I gceantar Bhéal Átha Mó, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin a rugadh é. Níor chainteoir dúchais é ach ní foláir nó bhí caidreamh aige ar chainteoirí dúchais ina óige. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga go luath ina shaol. Nuair nach raibh ann ach buachaill beag d’éag a athair. B’fhéidir gurbh é an t-aon leanbh amháin é ag an lánúin mar thug sé a mháthair chun cónaithe i mBaile Átha Cliath nuair a fuair sé post státseirbhíse ann. Bhí sé ann in 1887–9 nuair a bhí sé ina bhall de choiste Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Faoi 1901 is sa roinn Chustaim is Máil a bhí sé, é ag obair mar oifigeach scrúdaithe den chéad ghrád. Phós sé in 1894, Margaret Farrell ab ainm dá bhean. B’as cathair Bhaile Átha Cliath di. Rugadh mac agus iníon dóibh i mBéal Feirste.

Sa chathair sin bhíodh ranganna Gaeilge ar siúl aige agus bhí sé ina bhall de choiste Fheis Uladh. Bhí spéis ar leith aige sa bhéaloideas agus ba mhinic ag léachtóireacht é: ‘Is aige a bhíodh an rann agus an seanfhocal go pras’, a dúradh faoi in An Claidheamh Soluis 21 Feabhra 1931. Dlúthchairde ba ea é féin, Conán Maol [Pádraig Ó Séaghdha] agus Feargus Finnbhéal [Diarmuid Ó Foghludha]. Comhartha ar an sórt caidrimh a bhí ag teaghlaigh na n-oifigeach custaim is máil ar a chéile gur ar mhac le Conán Maol a bheadh iníon Thaidhg pósta i bhfad i ndiaidh don bheirt sheanchairde bás a fháil. ‘Aon mhaidin a mbeifeá ar phlásóg Thí an Chustaim [Béal Feirste] um a naoi a chlog d’aireofá an Ghaeilge ó Chonán agus Feargus agus é féin. Aimsir an Oireachtais leis, gach bliain, níor dhóichí rud ná go bhfeicfeá an triúr agus scata carad ina dtimpeall ag croitheadh lámh leo agus ag traoslú leo duaiseanna éigin a bhíodh buaite acu’ (Seana-bheist in An tIrisleabhar, iris na n-oifigeach cánach, Meán Fómhair 1938).

Bhuaigh Tadhg duais Oireachtais den chéad uair in 1898. Ag Oireachtas 1905 ghnóthaigh sé bonn óir an Freeman’s Journal ar aiste. Ach is beag ar fad a chuir sé i gcló, sna hirisí ach go háirithe: aiste amháin in An Claidheamh Soluis faoin ainm pinn ‘Cuimín’. Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath is ag 5 Ardán Verbena a bhí siad ag cur fúthu sular aistrigh siad go 100 Bóthar Í i nGlas Naíon tuairim 1911. Cé go raibh tamall caite aige i Sunderland is beag a thaistil sé i gcomórtas le hoifigigh chustaim is máil eile.

A dhílseacht a bhí sé do Chuallacht Mhuire agus don Ríocht ceann de na rudaí is mó a luaitear sna cuntais tar éis a bháis. Bhí a mhac Ciarán sna hÍosánaigh. Sa tuairisc in Timire an Chroí Naofa, Earrach 1931, deirtear faoi Thadhg: ‘Is dóigh liom gurbh é an uair is déanaí a bhíos ag caint leis ná ag an bhFeis Tí i 1930 agus ba é mo thuairim nach raibh [duine] níos maorga, níos dirí, níos breátha féachaint ag an gcruinniú mór-Ghael sin ná ár ndilchara Tadhg Mac a’ Bhaird’. D’éag sé 3 Feabhra 1931.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú