B’as Ailt an Chorráin, Dún na nGall, dá athair Niall (d’éag 1 Iúil 1926 in aois 86 bliana dó) ach chuaigh sé go Toraigh i bhfeighil an tí solais. Bhí sé ar an duine ba mhó tábhacht ann lena linn, b’fhéidir, toisc gur oscail sé siopa agus teach tábhairne. Phós sé Éilis Ní Dhubhgáin [Elizabeth nó Bessie Doogan], bean de mhuintir Thoraí (a d’éag 2 Lúnasa 1918 in aois 69 bliana di) agus rugadh Séamus san oileán 19 Meán Fómhair 1871. I dtuairisc Dhaonáireamh 1911 luaitear beirt deirfiúracha Ellie (20) agus Annie (26), agus beirt lóistéirí ar Bhéarla amháin a bhí acu, Maggie McAdam, múinteoir, Caitliceach, agus an Constábla Edward Stephenson, Protastúnach.

Tar éis bunscolaíochta san oileán d’fhoghlaim Séamus léamh na Gaeilge. B’fhéidir gurbh í an chéad tagairt dó sna hirisí an cuntas atá ag Fournier d’Albe in Fáinne an lae 16 Nollaig 1899–27 Eanáir 1900: ‘Ní raibh an iomarca leabhar ag Séamus ach bhí foclóir Uí Raghallaigh aige agus leabhair an Athar Ua Gramhnaigh. Mar sin féin bhí an Ghaeilge breá bríomhar aige agus Béarla mar aon léi agus na focail nár tháinig liom a dtuiscint mhínigh sé dom i mBéarla iad’. Chuir sé taispeántas tine ealaíne ar siúl ag an bhfeis a d’eagraigh Fournier. Deir an tAthair Eoghan Ó Colm in Toraigh na dTonn, 1971 gur fhoghlaim sé Laidin agus Fraincis freisin. Cuireadh a ainm i measc síntiúsóirí an Oireachtais in An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900. Ba é an seoladh a bhí aige ‘Lloyd’s Signal Station, Tory’. Bhí sé istigh ar chomórtais rince Oireachtas 1901 agus roinneadh an dara duais don phort dúbalta agus don ríl air féin agus ar Shéamus Ó Breasail, Béal Feirste. Bliain roimhe sin rinne sé rince ag an ‘Glasgow Exhibition’.

Is iomaí uair a bhain sé feidhm as an mbua rince a bhí aige nuair a ceapadh é mar thimire Gaeltachta i nDún na nGall, i nDoire agus i dTír Eoghain. Chuaigh sé i mbun na hoibre sin Lá Samhna 1902 agus lean air go dtí deireadh mhí na Nollag 1903. D’oir a phearsantacht don obair. Rinne ‘Fiach Fánach’ [Aindrias Ó Baoighill] an cur síos seo air in An tUltach, Feabhra 1952: ‘Bhí sé ina thimire le Conradh na Gaeilge san am agus ghair sé isteach sa scoil trathnóna amháin go bhfeicfeadh sé caidé mar a bhíomar ag fáil ar aghaidh leis an teanga. Mar nach raibh aithne ar bith againn air shíleamar gur cigire de chuid an Bhoird Náisiúnta a bhí ann. Ach b’iontach linn é bheith ag caint Gaeilge agus ár gceistniú i nGaeilge. Agus chomh caoithiúil is a bhí sé. Agus mar a tháinig linn dánacht a dhéanamh air ar dóigh nach dtáinig linn a dhéanamh le cigire ar bith eile ariamh. Agus chomh bródúil is bhíomar nuair a mhol sé sinn as an eolas a bhí againn ar ár dteanga féin’.

Is dóigh gur chun cúnamh a thabhairt sa teach tábhairne a d’fhill sé ar Thoraigh. Bhí caladh á thógáil ann 1903 ag Bord na gCeantar Cúng. ‘The pier offers little protection from the winds, but Séamus Ward persuaded the authorities, so it is said, to put it at this location because of its proximity to his shop and licensed public house’ (Dorothy Harrison Therman, Stories from Tory Island, 1989). Bhí curtha aige leis an teach i gcaoi gur gheall le hóstán é. Ann a d’fhan Ruairí Mac Easmainn nuair a thug sé cuairt ar Thoraigh. Agus ba gheall le rí san oileán Séamus. Deirtear go mbíodh criúnna ó áiteanna mar Ghrimsby agus Fleetwood ag ól sa teach tábhairne, nár thaitin an clú a bhí ar an áit leis an bpobal, agus gur iarr an sagart paróiste ar Shéamus bheith réidh leis an gceadúnas óil, rud a rinne sé. Bhí an siopa ag a dheirfiúr Ellie ina dhiaidh.

Bhí obair an stáisiúin comharthaíochta ar siúl aige i rith an ama sin go léir. Insíonn an tAthair Ó Colm scéal ar an uair a bhí garastún saighdiúirí san oileán 1914–18. Bhí rince mór ar siúl sa scoil oíche agus theastaigh go géar ó Shéamus bheith ann. Ach bhí sé ar diúité sa stáisiún comharthaíochta. Chuaigh sé chuig oifigeach ceannais na saighdiúirí agus dúirt go raibh fomhuireán ar uachtar sa chuan agus gur ionsaí ar an stáisiún a bhí á bheartú. D’fhág sin saor é le dul chuig an rince.

Bhí cáil air i measc mhuintir Thoraí mar rinceoir, mar fhile, mar aisteoir, agus mar fhear láidir. Deir an tAthair Ó Colm: ‘Nuair a bhítear ag cur síos ar ghaiscíocht anseo, agus is minic sin, bíonn ainm Shéamuis go hárd ar liosta na seanaimsire. Nach minic a chuala mé chois tine éigin oíche gheimhridh faoin lá a d’iompar sé ualach crúite capall a raibh seacht gcéad agus ceathrú meáchain ann síos cé Mhachaire Rabhartaigh, agus chuir isteach sa bhád i mbéal na toinne é. Sea, agus nárbh é a d’iompar na poist mhóra iarainn sin i gcúl a thí, atá ina seasamh ann go fóill ina bhfianaise fuar lom ar an lá a thug sé ar a ghualainn as Teach an tSolais iad, ceann i ndiaidh an chinn eile. Ní bheinnse ábalta ceann acu a thógáil ón talamh, ná go leor chomh maith liom, ní hamháin a iompar míle go leith slí’.

Bhí sé ina ionadaí ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge thar ceann Chraobh Thoraí 1904. Ó Mheitheamh go Lúnasa na bliana sin bhí Troid Bhaile an Droichid i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus an t-ainm pinn ‘Giarrot’ leis – Toraigh litrithe óna dheireadh agus ‘r’ breise ann. Tháinig sé amach mar leabhar i 1907. D’úsáidfí ar ball é mar théacsleabhar i gColáiste Laighean. Sa phoiblíocht in An Claidheamh Soluis 13 Iúil 1907 dúradh faoi Shéamus: ‘So well known in Dublin as “The Prince of Tory” and famous for his wonderful dancing’.

Tháinig sé amach as Toraigh tuairim 1927 agus anuas go 1948 bhí sé ag obair mar ionadaí do Bhord Mhara sna Dúnaibh tar éis dó bheith ina chara agus ina chomhairleoir ag iascairí le fada an lá. D’éag sé ann 19 Nollaig 1951. Tá sé curtha i gCarraig Airt. Bhí sé pósta ar Threasa Nic Shuibhne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú