I mBéarra a tógadh é. Ba mhac le Pádraig Ó Súilleabháin, Dhá Dhroim, Béarra, é dar le Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Iml. X Deireadh Fómhair-Nollaig 1918. Patrick Percival O’Sullivan a thugtar air i dtreoirleabhair Eaglais na hÉireann.

Dúirt Patrick nó Peaits O’Sullivan (Jimmy), Dhá Dhroim, fear a bhí 88 bliana d’aois, le húdair an chuntais (Meán Fómhair 1992) seo gurbh é Paddy Sylvie Ó Súilleabháin, mac le Sylvester Ó Súilleabháin, Carraig an Phréacháin, Dhá Dhroim, a athair agus gurbh í Abby Ní Shúilleabháin a mháthair. Bhí aithne mhaith ag Peaits Jimmy ar a dheartháir George Sylvie. Agus bhí col ceathar le Peaits pósta ar dheirfiúr le Séamus Ó Séaghdha. Dúirt sé gur ‘Gobnait Phaidí’ a thugtaí ar Abby nó Abigail agus gurbh é Sylvester an duine ba shine sa chlann acu agus go raibh ann freisin: Mary, John, Jim, agus George. Shíl sé gur mhúinteoir Gaeilge ba ea Paidí Sylvie agus go raibh seisean ag múineadh i mBéal an Mhuirthead tamall agus gurbh ann a rugadh cuid den chlann.

Tá an t-eolas sin ag teacht cuid mhaith lena bhfuil i gcló ag Riobard O’Dwyer in Who were my ancestors: genealogy (family trees) of the Eyeries parish, Castletownbere, Co. Cork, 1970. De réir na dtaifead ag Eaglais na hÉireann a cheadaigh Riobard phós Patrick Sullivan, ‘Scripture reader and Irish Inspector’, Abigail Sullivan arbh iníon í le Seán Sullivan, feirmeoir i bhFánshliabh, 30 Márta 1869. Rugadh Sylvester ar 28 Lúnasa 1870 agus rugadh Mary ar 27 Lúnasa 1881. Máistir scoile an cur síos ar cheird an athar sa taifead deireanach sin. Liostaíonn Riobard na páistí: Máirín (a phós i nDún Mánmhaí), Sylvester (a bhí i gCabhlach na Breataine), Pat, Jacky (a bhí i gCabhlach na Breataine), Jim (a chuir faoi i Sasana), agus George (a bhí sa chabhlach freisin). Bhí Paidí Sylvie ag obair i dTobar an Choire tamall agus síleann Riobard gurbh ann a rugadh gach duine den chlann cé is moite de Sylvester agus Mary.

Síleann Riobard agus Peaits araon gurbh é Sylvester, seanathair Phádraig s’againne, a d’iompaigh ina Phrotastúnach, tuairim 1848. Bhí sé pósta ar Margaret Crowley. Tá siad beirt ar aon fhocal, geall leis, faoi gach rud, ach amháin i dtaobh an bhaile i gConnacht a raibh Paidí Sylvie ag obair ann agus go samhlaítear do Pheaits go raibh Sylvester ina sháirsint in arm na Stát Aontaithe. Agus is é Peaits amháin a bhí lánchinnte de gurbh é mac Phaidí Sylvie an Pádraig seo a d’éag i mBéal Feirste i 1918. Sular tarraingíodh an scéal iomlán síos ina láthair bhí tuairim á nochtadh aige gur briseadh as a phost é mar gheall ar leabhar a scríobh sé. Tá bunús fírinneach leis sin mar a fheicfimid.

Níl puinn amhrais ach gurb é an Pádraig Ó Súilleabháin a rugadh i mBuaile Phádraig i gceantar Bhéal an Átha (i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh) ar 26 Samhain 1874 an fear s’againne. Síltear gurb i bparóiste Bhéal an Átha atá Buaile Phádraig. Múinteoir an cur síos ar shlí bheatha an athar, Pádraig, sa teastas breithe, agus Abigail Ní Shúilleabháin ab ainm don mháthair. Feirmeoir in Dhá Dhroim ba ea an t-athair i nDaonáireamh 1901, é 68 bliana d’aois agus chuir sé síos ar a chreideamh mar ‘Episcopalian Church of Ireland’. Is léir go dtugadh an mhúinteoireacht anseo is ansiúd é mar tugtar d’eolas ar a mhac James, mairnéalach, gurbh i gCill Rois, Co. an Chláir, a rugadh é agus gur sa Longfort a rugadh George, oibrí feirme. Bean fuála ba ea Mary. Bhí Gaeilge ag gach duine sa teaghlach. Deirtear i nDaonáireamh 1911 gur rugadh ochtar don lánúin agus nár mhair díobh ach seisear. Bhí an t-athair marbh faoin am seo (d’éag Márta 1910). Ní raibh léamh ná scríobh ag Abigail agus 56 a bhí sise i 1901.

Bhí teampall Protastúnach i Rinn an Bháid, Dhá Dhroim, mar aon le scoil náisiúnta agus ní móide go bhfuair Pádraig aon mheánscolaíocht. Sadhsóireacht a thug é go Coláiste na Tríonóide tuairim 1895. Bhí sé mór le triúr eile mac léinn ann: Séamus Ó Séaghdha (‘An Síofra’); Nioclás Ó Cuimín (‘Aonghus Draoi’), agus Feardorcha Ó Conaill (‘Conall Cearnach’). Ba iad an ceathrar ba mhó sna Draoithe iad. ‘Ind File’ nó ‘An File’ a thugtaí ar Phádraig. In An tEaglaiseach Gaelach, Meitheamh 1919, dúirt Conall Cearnach: ‘Níl fhios agam cén fáth gur tugadh “An File” air mar ní scríobhadh sé mórán filíochta ar chor ar bith: ach lean an t-ainm air ...’. Nuair a d’éag Nioclás Ó Cuimín chaoin Pádraig é (An Claidheamh Soluis 21 Feabhra 1903). Thabharfá leat as an dán go raibh sé féin ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh agus go mbíodh sé i measc an ghasra a thaithíodh Stad na Gaeilge, IB Sráid Fheardorcha Thuaidh. Scríobhadh sé in An tEurópach, Banba, Celtica.

Fuair sé BA le céad onóracha. Bronnadh bonn óir air. Oirníodh ina shagart de chuid Eaglais na hÉireann é in eaglais an pharóiste sa Chabhán ar 29 Meitheamh 1904. De réir threoirleabhair Eaglais na hÉireann bhí sé an bhliain roimhe sin ina dhéagánach i mBéal Tairbirt. Chaith sé tamaill i mbun oibre in Ardcharn i Mainistir na Búille, i gCoill an Ghairr i gContae Liatroma, i gClóirtheach in Uíbh Fhailí, agus i nDroim Tairbh i gCorcaigh. I 1910 bhí sé i mBaile Mhic Airt, Béal Feirste, agus an bhliain dár gcionn bhí sé ina chúráideach ag an easpag sa chathair sin. Ní léir go raibh aon phost aige ar feadh tamaill. I bPort Chluain Eoghain a bhí sé 1913–14 agus ar ais i mBéal Feirste 1915. As sin amach bhí sé i Loch gCaol i gContae Aontroma, de réir threoirleabhair Eaglais na hÉireann.

Luaitear Cúl Dabhaigh agus Rinn Mhic Ghiolla Rua sa chuntas ar a bhás in Fáinne an Lae 5 Iúil 1919. ‘Do dhealródh an scéal gurbh amhlaidh a d’éirigh sé as an seanmóireacht agus an mhinistreacht tar éis dó an áit sin a fhágáil. Ag múinteoireacht i gColáiste na Meitidisteach i mBéal Feirste a chaith sé a shaol ó shin i leith’. Ach dar le Henderson History of Methodist College, Belfast 1868–1938 nár chaith sé ach dhá mhí ag múineadh Béarla ann. Tá nóta faoina bhás freisin in Church of Ireland Gazette 4 Aibreán 1919.

Fuair sé bás den fhliú mór 17 Samhain 1918, de réir an teastais báis. An 17 Samhain a bhí ag Fáinne an Lae agus ní foláir nó is ann a fuair Muiris Ó Droighneáin an dáta sin. Níl d’eolas sa teastas ach gur sa Choláiste Meitidisteach a bhí sé nuair a tháinig tinneas a bháis air, gurbh í an mhúinteoireacht a shlí bheatha, gur bhaitsiléir é, agus go raibh sé 44 bliain d’aois.

Bhí an méid seo sa chéad uimhir de An tEaglaiseach Gaelach, Márta 1919, ag Francis Bigger: ‘On 19th day of November the full Gaelic Church burial service was said at the open grave of the Rev. Patrick O’Sullivan at the parish churchyard of Templepatrick in the centre of Co. Antrim; “the most Protestant parish in Ireland”. There were three clergymen present but the service was taken by the Rev. Canon O’Connell, Professor of Irish in the Belfast University. The slowly tolling bell, the whispering trees in the wintry sunset and the little group of mourners made an impressive picture, rendered more impressive by the deep resonance of the old tongue over the open grave of an Ó Súilleabháin in the old clan land of O Neill’. Bigger a fuair an uaigh dó. Tuairiscíodh mar a leanas in An tEaglaiseach Gaelach, Meitheamh 1921: ‘A beautiful Celtic cross over seven feet high has been erected in the parish churchyard of Templepatrick to mark the grave [of Rev. P. O’Sullivan]. It is of Irish limestone chastely carved with five bosses in high relief, each having a distinct symbolism’. ‘Solas na bhFlaitheas dá anam’ an inscríbhinn.

An oiread sin a bheith ag fáil bháis den fhliú faoi deara, is dóigh, gan cuntais níos gaire don dáta báis bheith ar fáil. Dúirt Conall Cearnach: ‘Níorbh fhiú le fear na mBelfast Notes sa Church of Ireland Gazette teacht thar a bhás ach sin mar is dual agus fadó bheadh cuntas tugtha agam féin marach gur bhuail taom den ghalar chéanna mé agus ar ndóigh is beag teacht aniar d’fhág sé ionam go dtí seo’.

Dhealródh sé nach rómhaith a bhí meon a chomhchreidmheach sa Tuaisceart ag réiteach leis an Súilleabhánach. Dúradh in Church of Ireland Gazette (idem): ‘The late Rev. P. P. O’Sullivan was well-known in Belfast where he held for brief periods curacies in a number of city churches. His outspoken manner on religious and political questions seemed to alienate him from the mass of Church folk in the city who did not understand his western ways and Gaelic ideas’. Agus dúirt Conall Cearnach: ‘Ba é a mhí-ádh a sheol go Cúige Uladh é agus ní raibh rí ná rath air ón lá ar shroich sé an Tuaisceart. Níor thuig na daoine é agus bhíodar ar buile chomh mór sin le teann polaitíochta gur ar éigean a gheibheadh sé aon obair a dhéanamh. Le bliain nó dhó bhí sé ar nós an duine sa dán – “Cortha dá shaol, ar strae á sheoladh, ó phósta go piléar gan ghaol gan chóngas”.’

Scríobh sé úrscéal: Dr Blair or Irish Protestants under Home Rule, Belfast 1912, by Rev. P. P. O’Sullivan B.A., agus an bhliain chéanna, dar le Séamus Ó Casaide, foilsíodh The downfall of Grabbun: an Ulster fable by an Ulster clergyman. Agus dúirt an Casaideach faoin dá leabhar sin: ‘Both volumes are stongly Irish in flavour; the latter, which is freely illustrated in colour, created a mild sensation largely owing to its many characters having a local identity’.

Ba é a d’aistrigh an cnuasach gearrscéalta le George Moore, The untilled field, 1902 go Gaeilge faoin teideal An tÚrghort. ‘The prodigal laid his Untilled field at her [Ireland’s] feet. It was taken up by a genial Catholic Gael, Tadhg Ó Donnchadha and a young Protestant student of TCD, Mr O’Sullivan, and between them they turned it into Irish’, a deir W.P.Ryan in The Pope’s green island, 1912. Níor aistrigh Tadhg ach ceann amháin den leathdhosaen scéal.

Tá an méid seo ag Conall Cearnach in Banba, Iúil 1921, faoin teideal ‘Vingt ans apres’: ‘An lá a tháinig Banríon Shasana ar cuairt ... an ceathrar draoi thuas san fhuinneog i gColáiste na Tríonóide ag fáiltiú roimpi. Bhí “field glasses” (mar dh’ea) ag duine acu – dhá bhuidéal ceangailte le chéile a bhí sna field glasses; bhí fidil ag an bhFile, fliúit ag Aonghus bocht, meileoidin ag an Síofra agus corn práis ag an Ard-Draoi, agus iad uile ag seinnt ar a seacht ndícheall – agus ní gá dom a rá nach é an “National Anthem” a bhí ar siúl acu – agus bhí bratach glasuaithne acu ar sileadh leis an bhfuinneog ... doras an tseomra faoi ghlas agus troscán taobh thiar de mar dhaingniú’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú