Tá sé le háireamh ar cheannairí na gluaiseachta a d’fhéach le heolas ar na Scrioptúir agus le hoideachas reiligiúnach, mar a shíl siad féin, a leathadh i measc phobal na Gaeilge. In Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é 15 Iúil 1778. Leifteanantchoirnéal a athair Henry agus iníon leis an daonchara mór Bartholomew Mosse, bunaitheoir Ospidéal an Rotunda, ba ea a mháthair Jane. Cuireadh oideachas air i gCúil an tSúdaire agus i gColáiste na Tríonóide. Rinne abhcóide de in 1800 ach níor chleacht an cheird riamh. In 1812 d’iarr Coimisinéirí na dTaifead Poiblí air dréachtchlár de na lámhscríbhinní i gColáiste na Tríonóide a ullmhú agus d’fhostaigh sé Éadbhard Ó Raghallaigh chun cur síos ar na cinn Ghaeilge (an réamhrá a cuireadh le Catalogue of the Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin, 1921 compiled by T.K. Abbott and E.J. Gwynn). Dhíol sé an dréacht leis an gColáiste in 1837. Toghadh ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é in 1812 agus ceapadh é ina phríomhleabharlannaí sna King’s Inns.

In 1818 bhunaigh sé féin agus an tUrr. Robert Daly an Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of their Own Language agus bhí ina rúnaí air ar feadh i bhfad. Deir Risteárd Giltrap in An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann (1990): ‘Mar chruthú doshéanta ar leatrom ciniciúil na n-údarás i leith na teanga, féach scrúdú Henry Monck [Mason] LLD, Rúnaí an Irish Society, agus é faoi mhionn ar 22 Eanáir 1825. Nuair a fiafraíodh de cad ba chuspóir don Chumann d’fhreagair sé nach raibh ann mar chuspóir ach úsáid as oideachas trí Ghaeilge chun na scrioptúir a chur i lámha na ndaoine. Arís nuair a fiafraíodh de an raibh sé mar chuspóir aige an Ghaeilge a athbheochan nó a leathnú d’fhreagair sé nach raibh in aon chor agus gur bhreá leis an Ghaeilge a dhíothú nuair a chuir sé leas a thíre san áireamh (Aguisín Uimh. 250 an Chéad Tuarascáil ó Choimisinéirí Oideachais na hÉireann).’

Tá na difríochtaí idir an Irish Society agus an London Hibernian Society for Establishing Schools and Circulating the Holy Scriptures (a bunaíodh in 1806) pléite ag Pádraig de Brún in Folia Gadelica: essays presented to Prof. R.A. Breatnach,1985). Deir sé: ‘For the Irish Society . . . the case for “vernacular education”, as it was called, was simply that thousands of Irish-speakers could most effectively be taught the word of God by reading or hearing the Scriptures in their own language: to attempt to teach them English first was absurd; even those who knew a little English associated that language with Protestantism and would be less suspicious of a missionary campaign using Irish; experience elsewhere suggested that those who had first learned to read Irish were likely to progress to a knowledge of English. (The Society had nevertheless had difficulty in discouraging the teaching of English before Irish in its early years).’

Deirtear in Dictionary of National Biography: ‘Mason possessed much general knowledge and an extremely good opinion of himself. But he wrote on some subjects with which he was imperfectly acquainted, and his want of tact made him many enemies.’ D’fhoilsigh sé Grammar of the Irish Language, compiled from the best authorities in 1830 (rinne R.I. Best botún in Bibliography of Irish philology nuair a chuir sé an dáta 1834 leis; ní bhíonn saoi gan locht). D’admhaigh sé ann nach raibh eolas aige ar an teanga labhartha. Ba bheag aird a thabharfaí ar an leabhar murach gur cháin sé in 1833 leabhar urnaí a bhí tagtha ó Owen Connellan agus gur ionsaigh sé Thady Connellan ag an am céanna. Liostaigh Owen na botúin go léir a bhí ina ghraiméar agus san eagrán póca de Bhíobla William Bedell a raibh lámh ag Mason ann. Thacaigh Seán Ó Donnabháin leis an gCoinníollánach.

Ba é ba mhó faoi deara gur bunaíodh cathaoir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in 1838. Bhunaigh sé péire scoláireacht i gcuimhne William Bedell (1571-1642). Tá a shaothar foilsithe liostaithe in DNB. Is é an leabhar leis is mó ar a raibh meas Essay on the Antiquity and Constitution of Parliaments in Ireland (1820). Athfhoilsíodh é in 1891 le réamhrá ón gCanónach John O’Hanlon. Scríobh sé The life of William Bedell (1843) agus Memoir of the Irish version of the Bible (1854). Bhí spéis ar leith aige i leasú chóras na bpríosún. Dordveidhleadóir agus cumadóir ceoil ba ea é. D’éag sé i gceantar Bhré, Co. Chill Mhantáin, 14 Aibreán 1858. B’fhurasta drochmheas a chaitheamh air inniu ach, ag lua nach raibh iontráil ina thaobh ag Alfred Webb in A compendium of Irish biography (1878), scríobh O’Hanlon faoi in 1891: ‘The solid acquirements and natural abilities of Henry Monck Mason were usefully exercised during life; nor was he particularly solicitous to receive that meed of praise or recognition a grateful country should owe to her distinguished sons.’

Bailitheoir mór leabhar a dheartháir William (1775-1859). Tá cuntas in The Irish Book Lover, Eanáir 1916 ar an dá cheant a cuireadh ar a bhailiúchan, in 1834 agus 1852; i measc na lámhscríbhinní bhí Beatha Aodh Rua Uí Dhomhnaill, Leabhar Fhear Muighe, Leabhar Mhic Phartholáin, Iomarbhágh na bhFileadh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú