Ghlac sé páirt Phádraig na Léime i ndráma Shéamuis Uí DhuirinneAr son Baile agus Tíre. Sin é an fáth ar roghnaigh sé ‘Pádraig na Léime’ mar ainm cleite. Rugadh é sa Siopa Dubh i bParóiste Chathair Dónall in Uíbh Ráthach ar 17 Márta 1880. Máistir poist sa Siopa Dubh ba ea a athair Dónall. Abbey Sullivan (Seeds) a mháthair. I ndiaidh bunscolaíochta i mBun an Inbhir chaith sé tamall ar scoil i Luimneach.

D’fhoghlaim sé cuntasaíocht i gCorcaigh agus fuair post cléireachais in W. Clarke & Co., déantóirí tobac agus snaoise i gCorcaigh. Ní foláir nó chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge ann. Corcaíoch óg amháin ar chuaigh sé i gcion air ba ea Seán Tóibín. Chuir sé ‘fonn oibre i dtaobh na Gaeilge’ air (Misneach 22 Iúil 1921).

Deir Muiris Ó Droighneáin go bhfuair sé post ón gConradh mar mhúinteoir taistil agus go raibh sé ag obair i gCúige Uladh agus i gContae Laoise. I mBaile Átha Cliath bhí baint aige le Craobh an Chliabhraigh i gceantar an Charnáin. I 1904 toghadh mar thimire agus rúnaí do Choiste Ceantair Chorcaí é.

D’fhill sé ar Chiarraí timpeall 1912. Bhunaigh sé Coláiste Chrócháin i halla an pharóiste i gCathair Dónall agus bhí sé ina rúnaí air go dtí lá a bháis. Bhí dlúthbhaint aige freisin le Comharchumann Chrócháin agus thug sé cabhair do Ghobnait Ní Bhruadair i mBaile an Chúnaimh. I 1918 labhraíodh sé in aghaidh an choinscríofa taobh amuigh de na séipéil. Bhí sé ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha agus ina bhall de Chomhairle Chontae Chiarraí. Déardaoin Deascabhála 1921 (5 Bealtaine) bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann nuair a thit sé dá rothar agus fuair bás ar an toirt. Chuir Conradh na Gaeilge cros cheilteach os cionn a uaighe i Reilig Chomhaid.

Tógadh Pádraig le Gaeilge. Bhain sé duais Oireachtais i 1908 lena aiste ar na Fíníní in Uíbh Ráthach. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge péire dá dhrámaí: Mac Carrthaigh Mór (1908); Oighreacht Róisín (1910), dráma dátheangach. Bhíodh aistí, scéalta agus píosaí aithriseoireachta aige in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Lóchrann agus Banba. Tá féith an ghrinn i gcuid mhaith de na píosaí sin. Scríobh sé dráma i mBéarla Under the abbey walls.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú