Bhí baint mhór aige leis an London Hibernian Society for Establishing Schools and Circulating the Holy Scriptures in Ireland a bunaíodh in 1806. Gheofar cuntas ar a shaol in Here’s to their memory, 1977 le John McTernan. B’as Leeds dá athair, oifigeach airm. I Sligeach a rugadh é. I dtús a shaoil bhí sé tugtha don droch-chomhluadar ach thosaigh ag freastal ar thionólacha paidreoireachta a bhí ar bun ag pobal beag faoi cheannas Andrew Maiben, Albanach a bhí scartha amach le tamall ón eaglais Phreispitéireach. I 1780 phós Blest a iníonsan. Bhunaigh an bheirt fhear seo eaglais neamhspleách i Sligeach. Faoi 1800 bhí sé ina bhainisteoir ar ghnó tuaracháin ach ba mhó a spéis in iompúchán creidimh. Nuair a bunaíodh an London Hibernian Society ceapadh é ina phríomhghníomhaire acu san iarthuaisceart. Idir 1811 agus 1814 bhunaigh sé 140 scoil i gContae Shligigh féin chun léamh agus foghlaim na Scrioptúr a spreagadh. Ceapadh é i gceannas na gluaiseachta in Éirinn agus d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath in 1827. Ba é Thady Connellan an deisceabal ab aitheanta dá raibh aige, b’fhéidir, agus is mór a bhí tionchar ag an scoláire sin air maidir leis an tairbhe a bhainfeadh le léamh na Gaeilge a mhúineadh do chainteoirí Gaeilge i dtreo gurbh fhusa acu léamh an Bhéarla a fhoghlaim. Níl a fhios an raibh Gaeilge ag Blest ach bhí spéis mhór aige i gceol na hÉireann. Sa chomhthéacs sin déanann McTernan tagairt don litir a chuir Edward Bunting chuig Mary McCracken i Meán Fómhair 1808 ina ndeir sé gur bailitheoir ceoil traidisiúnta é Blest. Tá litir a chuir Blest chuig Bunting i gcló ag Donal O’Sullivan in Éigse Iml. III, Cuid a IV, 1942 (lch 280). D’éag sé 26 Eanáir 1837 ag 23 Sráid Doiminic Íochtarach, Baile Átha Cliath, in aois 82 bliain dó.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú