Maítear gurbh é a bhunaigh an chéad leabharlann phoiblí in Éirinn. Bhí páirt aige i gcur chun cinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus baint mhór aige le foilsiú an tSean-Tiomna i 1685: ba é a cheannaigh lámhscríbhinn William Bedell. Tá cuntas air: in Dictionary of national biography; in Some worthies of the Irish Church, 1900 le George Thomas Stokes; in I bprionta i leabhar: na Protastúin agus prós na Gaeilge 1567–1724, 1982 le Nicholas Williams; in All graduates gentlemen: Marsh’s library, 1980, le Muriel McCarthy. Ar 20 Nollaig 1638 a rugadh é in Hanington, Wiltshire, mar a raibh eastát beag ag a athair William. Grace Collard a bhí ar a mháthair. I litreacha Naomh Pól a d’aimsigh William an t-ainm Narcissus agus ainmneacha na ndeartháireacha, Onesiphorus agus Epaphroditus (McCarthy). Bhain sé céim mháistir in Oxford 1660 agus oirníodh é 1662. Bronnadh dochtúireacht le diagacht air 1671. Briseadh as post in Swindon é nuair nach bpósfadh sé an bhean a bhí ceaptha dó ag an easpag. D’fhan sé ina bhaitsiléir ar feadh a shaoil. Bhí Diúc Urmhumhan, Seansailéir Oxford, mar phátrún aige agus d’éirigh leis a bheith ina Phropast i gColáiste na Tríonóide in Eanáir 1679. Deir Stokes: ‘He devoted himself to his work, especially to the development of Celtic studies and a knowledge of the Irish tongue and of the Irish Bible and Prayer Book.’ Ba é a d’fhéach chuige gur ceapadh Pól Ó hUiginn mar mhúinteoir Gaeilge sa choláiste i dtreo go bhfoghlaimeodh na Gaeilgeoirí a bhí i measc na mac léinn léamh, scríobh agus gramadach na Gaeilge; deirtear gurbh as a phóca féin a d’íocadh sé an tUiginneach. Bhíodh seirbhís mhíosúil i nGaeilge ar siúl sa choláiste agus scata mór ag freastal uirthi. ‘Marsh as Provost himself set a fine example by attending both lectures and sermons’ (McCarthy).

Is toisc nach raibh cead isteach ag an bpobal i leabharlann an Choláiste a bhunaigh sé an institiúid a dtugaimid Leabharlann March inniu uirthi. Ar £2,000 cheannaigh sé leabharlann an Easpaig Stillingfleet; mhéadaigh sé an cnuasach agus cuir ar fáil é i bhfoirgneamh i ngairdín Naomh Sepulchre in aice le hArdeaglais Phádraig. Bhí údar Some worthies of the Irish Church, Stokes, ina choimeádai ann agus tugann sé cuntas ar a raibh de leabhair ann. Tá leabharlann Marsh féin ann agus baineann cuid nach beag de na leabhair ann le léann agus teangacha an domhan thoir: d’fhág sé cuid mhaith den chineál céanna ag Leabharlann Bodley in Oxford. Tá ann freisin lámhscríbhinní i dtaobh stair na hÉireann ar le Dudley Loftus (1619–95) iad tráth. Is ag Muriel McCarthy atá an cuntas is cuimsithí.

Cé gurbh fhear léannta é féin níor lig a chúraimí am dó aon rud a scríobh seachas roinnt aistí. Deir Walter Alison Phillips in History of the Church of Ireland from the earliest times to the present day, Vol. III, The modern church, 1933: ‘Though he found time to establish and endow the first public library in Ireland, that which still bears his name in the city of Dublin, no notable work from his own pen adorns its dignified shelves. He seems to have been so overwhelmed with the day’s work, much of it purely secular, that there was no time left for scholarship, and probably but little for the administration of his spiritual charge.’ Ceoltóir ba ea é agus scríobh sé aiste dar teideal ‘Essay touching the sympathy between lute or viol strings’. Fear ioldánach ba ea é: bhí baint aige i 1682 leis an atlas mór a bhí beartaithe ag Moses Pitt: bhí sé tugtha don mhatamaitic agus bhí saineolas aige ar fheithidí agus ar an bhfuaimeolaíocht; agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Dublin Philosophical Society, cumann eolaíochta agus réamhtheachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann.

I 1683 ceapadh é ina easpag ar Fhearna agus Leithghlinn. I 1689 theith sé nuair bhraith sé go raibh Caitlicigh ag bagairt trioblóide air, ach d’fhill sé i ndiaidh cath na Bóinne. I 1691 d’fhéach Rí Liam chuige go bhfaigheadh sé ardeaspagóideacht Chaisil ach d’fhan sé ina chónaí i mBaile Staplóg in aice le Ceatharlach. Aistríodh é go Baile Átha Cliath i 1694 agus i 1703 go hArd Mhacha. Bhí sé ina Thiarna Giúistís go minic agus baint aige dá réir sin le billí a ullmhú don pharlaimint; ba phéindlíthe cuid díobh ar ball; ní róchneasta a chaitheadh sé ach oiread le Preispitéirigh agus Úinitéirigh. Bhí gráin shaolta ag Swift air. D’éag sé ar 2 Samhain 1713 and cuireadh é i dtuama in Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath. In 1820, ina theach samhraidh, ‘Violet Hill’, i bhFionnghlas, thángthas ar a chomhfhreagras le Robert Boyle i dtaobh fhoilsiú an tSean-Tiomna agus cúrsaí eile agus tugadh do Henry Joseph Monck Mason é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú