Seo é an ministir Protastúnach is mó, b’fhéidir, a raibh drochmheas air ag Caitlicigh toisc gur iompaigh sé; ‘Tomás an Éithigh’ a thugtaí air. Tá cuntas air in Aghadoe clergy and parishes, 1940 ag James B. Leslie. Rugadh é ar 18 Márta 1813. Feirmeoir i gceantar an Daingin ba ea a athair Denis. Ba í Margaret Griffin a mháthair. Cuireadh oideachas air i scoileanna áitiúla. Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a thug beirt mhinistrí ón Irish Home Mission cuairt ar an Daingean. Thug siad seanmóir Gaeilge i dTeach an Mhargaidh. Bhí Tomás agus gasra ógánach i bhfolach sa tseomra agus é beartaithe acu achrann a dhéanamh. Chuaigh a raibh á rá ag duine de na ministrí seo, John Gregg, Gaeilgeoir líofa ó Chontae an Chláir, go mór i gcion ar Thomás. D’iompaigh sé ina Phrotastúnach cúpla bliain ina dhiaidh sin agus chuaigh isteach i gColáiste na Tríonóide in 1833. Oirníodh ina mhinistir é in 1838.

Bhí baint aige leis an Irish Society agus le cabhair ó Henry Joseph Monck Mason ceapadh ina mhisinéir é. Chaith sé tamall i nDún an Rí, Co. an Chabháin. Nuair a d’fhill sé ar an Daingean bhunaigh sé coláiste ann chun Gaeilgeoirí a ullmhú le bheith ina ministrí. Ó 1839 amach bhí sé ag obair i bFhionntrá agus ar fud an chontae. Chuir sé bonn dúchasach faoin ngluaiseacht. Deir Micheál Ó Mainín: ‘Cranntaca don ngluaiseacht Phrotastúnach ab ea Parson Moriarty. Bhí a mhuintir go maith as agus ní fhéadfaí a chur ina leith gur le “dúil i súp” a d’iompaigh sé. Bhí beirt dearthár dó agus a mhac ina ministrí chomh maith. Bhí pearsantacht, éirim aigne agus blastacht cainte ag Tomás, ach bhí beagán den mbladhmann aige leis—“Tomás an Éitigh” a bhaisteadh an pobal Caitliceach go cotianta air’ (‘Achrann Creidimh’ in Céad Bliain 1871-1971, in eagar ag Micheál Ó Ciosáin,1973). I rith an Ghorta tháinig idir shagairt agus mhinistrí le chéile chun cuidiú leis na boicht agus bhí Tomás ag obair go dícheallach ag roinnt praisí ar na daoine, ba chuma ar Chaitlicigh nó Protastúnaigh iad. Deir Ó Mainín gur tháinig meath ar an ngluaiseacht in 1846 nuair a d’eagraigh Ord Naomh Uinseann misean seacht seachtaine sa Daingean, ceann de na céad mhisin dár thug aon ord rialta in Éirinn. Chaith Tomás 24 bliana ag obair i gContae Chiarraí, tamall ina churáideach i nDún Chaoin, ina reachtaire i dTrá Lí in 1862-69 agus anuas go 1879 i mBaile na Cúrta. Phós sé Matilda Bailey ó Chontae Chill Chainnigh agus rugadh ceathrar mac agus seisear iníonacha dóibh. D’éag sé i dTrá Lí ar 26 Aibreán 1894. Tá taibléad i gcuimhne air san eaglais ansin agus tá le léamh air gur bhronn Ollscoil Bhaile Átha Cliath céim Dochtúra le Diagacht air de bharr ‘his distinction as an Irish scholar’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú