Bhí sé ar an bhfíorbheagán de scríbhneoirí Gaeilge Thír Chonaill nár chainteoirí dúchais iad. I Maol na Mine Beag in aice na nGleannta a rugadh é ar 7 Aíbreán 1888, dar leis na taifid bheireatais, cé go luann a mhuintir Carbad mar áit bhreithe. Dar le Ciarán Ó Duibhín go dtugann muintir na háite Carbad ar chuid mhaith de Mhaol na Mine Beag agus ar chuid den bhaile fearainn atá buailte leis, Gort na Saileach. Bhí feirm bheag ag a athair Owen, agus Mary Andy a thugtaí ar a mháthair, ar de mhuintir Bhaoighill í féin freisin. B’as Mín an Leargáin di. I scoil náisiúnta Cill Chainnigh a cuireadh oideachas ar Aindrias. Deirtear go raibh sé an-tugtha don léitheoireacht, agus fiú agus é i bhfeighil tréada bó gur mhó a bhíodh a aird ar na leabhair, agus go raibh spéis ar leith aige i gConradh na Gaeilge nuair a bhí sé ina bhuachaill scoile. Scríobhadh sé aistí faoin ainm pinn ‘Fiach Fánach’ in An tUltach agus baineann ceann in uimhir Fheabhra 1952 le cuairt a thug Séamus Mac a’ Bhaird, timire Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, ar an scoil agus an chaoi a ndeachaigh an chuairt sin i gcion air féin. ‘Bhí mé chomh soineanta sin in am amháin gur shíl mé nár den mhúineadh do dhuine ar bith Gaeilge a labhairt ach amháin seandaoine agus daoine meánaosta’. Tá scéal ag a mhuintir gur rug sé ar naoscach i súil ribe uair lena dhíol, agus gur chaith an t-airgead ar leabhar Gaeilge.

Fógraíodh in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1905 gur toghadh é ina mhúinteoir taistil le haghaidh cheantar Chloich Chionnaola. D’fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh an samhradh sin. Tá liosta dá raibh i láthair in An Claidheamh ar 19 Lúnasa. Mhúineadh sé an teanga i gCloich Chionnaola, i bhFánaid, i gCarn Domhnach agus i nGleann Fhinne. Ceapadh é ina chláraitheoir beireatas, póstaí agus básanna i Srath an Urláir sna 1920idí.

Scríobh sé: Sgéilíni na Finne, 1928; An Dílidhe, 1930; An tAiridheach, 1939, chomh maith le Fir mhóra na hÉireann,1925 i gcomhpháirt le hÉamonn Mac Loingsigh. D’aistrigh sé go Gaeilge Silas Mariner, 1938, Scéal Lorna Doone, 1934 agus An úir dhubh, aistriúchán ar Black Soil, le Josephine Donovan, úrscéal i dtaobh inimirceoirí Éireannacha in Iowa. Bhíodh colún nuacht Thír Chonaill aige in An tUltach ó 1949 amach. Faoin ainm ‘Cearta’ scríobhadh sé ailt in People’s Press. Bhí sé pósta ar Annie Conway ó Phaisley in Albain agus ní raibh aon chlann acu. D’éag sé ar 17 Márta 1972.

Is dóigh gurbh fhear eile ar fad an Andrew J. O’Boyle a scríobh Ar son Cháit, a chéad ghrá, an chéad drama Gaeilge riamh a léiríodh i Nua-Eabhrac (sa Lyric Hall, 42nd Street agus 6th Avenue). Ghlac an t-údar féin ról sa dráma. Tá cuntas air in An Claidheamh Soluis 18 Meitheamh 1904.

Tuairiscíodh in Donegal Democrat 4 Eanáir 1992 go raibh eagar á chur ag an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill ar chnuasach de na haistí a bhí i gcló ag Ó Baoighill in An tUltach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Suíomhanna gréasáin

  • Ó Duibhín, C. Aindrias Ó Baoighill, 1888–1972. Ar fáil ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin//daoine/aindrias_o_baoighill.htm [Faighte 15 Eanáir 2019].