File, cruitire, cara le Cathal Ó Conchubhair agus le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. I bparóiste an Mhullaigh, Co.an Chabháin, a rugadh é agus is i gCillín Chéir, paróiste atá teorainneach leis an Mullach, atá sé curtha. Ba é a chum an marbhna ar Chearbhallán a chuir Charlotte Brooke, James Hardiman, Thady Connellan, Seosamh Laoide agus George Sigerson i gcló. Ag Donal O’Sullivan (The Life Times and Music of an Irish Harper, 1958) atá an cuntas is faide air, cé go mbaineann an chuid is mó de leis na cleasanna magaidh a d’imríodh an bheirt cheoltóirí ar a chéile agus leis an imeartas focal a dhéantaí ar a ainm agus ar a shloinne (mar shampla ‘Tá m’ainm faoi mo thóin agus mo shloinne idir mo dhá shlinneán’). Glactar leis gurbh ó Chontae an Chabháin dó. Cé gur chruitire é agus gurbh fhearr d’fhile é, b’fhéidir, ná Cearbhallán, níor chum sé ceol. Tá beagán dá dhánta, na cinn a raibh baint ag Cearbhallán leo, i gcló ag Tomás Ó Máille in Amhráin Chearbhalláin, 1916. Liostaíonn O’Sullivan na lámhscríbhinní sa Leabharlann Náisiúnta agus san Acadamh Ríoga a bhfuil cibé eile dá dhánta iontu. Tá na véarsaí sciolladóireachta a cheap siad ar a chéile in eagar ag O’Sullivan. Is é an cleas magaidh a d’imir Mac Cába ar Chearbhallán ba chúis leis an marbhna a chum seisean air; casadh ar a chéile iad in aice le reilig Fhíonach i Liatroim agus ní raibh a fhios ag Cearbhallán cé a bhí aige agus d’fhiafraigh de cad iad scéala na dúiche. D’fhreagair Cathaoir go rabhthas faoi bhrón i ngeall ar bhás an chruitire shiúlaigh Cathaoir an tsiansa Mac Cába. Threoraigh sé an dall chun na huaighe agus is ann a chum Cearbhallán an marbhna a bhfuil eolas go forleathan ar véarsa de: ‘Ní cathaoir mar chathaoir an Cathaoir fó gcaoinim, / Ach Cathaoir ba thaitneamhaí ná cathaoir na ríthe. / Níor shuígh Cathaoir i gcathaoir ó chaitheamh an díle / Ba thaitneamhaí ná mo Chathaoir, ‘sé Cathaoir a “tsians” é’. Ba dhóigh le James Hardiman (Irish Ministrelsy..., 1831) gur mhair sé tamall fada i ndiaidh Chearbhalláin, gur shaothraigh sé a bheatha mar mhúinteoir agus go bhfuair bás agus é ar an ngannchuid.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú