Sa tuairisc bháis in The Kerryman dúradh gurbh í an tsochraid ba mhó riamh in Uíbh Ráthach a cuireadh air. I bparóiste Chathair Dónall, Co. Chiarraí, a rugadh é. Feirmeoir ba ea a athair Conchubhar agus ba í Siobhán Ní Chonchubhair ó Imleach, paróiste na Priaireachta, a mháthair. Ba é Domhnall an dara mac agus an dara duine sa chlann agus baisteadh é ar 29 Márta 1860. Bhí cúigear deirfiúracha aige agus ceathrar deartháireacha. Tá Súilleabhánaigh líonmhar sa cheantar agus ba de mhuintir na mBróg é: níl aon mhíniú ar an leasainm ach amháin go mb’fhéidir gur thúisce ná ag a gcomharsana a bhí bróga á gcaitheamh ag a leanaí. Sa Ghleann Mór in aice leis an gCoireán a bhí Domhnall ag múineadh ar dtús sula bhfuair sé scoil Chathair Dónall tuairim 1886. Duine dá scoláirí ansin ba ea an cigire cáiliúil Séamus Ó Fiannachta a scríobh It all happened: reminiscences, 1948. Thug Tomás Bán Ó Concheanainn cuairt ar an scoil 5 Aibreán 1900: ‘Mr D. O’Sullivan and Miss Fenton teach at Cahirdaniel. I examined their pupils and it amazed me to find little bits of tots knowing so much of the national tongue. One little boy not eight years old read verse after verse of “An Peacach agus an Bás” for me. To make sure he had not got it by heart I gave him Ceol Sidhe to read, and he read it off realising fully the meaning of what he read. Several others did the same. Prizes are given in Cahirdaniel school now and again to encourage the children; in this way Mr O’Sullivan has distributed thirty copies of Ceol Sidhe. Several of the children who are in the 3rd and 4th classes, and therefore not taught Irish, can read and write as well as those in the 5th and 6th, having learned from their elder brothers and sisters’ (An Claidheamh Soluis 5 Bealtaine 1900).

Bhí sé ina rúnaí ag Craobh Chonradh na Gaeilge ann (An Claidheamh Soluis 21 Aibreán 1900). Tuairiscíodh (idem 28 Aibreán 1900 agus 17 Bealtaine 1902) gur bhuaigh triúr dá scoláirí ansiúd Duaiseanna an Chliabhraigh. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais i 1900 agus i 1901 sna comórtais a bhain le hainmneacha éisc, le téarmaí a bhaineann le tionscal na hiascaireachta agus le téarmaí talmhaíochta. Bhuaigh a dheirfiúr Cáit (‘Bean thar lear’) duais Oireachtais i 1900 le ‘Cnuasach de dhánta nár foilsíodh cheana’. A mháthair Siobhán a d’aithris di iad. Tá litir ag Domhnall (idem 23 Meitheamh 1900) á chur in iúl gur cailleadh Siobhán oíche Bhealtaine agus gurbh in an chéad tuairisc a fuair Cáit ar casadh di go Rhode Island sna Stáit. ‘An oíche sar ar cailleadh í do bhí sí chomh maith ina sláinte agus do bhí le fiche bliain, agus do bhí ag múineadh amhrán do leanbh liomsa do bhí ina teannta, agus dúirt sí go raibh leathchéad eile amhrán aici nár thóg aoinne síos fós, ach faraoir táid sa chré anois léi i Mainistir Dhairefhionáin’. Dúirt sé freisin nár labhair sí focal Béarla le blianta.

Phós sé Caitlín de Barra in 1891. I nDaonáireamh 1901 bhí Gaeilge ag gach duine sa teaghlach i mBaile Uí Chearnacháin: Daniel (39); a bhean Kate (32); na leanaí Cornelius (9), Michael (8), Mary (7), Bridget (5), Katie (3); Johanna (6 mhí). Bhí beirt seirbhíseach feirme sa teach. Faoi 1911 is i gCom na hEorna Thiar a bhí an teaghlach. Feirmeoir agus múinteoir ba ea Domhnall agus bhí na leanaí eile seo, Eibhlín (7), Sheila (5), Joseph (2) agus Nora (1), sa teach. Dháréag a rugadh don lánúin, a bhí pósta le fiche bliain, agus bhí deichniúr díobh beo.

Bhí sé ar dhuine díobh sin a thug fianaise os comhair Choimisiún na Gaeltachta i 1925. Scríobh sé Seanchas na Deasmumhan, 1940; Beatha Dhomhnaill Uí Chonaill, 1936; agus, in Béaloideas 15, 1945 (1946), ‘Seanchas Bhordóinín’. D’éag sé 2 Deireadh Fómhair 1951. Dúradh gur 92 bliana d’aois a bhí sé ag an am. Nuair a thug Richard Hayward cuairt air tuairim 1944 agus é ag taighde le haghaidh a leabhair The Kingdom of Kerry dúirt Domhnall leis gur ghnách dó deich míle a shiúl gach lá.

In Kerryman 13 Deireadh Fómhair 1951 scríobh Seán Ó Súilleabháin: ‘Ag múineadh scoile a chaith sé a shaol. Is gnách cáil chun seanchais agus chun an eolais dúchasaigh ar sheanamháistrí dá linn ach féadaim a rá le fírinne gur rug Domhnall an barr leis sa tslí sin. Do bhí caidreamh riamh aige leis an seana-mhuintir ina thimpeall in Uíbh Ráthach: thug sé cluas chruinn dá ráiteas agus d’fhoghluim sé uathu seanchas na gceanntar mór-dtimpeall nach raibh le fáil ach acu san amháin. Do bhí craobhacha geinealaí na dúthaí ar fad aige i dtaisce ina chuimhne agus ba mhinic daoine ag triall air nó ag scríobhadh chuige ós na Stáit Aontaithe féin ag lorg cuntais ar an muintir gur díobh iad. Ba dhóibh nár mhiste sin; bhíodh réiteach gach ceiste aige gan tagairt do leabhar ná do scríbhinn. B’é an sár-sheanchaí gan aon bhréag é. Ní hé amháin go raibh cur amach thar an gcoitiantacht aige ar bhéaloideas agus ar sheanchas stairiúil na gceanntar mágcuaird, fé mar fhoghluim sé ós na seandaoine iad, ach bhí eolas cruinn aige ina dteannta san ar na nithe a bhí le fáil i seana-láimscríbhinní agus i leabhraibh. Fear cuardaigh agus taighde ba ea é; saoi den tseana-mhúnla arbh onóir agus pléisiúir don duine suí tamall ag éisteacht leis ag cur síos ar an saol a bhí ann lena linn féin agus i bhfad roimis; é séimh pearsanta uasal ina mheon agus é ullamh síoraí ar nós fíor fhir-léinn ar an eolas a bhí aige a thabhairt uaidh’. Agus scríobh Pádraig Ó Siochfhradha in Béaloideas 23, 1954[1956]: ‘Staraí, scoláire léannta, seanchaí eolasach agus oighre ar oideas agus traidisiúin a chine agus a dhúthaí. Fairis sin ba dhuine é a bhí uasal gan phuimp ’na mheon, ina iompar agus ina chaidreamh le cách agus fear fial thar na beartaibh’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú