Cuimhnítear go háirithe ar an obair a rinne sé ar son na Gaeilge le linn dó bheith ina phríomhchigire ceardscoileanna ó 1943 amach. In Inse an tSeaglainn, Eadargóil, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 13 Deireadh Fómhair 1889. Bhain a athair Eugene leis an gcraobh de na Súilleabhánaigh a dtugtar na ‘Eugenes’ orthu. Hanora Dunne ab ainm dá mháthair agus bhí ceathrar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Deir neacht dó nach raibh ach an corrfhocal Gaeilge ag na tuismitheoirí. Bhí Muircheartach Ó Sé ar dhuine dá mhúinteoirí i scoil Eadargóil. ‘Pronnséas’ an chaoi a litríodh sé féin a ainm de ghnáth.

Tuairim 1910, bhí sé ag múineadh bunscoile i mBaile Átha Cliath agus é go gníomhach cheana féin i gConradh na Gaeilge. Chraol Aindrias Ó Muimhneacháin an méid seo ar Radio Éireann (i gcló in Inniu 2 Márta 1956): ‘Cúig bliana is daichead ó shin ag gabháil dó i mbun poist mar oide scoile i mBaile Átha Cliath ba leis nár leasc a rothar a ghabháil chuige um thráthnóna agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar fada amach go Cill Mhantáin chun an oíche a chaitheamh ag teagasc Gaeilge do mhuintir Chonradh na Gaeilge ansin’. Bhíodh ranganna aige i gCraobh na gCúig gCúigí freisin.

Fuair Mary Spring Rice post múinteora dó i bhFaing agus le linn dó bheith ann chuir sí síos go Ciarraí é féachaint cá bhféadfaí gunnaí Gearmánacha a thabhairt i dtír. Cúpla bliain roimhe sin, in An Claidheamh Soluis 12 Meán Fómhair 1914, bhí dán i gcló aige inar chuir sé in iúl go raibh súil aige gur ag an nGearmáin a bheadh an lá. ‘Do léim mo chroí go tapaidh/ Ag cuimhneamh ar an ngaisce/ Is ar Shacsain chlaon’ dá leagadh/ Ag Germans ar lár’. Chuaigh sé chun na Gearmáine i 1920. Dúradh in Irish School Weekly gurbh i ngeall ar a shláinte a d’imigh sé. Bhí Béarla agus ábhair eile á dteagasc aige ann agus d’éirigh leis Ph.D. a fháil in Ollscoil Freiburg. D’fhill sé abhaile i 1925 agus ceapadh é ina chigire bunscoileanna. Tá pictiúr taitneamhach de i mbun a ghnó cigireachta sa chaibidil 'Proinsias on the war path!' in As we lived it, [g.d.] leis an tSiúr De Lourdes Stack.

‘Níor thúisce ina chigire dhó ná siúd leis ag scríobh leabhar is leabhrán d’fhonn a chur ar chumas lucht na scol an Ghaeilge a theagasc ar an gcuma dar leis ab fhearr éifeacht’, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin. Chreid sé freisin go mba mhór an chabhair chun na Gaeilge é drámaí Gaeilge bheith á gcleachtadh sna scoileanna agus b’in a spreag é chun Cumann Drámaíochta na Scol a bhunú i 1934. Bhí sé ina rúnaí sealadach ach deir Donncha Ó Súilleabháin in An Cumann Scoildrámaíochta 1934–1984, 1986 nár theastaigh ón Roinn Oideachais cigire a bheith dlúthbhainteach leis ar eagla go gceapfaí go rabhthas ag iarraidh ábhar éigeantach a dhéanamh den drámaíocht. Chuir sé craobh den Chumann ar bun i nGaillimh nuair a d’aistrigh sé ansiúd tar éis gur ceapadh ina Roinn-Chigire é i 1935. Ba é a chuir eagar ar Lámhleabhar drámaíochta, 1936. Chaith sé tamaill i gceantar Phort Láirge agus Chill Chainnigh.

Dúirt Ó Muimhneacháin: ‘Sa bhliain 1941 is ea thánag féin i ndlúthchaidreamh saothair le Proinsias Ó Súilleabháin nuair a bhunaigh an Roinn Oideachais an chéad chúrsa bliana chun múinteoirí agus timirí Gaeilge d’oiliúint—eisean a bhí mar stiúrthóir ar an gcúrsa san agus mé féin im’ Thánaiste aige. Bhíomar i bpáirt le chéile san ghnó san ar feadh deich mblian ina dhiaidh sin, agus is féidir liomsa a dhearbhú gur chuir Proinsias Ó Súilleabháin, ina Stiúrthóir ar dtús orainn agus ina chomhairlí ina dhiaidh san, comaoin i gcaitheamh na mblian san ar mhúinteoirí Gaeilge na gceardscol agus ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna céanna nach eolach fós ach do bheagán daoine é’. D’eagraíodh sé cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí gairmoideachais. Um Nollaig 1943, ceapadh ina phríomhchigire ceardscoileanna é. Cháiligh sé mar abhcóide i 1949.

Ba é uachtarán anChumainn Éireannach-Ghearmánaigh é agus i ndiaidh an chogaidh (1939–45) bhí sé an-ghníomhach san fheachtas chun fóirithint ar pháistí na Gearmáine. Bhí sé pósta ar Ghearmánach, Ilse Koehling ó Eisenach. I bhFreiburg a casadh ar a chéile iad agus bhí céim dhochtúra ag Ilse. Bhí mac agus iníon acu. Ag 16 Oakley Drive, Ráth Gharbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. Chomh luath is a chuaigh sé ar pinsean, i bhFeabhra 1955, fuair sé post sa Ghearmáin i gcomhlacht mór leictreachais AEG. D’éag sé ar 27 Feabhra 1956 agus cuireadh é i nGlas Naíon. Bhronn a bhaintreach dhá chorn ar an gCumann Scoildrámaíochta i gcuimhne air.

Bhí sé ina bhall de na hAisteoirí agus bhuaigh duais ag Oireachtas 1918 ar dhráma a aistriú. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais freisin ar amhrán nuachumtha, ar chnuasach de sheanphaidreacha agus duaiseanna sna comórtais mhodh múinteoireachta. Deirtear go mba rinceoir an-mhaith é. Scríobh sé scata leabhairíní do pháistí scoile agus ina measc tá: Scéal na hÉireann i gcomhair páistí scoile, 1922; Beidh rinnce againn, 1923; Seanchaíocht, prós agus filíocht, 1924; An circín ruadh, 1924; An fuláramh, 1925; An gréasaidhe mór ó Éirinn agus giolla an Airm Deirg, [1932]; Scéilíní i gcóir na bpáistí, g.d.; 150 de dhuanta Gaeilge, 1936; Stair na hÉireann ó aimsir Naomh Pádraig go dtí an lá inniu, 1938. Deirtear gur scríobh sé Learn Irish in a month ach níl tagairt dó i gclár na Leabharlainne Náisiúnta. Aistriúchán a rinne sé is ea Sídhe-Scéalta na mBráthar Grimm, g.d.. Tuairim 1944, d'fhoilsigh Comhartha na dTrí gCoinneal aistriúchán a rinne sé ar The deserted village le Goldsmith faoin teideal An baile beag tréigthe .i. Leagan Gaedhilge a rinne Froinsias Ó Súileabháin. Ní ar an gcuma sin a scríobhadh sé a ainm ach tá Donal O'Donovan, cliamhain Phronnséis, cinnte gurb é an fear s'againne é. Dúradh in Irish Independent go raibh Gearmáinis, Fraincis, Danmhairgis agus Ioruais go líofa aige. Deirtear freisin go raibh Ollannais aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú