Ón am a bunaíodh The Irish Society for promoting the Education of the Native Irish through the medium of their own Language in 1818 ba é seo an t-oibrí Gaeilge ba chumasaí dá raibh acu. Tá cuntas fada, ‘The Irish Society agus Tadhg Ó Coinnialláin’, ag Tomás Ó hAilín in Studia Hibernica 8 (1968) agus cuntas ag Donal O’Sullivan, ‘Thaddaeus Connellan and his books of Irish poetry’, in Éigse Iml. III Cuid a IV, 1942. Sa Chorcach Bheag i bparóiste Theampall Baoith, Co. Shligigh, a rugadh é. Dar le John McTernan (Olde Sligoe: aspects of town and county over 750 years, 1955 agus Here’s to their memory, 1977) go raibh ar intinn aige dul le sagartacht ach gur chuir Éirí Amach 1798, a raibh páirt éigin aige ann, isteach ar a chuid staidéir nuair ab éigin dó a bheith ar a choimeád. In Patriotic sketches of Ireland written in Connaught (1807) tá cuntas ag an úrscéalaí Lady Sydney Morgan (1783-1859) ar an gcaoi a raibh sé sular iompaigh sé ina Phrotastúnach, ar an scoil ghearr a bhí aige i gCnoc na gCorc agus ar an gcaoi ar fhoghlaim sé Laidin agus Gréigis, dar leis féin. Bhí múinteoir an-cháiliúil i gContae an Chláir agus chuaigh scata buachaillí cosnochta ó Thír Fhiachrach síos chuige, Tadhg ina measc, iad ag tnúth le scolaíocht agus lóistín a fháil saor in aisce. Nuair nár cuireadh fáilte rompu d’ardaigh siad an múinteoir bocht leo ar ais go Connachta mar ar thug sé teagasc dóibh.

Ar ball bhí ag teip ar an scoil a bhí ag Tadhg féin. Tuairim 1807 bhí tuairimí creidimh Albert Blest, Baisteach i Sligeach a bhí ceaptha ina cheannasaí ceantair ag an London Hibernian Society, ag dul i gcion air. Cheana féin bhí a aigne socraithe aige gurbh é an chaoi ab fhearr chun déileáil le Gaeil an iarthair ‘to lead them to a train of right thinking: and by opening their minds to the excellencies of religion to subdue their frightful disposition to anarchy, disloyalty and confusion and to render them loyal, industrious and happy’ (sliocht as a leabhar An Teoluidhe Gaoidheilge lé na bhrígh a Saicsbhéarla, 1824 i gcló ag Ó hAilín). Dar leis gurbh é an chaoi ab fhearr a bhfoghlaimeodh siad léamh an Bhéarla ar ball ná léamh na Gaeilge a mhúineadh dóibh ar dtús. An duine a léifeadh an leabhrán litrithe a bhí curtha amach ag an Hibernian Society mhúinfeadh an duine sin léamh na teanga saor in aisce do 24 duine. ‘Chain-letter method’ a thugann O’Sullivan air. Tá véarsaí greannmhara a scríobh an tUrr. William Urwick i gcló ag Wood-Martin in History of Sligo, county and town from the close of the Revolution of 1688 to the present time with illustrations from the original drawings and plans, Iml. III (1892). B’in é an plean a bhí ag Tadhg agus chuaigh sin i gcion ar Blest. Faoi 1835 bhí Tadhg á mhaíomh gur leor dhá mhí chun léamh na Gaeilge a mhúineadh do chainteoir dúchais, ach na leabhráin chuí a bheith ar fáil.

Bhí sé i gceannas ar scoil Blest i gCúil Áine, Co. Shligigh, ar dtús ach dar le McTernan nár fhéad sé smacht a choimeád sa rang. Ansin d’fhostaigh an Hibernian Society é ar dtús agus ansin an Irish Society mar chineál timire lánaimseartha. Anuas go dtí 1814 bhí de chúram air múinteoirí a oiliúint don Hibernian Society. Cúraimí eile a bhí le déanamh aige ba ea scoileanna a bhunú agus leabhráin a chur ar fáil. Mhaígh sé (Reidh-leighion air ghnothuibh cearba): ‘He also put into circulation more than one hundred thousand Irish books all composed by himself . . .. Some of these he sold, the greater number he gave gratuitously to the poor’. Scríobh sé: Seanráite nó forfhocla Sholaimh a ngaoidheilge ’sa saicsbhéarla (1814); An English-Irish dictionary intended for the use of schools (1814); Teagmhuiseach nó Primér ann a bhfuil ceithre mhíle focal clodhbhuailte déinstiolla do fhréimhbhriathraibh gaodhalacha le na mbrigh a saicsbhéarla (1815); Reidh-leighion air ghnothuibh cearba (1935) (aistriúchán ar Easy lessons in money matters (1835) leis an Ardeaspag Richard Whately). Is mar gheall ar a shuim i litríocht na Gaeilge a d’fhoilsigh sé Reliques of Irish poetry (1825); An Duanaire. Fiannaigheacht, danta, agus ranna le’r tteangsa mhin, bhinn mhilis a leigheadh (1829); An duanaire. Fonna seanma. A selection of Irish melodies, poems and moral epigrams (1829). I gceann an mhéid sin chaith sé ocht mbliana d’fhichidí an chéid i Sasana ag múineadh creidimh d’Éireannaigh sna cathracha agus sna bailte móra agus ag déanamh bainistíochta ar chúrsaí foilseacháin.

Tuairim 1833 thairg sé leabhráin phraiticiúla i nGaeilge i dtaobh áirimh, geograife, suirbhéireachta, garraíodóireachta, feirmeoireachta, luibheolais etc. a chur ar fáil ach shíl an Irish Society agus Henry Monck Mason gur thúisce a léifeadh daoine na leabhráin sin ná na Scrioptúir féin. Deir Ó hAilín: ‘Ceann de bhunrialacha an Irish Society ba ea gan aon leabhar eile a thabhairt don “enquiring peasantry” ach an Bíobla Gaelach agus bunleabhair teagaisc agus gan “nóta ná gluais” a bheith le fáil sa Bhíobla san.’ Bhí eagla orthu freisin, is dóigh, gur ag cabhrú leis an teanga féin a bheadh na leabhráin a bhí i gceist ag Tadhg. Fiú agus é ag aistriú leabhar Whately ar chúrsaí airgid agus gnó (Reidh-leighion air ghnothuibh cearba) rinne sé a dhícheall daoine a spreagadh chun na léitheoireachta: ‘In addition to this work I have added some appropriate poetry in the translation, to exercise the reader and prepare him for the study of a more complete Prosody, now in the press, and necessary both for metrical works now in preparation and for the public at large.’ Ba iad na dánta iad: ‘B’aoibhinn bheith a mBinn Éadair’, ‘Sé an t-each bán an t-aileach aoibhinn luath’, ‘Iomdha sgaith is fáith sa Mhumhain’, ‘Inis fa réim i gcéin san iarthar tá’. Bhí Whately imníoch i dtaobh an aistriúcháin agus rinne cigireacht: ‘To insure correctness he required the reader to retranslate to him what he had written line by line. He observed that the man as he read turned sometimes two pages at a time. The text went on correctly, but his quick eye perceived that something was written on the intervening leaves. He insisted on knowing what it was and at last extorted an explanation. “Your grace, me and my comrade conceived it was mighty dry reading, so we just interposed now and then a bit of a poem to help it forward Your Grace”.’ (J.A. Froude, The English in the West Indies, i gcló in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1898 agus ag Tomás Ó hAilín).

Chaith sé na blianta deiridh i dteach a nia i bparóiste na Scríne i Sligeach agus d’éag ann 27 Iúil 1854. Tá a phortráid le James Northcote i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá aiste dar teideal ‘Unruly scenes at Graveside’ ag John McTernan in Olde Sligoe (1995). Bhí iarrtha ag Tadhg go gcuirfí é in éineacht lena mhuintir i seanreilig Theampall Baoith. Chun trioblóid a sheachaint shíl a mhuintir gurbh fhearr é a chur sa reilig Phrotastúnach i Scrín, mar a raibh an tUrramach Edward Nangle, ‘aspal Acla’, ina reachtaire. Tá cuntas Nangle i gcló ag McTernan. Dúirt sé go raibh na sochraidigh ólta agus gur chuir siad an corp isteach san uaigh agus gach dícheall á dhéanamh acu chun nach léifeadh sé an tseirbhís. Chuala sé iad a rá ‘Ashes to ashes, dust to dust, if God does not take him, the devil must’. ‘They uttered horrid blasphemies against the burial service and threatened the Rector with personal violence.’ I gcúirt ar 5 Deireadh Fómhair tugadh fianaise in aghaidh cúigir, ar ghaolta le Tadhg triúr díobh. Phléadáil siad ciontach agus ligeadh saor iad. Níl a fhios inniu cá bhfuil uaigh Thaidhg sa reilig.

Is léir ar chur síos a rinne Seán Ó Donnabháin ar mháistir scoile i Sligeach in 1836 go raibh idir chion agus, b’fhéidir, lagmheas aige ar Thadhg: ‘He is a protestant as to his religion, resembles Thady Connellan in the rotundity of his body and in that very agreeable tranquillity of disposition and soft roundness of Connaught Bloss which renders Thady so acceptable to the English Bullocks and so capable of slewdering their money from them for the purpose of giving the bread of life to the starving peasantry of Ireland; this schoolmaster is in fact the Aithghin of Thady in every particular, a perfect specimen of a good natured Irish protestant who is too well acquainted with the doctrines and faults of both religions to be at all a bigot or a zealot’ (sliocht as Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Sligeach, 1836 i gcló ag Ó hAilín). D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge eagrán Sheosaimh Laoide dá ghraiméar in 1906 faoin teideal Gramadach dhá-theangach; deir R.I. Best (Bibliography of Irish philology and of printed Irish literature to 1912, 1913) gurb é atá ann an graiméar atá in Litir an Ríogh a nGaoidheilge, ó Shaicsbhearla. The King’s letter translated into Irish; with a grammatical introduction to the Irish language, and reading lessons for the use of His Majesty’s Irish subjects (1821).

Ní fáidh fear ar a tháirseach féin. B’as Tír Fhiachrach freisin don staraí mór, an Dubhaltach Mac Fhir Bhisigh (c.1600-71) agus is aisteach le Nollaig Ó Muraíle (The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-71), 1996) nach luann Thady an t-ársaitheoir cáiliúil seo beag ná mór in aon cheann dá leabhair; luann sé mar fháth leis, b’fhéidir, Thady a bheith tráth faoi choimirce mhuintir Crofton, ar dhuine díobh, Tomás éigin, a dhúnmharaigh an Dubhaltach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú