Ó MONGÁIN, Conn (1881–1959) Conn Ó MONGÁIN 1881 1959 Tairbeart, Co. Chiarraí M Coláiste an tSlánaitheora, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de mhisinéirí Ord Chumann an tSlánaitheora a d’oibrigh i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban. Scríobh sé An Bheatha Chríostaidhe, 1948 agus faoin teideal An Mhaighdean Ghlórmhar, 1936 d’aistrigh sé leabhar a scríobh Naomh Alphonsus de Liguórí. Gheofar eolas ina thaobh in Leabhar Latha an t-Ath. Con Ó Mongáin CSs.R.: Cuimhneachan air na Miseanan chun nan Eilean 1925 agus 1926 a thug na h-Athraichean Redemptoraich Con Ó Mongáin agus Liam Ó Treasaigh, [1997]. Clement Mac Mánuis C.Ss.R. a chuir eagar ar an leabhrán sin, arb é atá ann nótaí Béarla a scríobh an Mongánach ina dhialann faoin taisteal a rinne sé in Albain agus a ndearna Agnes Stewart, Beinn na Faoghla, iad a aistriú go Gáidhlig. Sa Leabharlann Náisiúnta atá an dialann ar coimeád. I dTairbeart, Co. Chiarraí, a rugadh an Mongánach 9 Meitheamh 1881. Tar éis meánoideachais i scoil na Slánaitheoirí i Luimneach chaith sé 1899-1900 ag staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé isteach i nóibhíseacht an oird i nDún Dealgan. Cuireadh oiliúint sagairt air i gCluain Ard, Béal Feirste, agus in Eiscir, Baile Átha an Rí, agus oirníodh é ar 9 Meán Fómhair 1906. Ó 1907 amach bhí sé ina mhisinéir ar fud na hÉireann agus go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Ó 1912 amach bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht na bhFear i Luimneach. Chuaigh complacht d’Óglaigh Bhaile Átha Cliath go Luimneach ar 23 Bealtaine 1915 chun a bheith páirteach i bparáid ann agus nuair a bhailigh slua mór de mhuintir na cathrach le cur ina n-aghaidh d’fhéach an Mongánach chuige go dtabharfadh beagán d’fhir na Cuallachta cúnamh dóibh chun a raidhflí a thabhairt slán abhaile leo ar thraein Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh bhás an tsagairt scríobh Éamonn de Valera: ‘Ar m’iarratas-sa, scríobh an tAthair Ó Mongáin cuntas ar imeachtaí an lae sin. D’fhág sé tuairisc bheoga faoi ar thit amach, tuairisc atá go hinspéisiúil. Tá sé leis seo mar aguisín’ (cáipéisí atá i seilbh an Athar Clement Mac Mánuis). I ndiaidh Luimnigh bhí an bheatha mhiseanach á chaitheamh arís aige ó 1916 go 1921 nuair a cuireadh cúram na n-ábhar sagart in Marianella, Baile Átha Cliath, air. Faoi 1926 bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht na mBan i mBéal Feirste agus ó 1930 ina stiúrthóir ar Chuallacht na bhFear ann. Cúram na n-ábhar sagart i mBaile Átha an Rí agus i gCluain Mhuire, Gaillimh, ab obair dá laetha ó 1939 agus ó 1947 bhí sé ina cheannaire ar na nóibhísigh i Luimneach. Bhí sé lonnaithe i nDún Dealgan ó 1950 amach gur bhuail stróc é i bhFeabhra 1959. D’éag sé i mBéal Feirste 11 Meán Fómhair 1959 agus tá sé curtha i Mainistir Chluain Ard.