Nuair a fuair sé bás scríobh Séamus Ó Searcaigh an abairt seo in An Claidheamh Soluis: ‘Tá an chéad fhear a chuir suim sa teanga i dTír Chonaill faoi chlár inniu’. Ba é ba mhó a bhí ag scríobh faoi Ghaeilge Thír Chonaill in Irisleabhar na Gaedhilge ó 1890 amach. Dúirt timire Chonradh na Gaeilge, Aodh Ó Dubhthaigh [faoi Ó DUBHTHAIGH, Niall B1], in An Claidheamh 7 Samhain 1914; ‘Ní féidir do aoinneach a insint go deo an méid oibre a rinne sé ar son chúis na Gaeilge’.

I dTulaigh an tSiáin, Cill Leacht Aodha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ach is leis na Cealla Beaga atá a ainm snaidhmthe ó ceapadh é ina mháistir i Scoil an Choimín ann in 1866. J[ohn] C[harles] Ward an leagan dá ainm a d’úsáideadh sé ar dtús. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Múinteoirí Náisiúnta i nDún na nGall agus ina chathaoirleach ar chraobh an chontae sin ar feadh tamaill. Bhí sé i gceannas an chruinnithe sna Gleannta 27 Iúil 1895 nuair a bunaíodh Craobh Dhún na nGall de Chonradh na Gaeilge. Bhí ionad aige ar an ardán nuair a osclaíodh an chéad Oireachtas in 1897. Bhain sé an chéad duais don aiste faoin ábhar ‘Créad is fírinne ann?’ agus bhain duaiseanna arís in 1900, 1901, agus 1903. Chuir sé liosta focal chuig an Duinníneach agus bhí sé i measc na n-údar ar iarr seisean orthu féachaint ar phrofaí an fhoclóra (1904). Bhí sé i láthair i mBaile Átha Cliath ag ceann de na chéad chomhdhálacha ionadaíocha ar 25 Bealtaine 1898. De ghnáth is mar theachtaí ó Chonradh na Gaeilge Nua-Eabhrac a bhíodh sé féin agus fear eile na gCealla Beaga, Pádraig Ó Beirn, deartháir a chéile, ag comhdhálacha agus ardfheiseanna. Ba bhall den Choiste Gnó é ar feadh tamaill mhaith anuas go dtí 1909.

Nuair a bunaíodh Ardscoil Cholm Cille (nó Coláiste Uladh) bhí sé ar dhuine den cheathrar ba mhó a dhéanadh an obair, é féin, Séamus Ó Searcaigh, Úna Ní Fhaircheallaigh, agus Íde Nic Néill. Níor stop sé den mhúinteoireacht nuair a chuaigh sé amach ar pinsean 1907. Chaith sé tamall ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Adhamhnáin sula ndeachaigh sé i gceannas ar Choláiste na gCeithre Máistrí a luaithe a chuir an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill ar bun é.

In 1866 phós sé Anna Ní Bheirn, deirfiúr leis an bhfile Pádraig Ó Beirn. Bhí deichniúr clainne acu: cúigear iníonacha agus cúigear mac. Bheadh duine amháin díobh, Michéal, ina uachtarán ar Choláiste Adhamhnáin, agus toghadh Peter Joseph (1891–1970) mar Theachta Dála do Shinn Féin in olltoghchán 1918. Cháiligh sé mar aturnae in 1916 agus bhí ina Cheannphort ar Bhriogáid Dhún na nGall Theas d’Arm na Poblachta i rith Chogadh na Saoirse. Bhí beirt de na hiníní, Agnes agus Maggie, i measc na ndaoine ar bronnadh duaiseanna agus teistiméireachtaí orthu ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh i mBéal Feirste 26 Meán Fómhair 1902.

Ba iad na leabhair a scríobh Seán: Turas na croiche agus an Choróin Mhuire maille le dántaibh diadha (1892); Na hEipistil agus na soisgéil do na Domhnaigh agus na laetha saoire arna dtarraingt go Gaeilge (1904); An Cruinneolaí (1906); Leabhar filíochta fa choinne na scoil (1909) – dánta de chuid Phádraig Uí Bheirn a bhí bailithe le chéile aige; Beatha Naomh Adhamhnáin (1911). Ar 29 Meán Fómhair 1900 thairg sé caoga cóip de leabhar urnaithe a bhí sé ar tí a fhoilsithe do Choiste Fheis Uladh mar dhuaiseanna. Sa chuntas air i ndiaidh a bháis luaigh Séamus Ó Searcaigh gurbh é teagasc críostaí Sheáin an chéad leabhar Gaeilge dá bhfaca sé riamh.

Is léir go mba dhuine cráifeach é. D’inis Ó Searcaigh an scéal seo: ‘Teacht as Toraigh a bhí sé nuair a casadh orm go deireanach é. Agus ag gabháil go Toraigh a casadh orm i gceart an chéad uair é. Domhnach Aifrinn a bhí ann. Chailleamar uilig an tAifreann agus gan neart againn air. Ach ní fhaca mé aon duine againn ar ghoill sé chomh mór is ghoill sé ar Sheán. An oíche sin nuair a bhíomar ag rá an phaidrín bhris a ghol ar an duine bocht ag smaointiú dó ar an gcaoi ar chaill sé Aifreann an Domhnaigh’. D’éag sé 19 Deireadh Fómhair 1914. Tá cuntas air ag Pat Conaghan in Bygones (1989).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú