Sa bhaile fearainn ar a dtugtar “Dromore Within” in aice le Dhá Dhrom i mBéara, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 18 Márta 1870. Dar lena theastas breithe nár tugadh d’ainmneacha air ach James, ach James Bartley Shea a thugadh sé air féin. Bartholomew a bhí ar a athair, feirmeoir, agus ba í Honoria Shea, ar de mhuintir Shé í féin, a mháthair.

Shíl a mhuintir é a chur le sagartacht. I 1952 (18 Eanáir – 18 Iúil), d’fhoilsigh The Church of Ireland Gazette cuid dá chuimhní cinn faoin teideal “The Speckled bird” (ní raibh a ainm féin leis) agus dúirt sé ann: “All I will say here is that I was determined to break with the family traditions and its mass-produced ideas and strike out on my own for better or worse ... I was driven from home as a ‘speckled bird’ is driven from the flock”. Tharla sin in 1889. De réir an tseanchais sna hAoraí agus Dhá Dhroim, bhí sé ina mhonatóir i scoil na háite agus chuir sé isteach ar phost múinteora. Tugadh an post do mhonatóir eile agus chreid Séamus gurbh amhlaidh gur ghlac an sagart paróiste le breab. B’in é a chuir in aghaidh na sagart é an chéad lá, más fíor. Níorbh iontas gurbh é an t-ainm cleite a roghnódh se ar ball “An Síofra”.

Ní raibh aige ach ticéad singil agus cúpla punt nuair a thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Chaith sé cúpla bliain ag fánaíocht ach in 1893 thosaigh sé ag staidéar ar an Laidin agus ar an gcuntasaíocht i Nua-Eabhrac. Thug Kavanagh, Stanford Co., Merchant Tailors, 420 West 57th Street, post seasta dó. Casadh daoine de bhunadh Uladh agus na hAlban air i séipéal Preispitéireach a dtugtaí “Mizpah” air. Sheachnaíodh sé na Muimhnigh toisc gurbh fhuath leis an mheisciúlacht. Bhí sé ag iarraidh dul isteach in Ollscoil Columbia agus cáiliú mar mhinistir nuair a tholg sé an tífeas. D’fhill sé ar Éirinn i nDeireadh Fómhair 1893.

Chuir sé roimhe sadhsóireacht sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide a bhaint amach. Dúradh in The Church of Ireland Gazette (21 Lúnasa 1959) gur chainteoir dúchais Gaeilge é ach dar lena chlann nárbh ea. Is cinnte go raibh air léamh agus scríobh na teanga a fhoghlaim ag an am seo. D’aimsigh sé cúpla seanduine – dall a raibh saibhreas Gaeilge aige agus seanbhean nach raibh Béarla aici – agus ba ghairid go raibh idir líofacht agus chruinneas aige arís. Bhuaigh sé duais Bhedell, an tsadhasóireacht, agus duaiseanna Kyle agus na hEabhraise. In 1897, bhain sé céim B.A. amach chomh maith le teastas diagachta.

Sna blianta 1896–99, bhí sé ag obair mar sheanmóirí taistil, laindéar draíochta aige mar áis agus é ag seanmóireacht i nGaeilge (“The native language proved a very good weapon of offence and defence”) agus i mBéarla. Tá cur síos ar an obair aige i ndialann a choinníodh sé agus atá anois i seilbh a mhuintire. Ag tathant ar dhaoine na scrioptúir a léamh a bhíodh sé agus ní i mbun iompúcháin. Bhíodh bíoblaí Douai agus The glories of Mary á ndíol aige. Ach ionsaítí é go minic. Thaithíodh sé aontaí agus ócáidí arbh fhéidir bheith ag súil le slua acu. Leanadh scéal a iompaithe é agus ar feadh a shaoil b’éigean dó féin agus do bhaill dá chlann maslaí agus baghcait a fhulaingt. B’fhéidir, ar an taobh eile den scéal, go raibh cuid den cheart ag an Urramach Jackson, Déan Thuama, nuair a scríobh sé in The Church Of Ireland Gazette (14 Lúnasa 1959): “He was a great Irish scholar and for that reason was most popular in all the western parishes where he served. He loved to go into the cottages of the country people and sit by the kitchen fire speaking to them in Irish and hearing the old stories of their grandparents. It was in this way that he learned so much of Irish folklore”.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó thosach beagnach go dtí gur tháinig an pholaitíocht go mór i gceist sa ghluaiseacht. Bhí sé ar dhuine den cheathrar (le Nioclás Ó Cuimín, Feardorcha Ó Conaill agus Pádraig Ó Súilleabháin) a bhunaigh Na Draoithe. Scríobhadh sé in An tEurópach (Meitheamh 1899-Lúnasa 1900). Bhíodh ábhar aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An tÉireannach, The Shan Van Vocht, The Irish Nation, The Parnellite, Cork Examiner. Scríobhadh sé freisin in The Catholic (páipéar Protastúnach). Ghnóthaíodh a dhéantús filíochta duaiseanna Oireachtais agus b’fhiú le hÉamon Cuirtéis é a bheith mar dhuine den 17 bhfile a bhfuil a saothar in Cuisle na hÉigse (eagrán nua ag Ciarán Ó Coigligh 1986). In Studia Hibernica 31, 2000-2001 tá ag Ciarán Ó Coigligh an aiste ‘Aspects of Language and Religion in the Late Nineteenth Century: Rev. James Shea (1870-1959)—Itinerant Preacher, Diarist and Poet of the Revival’. Deir sé go bhfuil dialann Uí Shéaghdha in eagar ag Dr Peter Boyle agus go bhfuiltear ag súil lena foilsiú; tá sleachta i gcló ag Ciarán san aiste. I dtaobh a chuid filíochta deir sé: ‘He is arguably one of the finest poets of the Revival, a fact acknowledged by Edmund Curtis in his fine anthology of 1920. . . . I hope my projected edition of Shea’s poems will further enhance his reputation.’

Óna pheann freisin tá cnuasach dánta, Kerry Pie and other indigestibles (1902), Scríbhinní Naoimh Phádráig (1932) agus Fé’n sceich sidhe (1936), dráma do pháistí. D’aistríodh sé iomainn go Gaeilge agus tá siad le fáil in An tEaglaiseach Gaelach agus in Leabhar Iomann (1961). I rith 50 bliain bhí ailt aige in The Church of Ireland Gazette.

Oirníodh do dheoise Fhearna é i 1900 agus is i gCrois Phádraig a bhí sé ag obair go dtí 1902 nuair a d’aistrigh sé go deoise Thuama mar a raibh sé ina Reachtaire ar Shailearna go dtí 1919. Ar 15 Meitheamh 1919, bhí sé ar na daoine ba thúisce a shroich an áit ar thuirling eitleán Alcock agus Brown tar éis dóibh an tAigéan Atlantach a thrasnú – ghlac sé páirt sa clár raidió a craoladh 40 bliain i ndiaidh an éachta. Bhí sé i bparóiste Mhaighrois ó 1924 go 1927 agus ó 1927 go 1931 i mBuiríos Umhaill agus Baile Chruaich i mBaile Uí Fhiacháin. Ó 1931 go 1945 nuair a theip ar a shláinte, bhí sé sa Nuachabhail.

Bhí sé pósta ar Jane Armstrong ó Mhainistir na Búille agus rugadh cúigear leanaí dóibh. Gariníon leis an dearthóir amharclainne Wendy Shea. Ag 35 Bóthar Ráth Loirc, Baile Phib, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air nuair a d’éag sé ar 7 Lúnasa 1959.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú