Sa tréimhse 1898–1910 bíonn an t-ainm seo le feiceáil go minic sna hirisí Gaeilge. Dúirt Brian Mac Giolla Phádraig (Inniu 6 Lúnasa 1954) gurbh i mBriotáin na Fraince a rugadh é agus go maíodh sé gurbh ón Duc d’Albe a bhí sé síolraithe. Bhí an t-eireaball d’Albe curtha leis an sloinne ag a athair. Is dóigh go raibh scéal a bhreithe sa Bhriotáin á chur timpeall aige fad a bhí sé gafa leis an gCeilteachas. Ach i bhfad ina dhiaidh sin chuir sé síos Londain mar áit bhreithe san iontráil a bhí aige in Who’s who. Agus sin é an t-eolas atá sa teastas breithe, gur rugadh é ag 46 Hunter Street, Bloomsbury, ar 25 Deireadh Fómhair 1868. Bhí a athair Edward Hermann Fournier d’Albe ina mhac léinn in Ollscoil Londan ag an am. I dteastas pósta Edmund (1906) deirtear gurbh innealtóir é. Ellen Maria Beauchamp ab ainm do mháthair Edmund.

Bhí sé ag an nGiomnáisiam Ríoga in Dusseldorf agus ansin i gColáiste Ríoga na hEolaíochta i Londain. Bhí A.R.C.Sc. aige ón gcoláiste sin agus thabharfadh ollscoileanna Londan agus Birmingham dochtúireachtaí dó ar ball.

Tháinig sé go hÉirinn in 1895 in éineacht lena sheanaint agus chuir siad fúthu ar Chnoc Torca i nDeilginis. Bhí an tseanbhean saibhir agus níor ghá dó a bheatha a thuilleamh. Ach deirtear in Who’s who go raibh sé ag obair i saotharlanna Choláiste na Tríonóide agus Choláiste Ríoga na hEolaíochta. Dar le Mac Giolla Phádraig gurbh é an cineál é a chaithfeadh a chuid ama ag bailiú eolais chuige féin agus ag scríobh. ‘Chuirfeadh sé suim as miosúr i rud éigin nó i ngluaiseacht éigin agus i gcionn tamaillín chaithfeadh sé ar leataobh é agus chuirfeadh sé dúil in ábhar éigin eile.’ In Fáinne an Lae 22 Iúil 1899 deirtear go raibh eolas maith aige ar an mBriotáinis agus ar an mBreatnais, agus eolas gan cháim aige ar an bhFraincis. ‘... the unpredictable variety of E.E. Fournier’s enthusiasm would be underscored by reference to the trilingual edition of the medieval tale Eachtra Laoghaire Mic Criomthain go maigh meall [1908] that he prepared with R.B. White, providing the text in Middle Irish, Modern Irish, and Esperanto!’ (Philip O’Leary in Irish Literary Supplement Fall 1993).

Ba ghairid go raibh sé ar choistí Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge agus Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Faoi Lúnasa 1899 bhí a dhóthain den teanga aige chun tairbhe a bhaint as coicís i dToraigh. Tá cuntas an-inléite aige i nGaeilge ar an turas sin in Fáinne an Lae 16 Nollaig 1899–27 Eanáir 1900. Le cabhair Shéamuis Mhic a’ Bhaird agus Sheáin Uí Bhuithe d’eagraigh sé feis san oileán. Bhí scéal a fuair sé ó Hugh Doogan i gCloich Chionnaola i gcló san iris chéanna 28 Deireadh Fómhair-11 Samhain 1899. Ag Oireachtas 1899 bhuaigh sé duais ar théarmaí teicniúla (faoin ainm ‘Mac Cumhaill’) agus duais ar aiste an bhliain dár gcionn. Nuair a bunaíodh craobh den Chonradh i nDeilginis ba é a toghadh ina uachtarán agus bhí baint mhór aige le hainm an bhaile a bheith i nGaeilge sa stáisiún, rud nach ndearnadh riamh roimhe sin in áit ar bith. Is díol spéise gur mar M. Fournier d’Albe a chuirtear síos air sa tuairisc ar chruinniú tionscnaimh na craoibhe (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900) nuair is ‘Mister’ a bhí ar gach duine eile! I dtuairisc san uimhir chéanna ar chruinniú de Choiste Cuimhneacháin Dhonnchadh Pléimionn ar 24 Meán Fómhair 1900 is é ‘Eadhmonn Ó h-Albainn’ a t-ainm a thugtaí air. Foilsíodh Sgéilíní le ‘Eadhmonn Ó hAlbainn’ in 1900.

Bhí spéis aige sna logainmneacha agus ba é a scríobh an cuntas ar ainmneacha Bhaile Átha Cliath sa lámhleabhar a ullmhaíodh le haghaidh chuairt an British Association. Bhí spéis aige sna hamhráin freisin. Bhuaigh sé an dara duais ar amhránaíocht ag Feis Laighean agus thug an t-airgead do Chiste an Oireachtais (An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1900). Ag cruinniú den Ard-Chraobh léigh sé amach amhrán a bhailigh sé i nGarmna (idem 13 Deireadh Fómhair 1900).

Ach is dóigh gurbh é an rud ba mhó a tharraing aird air ná an Chomhdháil Cheilteach a d’eagraigh sé i mBaile Átha Cliath 1901 agus aris in Carnarvon 1904 agus i nDún Éideann 1907. Is léir ar eagarfhocal in An Claidheamh Soluis 27 Bealtaine 1899 nár thaitin an obair sin in aon chor le Conradh na Gaeilge: ‘The idea was started a year ago in Belfast during the Feis Cheoil week, the moving spirit being Mr Fournier, who is not a native of this country, and who was then the paid official of the Feis Cheoil .... the Feis Cheoil, at its annual general meeting, found it necessary to disclaim, publicly and emphatically, all responsibility for the acts of its registrar, Mr Fournier, in connection with the Pan-Celtic Congress, and shortly after Mr Fournier resigned his position in the Feis Cheoil.’

Bhunaigh sé an iris Celtia agus bhí ina eagarthóir uirthi 1901 go 1906. Is dóigh gur mar gheall ar an gCeilteachas a chaitheadh sé an filleadh beag. I ndiaidh dó an foclóir Béarla-Gaeilge, An English-Irish dictionary and phrase book, a chur amach in 1903 thosaigh sé ar fhoclóir Ceilteach a scríobh ach ní dheachaigh sé thar an litir C. Seo é an fógra i dtaobh an fhoclóra in An Claidheamh Soluis 2 Eanáir 1904: ‘Just out Fournier’s English-Irish Dictionary 21,000 words, giving synonyms, idioms, genders, declensions, and verbal nouns. Price 6/-. -Published by Celtic Association, 92 St Stephen’s Green.’

Phós sé Edith Consuelo Hitchcock, 116 Bóthar Laighean, Ráth Maonais, in eaglais pharóiste Chrois Araild (Eaglais na hÉireann) 17 Márta 1906. Innealtóir leictreach an cur síos ar a shlí bheatha sa teastas pósta agus cónaí air in ‘Alva’, Séipéal Iosóid, ag an am sin. Tá cuid mhaith ina thaobh in DIB – go háirithe a dhonacht a chaitheadh sé lena bhanchéile agus an tábhacht a bhain leis mar eolaí. Tuairimítear ann gurbh air a bhunaigh Flann Ó Briain an carachtar De Selby in The third policeman agus in The Dalkey archive.

Deir Mac Giolla Phádraig nach raibh aon chreideamh aige. ‘... ach bhí suim thar meon aige i spioradáltas ... agus ní bréag a rá nár persona grata ag na sagairt é.’ Scríobh sé Two new worlds (1908) agus New light on immortality (1909).

Ó 1910 go 1914 bhí sé ina léachtóir cúnta san fhisic in Ollscoil Bhirmingham agus chaith 1914–15 in Ollscoil Punjab. Tá liosta na leabhar eolaíochta a scríobh sé in Who was who 1931–40. Aistríodh ceann díobh The electron theory (1906) go hIodáilis, Gearmáinis, Spáinnis agus Rúisis. Deirtear san iontráil úd gurb é ba thúisce a chraol pictiúr teilifíse, i Londain 24 Bealtaine 1923, agus gurbh é a chéadcheap an t-optofón, gléas a bhí ina chabhair don dall chun léitheoireachta. Sna ciclipéidí eolaíochta deirtear gur ar optofón Fournier a bunaíodh a raibh de ghléasanna ann ó shin chun an focal scríofa a chlaochlú go nótaí fuaime.

Tharla stróc dó agus é ag léachtóireacht ar theilifís timpeall 1929 agus d’éag 29 Meitheamh 1933 ag 53 Doggett’s Way, St Albans. Comhartha ar an gclú a bhí air gur tugadh pinsean sa liosta sibhialta dó go gairid roimh a bhás.

Ní foláir nó nach rónádúrtha a bhí labhairt na teanga aige. Tá cuntas ag Micheál Breathnach (1886–1987) in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 29 Deireadh Fómhair 1956) ar Fheis Mhór Chonnacht 1903. Bhí an Craoibhín i measc na gcainteoirí. Seanduine a bhí sa láthair thuig sé gach duine dá raibh ar an ardán ach nuair a labhair Fournier d’Albe d’fhiafraigh an fear bocht: ‘Meas tú an í an Ghaeilge cheart atá againne ar chor ar bith?’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú