobh sé An Bheatha Chríostaidhe, 1948 agus faoin teideal An Mhaighdean Ghlórmhar, 1936 d’aistrigh sé leabhar a scríobh Naomh Alphonsus de Liguórí. Gheofar eolas ina thaobh in Leabhar Latha an t-Ath. Con Ó Mongáin CSs.R.: Cuimhneachan air na Miseanan chun nan Eilean 1925 agus 1926 a thug na h-Athraichean Redemptoraich Con Ó Mongáin agus Liam Ó Treasaigh, [1997]. Clement Mac Mánuis C.Ss.R. a chuir eagar ar an leabhrán sin, arb é atá ann nótaí Béarla a scríobh an Mongánach ina dhialann faoin taisteal a rinne sé in Albain agus a ndearna Agnes Stewart, Beinn na Faoghla, iad a aistriú go Gáidhlig. Sa Leabharlann Náisiúnta atá an dialann ar coimeád. I dTairbeart, Co. Chiarraí, a rugadh an Mongánach 9 Meitheamh 1881. Tar éis meánoideachais i scoil na Slánaitheoirí i Luimneach chaith sé 1899-1900 ag staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé isteach i nóibhíseacht an oird i nDún Dealgan. Cuireadh oiliúint sagairt air i gCluain Ard, Béal Feirste, agus in Eiscir, Baile Átha an Rí, agus oirníodh é ar 9 Meán Fómhair 1906. Ó 1907 amach bhí sé ina mhisinéir ar fud na hÉireann agus go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Ó 1912 amach bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht na bhFear i Luimneach. Chuaigh complacht d’Óglaigh Bhaile Átha Cliath go Luimneach ar 23 Bealtaine 1915 chun a bheith páirteach i bparáid ann agus nuair a bhailigh slua mór de mhuintir na cathrach le cur ina n-aghaidh d’fhéach an Mongánach chuige go dtabharfadh beagán d’fhir na Cuallachta cúnamh dóibh chun a raidhflí a thabhairt slán abhaile leo ar thraein Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh bhás an tsagairt scríobh Éamonn de Valera: ‘Ar m’iarratas-sa, scríobh an tAthair Ó Mongáin cuntas ar imeachtaí an lae sin. D’fhág sé tuairisc bheoga faoi ar thit amach, tuairisc atá go hinspéisiúil. Tá sé leis seo mar aguisín’ (cáipéisí atá i seilbh an Athar Clement Mac Mánuis). I ndiaidh Luimnigh bhí an bheatha mhiseanach á chaitheamh arís aige ó 1916 go 1921 nuair a cuireadh cúram na n-ábhar sagart in Marianella, Baile Átha Cliath, air. Faoi 1926 bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht na mBan i mBéal Feirste agus ó 1930 ina stiúrthóir ar Chuallacht na bhFear ann. Cúram na n-ábhar sagart i mBaile Átha an Rí agus i gCluain Mhuire, Gaillimh, ab obair dá laetha ó 1939 agus ó 1947 bhí sé ina cheannaire ar na nóibhísigh i Luimneach. Bhí sé lonnaithe i nDún Dealgan ó 1950 amach gur bhuail stróc é i bhFeabhra 1959. D’éag sé i mBéal Feirste 11 Meán Fómhair 1959 agus tá sé curtha i Mainistir Chluain Ard.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú